Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
Cá bhfuil tú an t-alt seo á léamh agat? An bhfuil tú ag do dheasc in oifig, nó ar do chompord sa bhaile? Agus má tá tú i d’ionad oibre, an bhfuil a fhios ag d’fhostóir go bhfuil tú ar an idirlíon? Sin ceist gur gá de níos mó agus níos mó oibrithe a chur orthu féin toisc go bhfuil comhlachtaí - agus dlíodóirí - ag cur spéise sa cheist cheannann chéanna.
Dar le suirbhé a rinne an comhlacht Amárach Consulting níos luaithe i mbliana, bíonn trian de na daoine fásta a bhíonn ag baint úsáide as an idirlíon in Éirinn á úsáid fhad is atá siad ag obair - sin os cionn 300,000 duine. Deir céatadán suntasach de na daoine sin go mbíonn srian curtha ar úsáid an idirlín fhad is atá siad ag obair - nó go mbíonn an fostóir ag coimeád súil orthu i slí éigin le linn dóibh a bheith ar líne.
Fhad is a bhí an clár teilifíse Big Brother á chraoladh ar Channel 4, chaith cuid mhaith oibrithe tréimhsí fada ag féachaint ar shuíomh gréasáin an chláir sin - rud a chosain thart ar Stg£300,000 ar fhostóirí gach lá, dar le taighde a rinne Websense. Go híorónta, tá brú anois ar fhostóirí feidhmiú mar “Dheartháir Mór” agus féachaint go géar thar ghualainn a gcuid oibrithe. Is toisc go bhfuil airgead á chailliúint go bhfuil fostóirí ag cur spéise san ábhar seo le gairid. Ní hamháin go gcosnaíonn sé airgead an t-idirlíon a chur ar fáil in oifig, ach má bhíonn daoine á úsáid in ionad a bheith ag obair tagann laghdú mór ar tháirgiúlacht na n-oibrithe. Bíonn fadhbanna dlí i gceist freisin - ábhar atá i bhfad níos tromchúisí toisc go ndéantar damáiste fadtéarmach d’ainm agus do sparán na heagraíochta.
Go deimhin, bíonn 70% d’úsáid suíomh pornagrafaíoch ag tarlú le linn uaireanta an chloig oibre, dar le Websense. Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach. Bíonn fadhbanna móra le saghsanna eile pornagrafaíochta freisin; bhuaigh bean i Sasana cás i gcoinne a fostóra toisc go raibh a comhghleacaithe fir ag féachaint ar phornagrafaíocht ar an idirlíon go rialta.
Rudaí dleathacha
Ar ndóigh, bíonn daoine ag déanamh gnáthrudaí dleathacha ar an idirlíon freisin - ag cur eitiltí in áirithe, ag ceannach leabhar agus ag seiceáil a sonraí bainc, mar shampla. Deir roinnt daoine go sábhálann an saghas sin úsáide airgead ar an bhfostóir toisc nach gá do na hoibrithe an oifig a fhágaint chun a ngnó a dhéanamh.
Bíonn cuid mhaith fadhbanna ag baint le húsáid ríomhphoist freisin - agus go háirithe leis na cineálacha ceangaltáin a scaiptear go minic. Go deimhin, bhí ar an Chevron Corporation i Meiriceá os cionn dhá mhilliún dollar a íoc le ceathrar ban sa chomhlacht toisc gur maslaíodh iad nuair a cuireadh teachtaireacht ríomhphoist thart ag tabhairt cúiseanna go raibh beoir níos fearr ná mná. Agus, in Éirinn, bhí ar chomhlachtaí ar nós Intel agus IBM feidhmiú i gcoinne daoine a bhí ag baint mí-úsáide as na seirbhísí idirlín agus ríomhphoist san oifig. Ar ndóigh, ní i gcomhlachtaí amháin a bhíonn na fadhbanna seo - in ollscoileanna, go háirithe, caithfear a chinntiú nach bhfuil aon dlíthe á sárú ag úsáideoirí agus nach bhfuil táillí na mac léinn ag íoc as caitheamh aimsire ar-líne mionlaigh.
Léiríonn na cásanna seo ar fad gur gá do chomlachtaí súil a choimeád ar an méid atá ar bun ag a gcuid oibrithe - nó go mbeidh siad féin thíos leis. Is fiú do chomhlachtaí polasaí cinnte a bheith acu maidir le húsáid an idirlín agus an chórais ríomhphoist chun go mbeidh sé soiléir do gach aon duine cad iad na rialacha atá i bhfeidhm.
Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d’fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne. B’fhéidir go raibh eagla orthu go mbeadh daoine á léamh nuair ba cheart dóibh a bheith ag obair.
Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, a oibríonn le Microsoft Word, foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.