CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An turscar: crá croí na cumarsáide
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu siúd a sheolann teachtaireachtaí spam chuig gutháin shoghluaiste agus tríd an ríomhphost, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
An t-imreoir sacair David Beckham
Íomhá
Íomhá

Tá an chuma ar an scéal go mbaineann David Beckham taitneamh as teachtaireachtaí téacs a fháil ar a ghuthán soghluaiste, dar leis na scéalta a bhí i nuachtáin áirithe le déanaí. Ach cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an taitneamh atá le baint as an saghas sin cumarsáide? Agus nílim ag caint ar cheisteanna morálta - tá fadhb níos mó ná sin ag teacht chun cinn anois: fógraí. Fógraí gan choinne chun a bheith cruinn faoi. Tá níos mó agus níos mó fógraí á seoladh ag comhlachtaí chuig gutháin shoghluaiste gan choinne. Is saghas nua spam é seo - agus tá an feiniméan sin tar éis an taitneamh a bhíodh ag baint le teachtaireachtaí ríomhphoist a scrios cheana féin.

Tá na fógraí ríomhphoist sin mar chuid chomh lárnach sin den saol ríomhaireachta go bhfuil téarma oifigiúil Gaeilge ann do *spam *anois agus é i gcló in *Foclóir Fiontar *(áis iontach atá lán de théarmaí nua-aimseartha, a foilsíodh le déanaí). “Turscar” an focal a mholtar ansin chun cur síos a dhéanamh ar na teachtaireachtaí ríomhphoist seo atá ag líonadh ár mboscaí ríomhphoist.

Bhí am ann gur bhain daoine sult as an ríomhphost a sheiceáil ar ríomhaire. Bhíodh sceitimíní ar dhaoine nuair a phreabadh fuinneog bheag aníos ar an scáileán leis an bhfógra deas “You have new mail”. Chiallaíodh an fhuinneog sin go raibh duine éigin eile ag smaoineamh ort. Chiallaíodh sé go raibh cairde agat - nó ar a laghad daoine a bhí ag iarraidh dul i dteagmháil leat. Ach anois athraíonn na sceitimíní sin go díomá laistigh de chúpla nana-shoicind nuair a fheictear nach bhfuil ann ach fógra uathoibríoch ó ríomhaire éigin.

Ceann de na míbhuntáistí a bhíonn ag baint le bheith ag obair sa tionscal teicneolaíochta ná go mbíonn do sheoladh ríomhphoist ar shuímh ghréasáin - áit ar féidir le daoine a sheolann turscar teacht air. Faighim féin thart ar 50 teachtaireacht turscair gach lá, rud a chiallaíonn go mbíonn drogall orm mo ríomhphost a sheiceáil tar éis dom a bheith as baile. Ní bhíonn romham ach roinnt teachtaireachtaí cearta agus cúpla céad fógra - gach ceann acu níos gáirsiúla agus níos amaidí ná a chéile.

Ach tá faoiseamh áirithe faighte agam le déanaí toisc go bhfuil scagaire in úsáid agam chun an turscar a aithint agus a chur ar leataobh. Ar ríomhairí Apple Mac OS X tá scagaire mar chuid den chlár breá ríomhphoist Mail ach is féidir ceann cosúil leis a fháil do chláir ríomhphoist eile go héasca. Go deimhin, tuigeann comhlachtaí ríomhaireachta go bhfuil airgead mór le déanamh as daoine a “chosaint” ón turscar agus tá siad ag cur seirbhísí nua frith-thurscair ar fáil. Mar shampla, mura gceapann tú go bhfuil tú ag tabhairt go leor airgid do eircom cheana féin, is féidir cúpla euro breise a íoc leo gach mí agus geallann siad go scagfaidh siad do theachtaireachtaí ríomhphoist duit. Ar ríomhairí Linux, is féidir an córas Spam Assassin a úsáid agus tá scagairí bunaithe ar an gcóras sin ar fáil do Windows freisin.

Fógraí á n-athrú

Is cabhair mhór iad na scagairí turscair seo ach tá na daoine a sheolann spam ag déanamh gach iarracht an ceann is fearr a fháil ar na córais seo. Sa chaoi chéanna go bhfuil cruthaitheoirí víreas i gcónaí ag athrú a gcuid víreas chun teacht timpeall ar bhogearraí frithvíris, tá na fógraí *spam *á n-athrú freisin. Agus tá spreagadh mór ann do na hathruithe seo, ar ndóigh: airgead. Creid é nó ná creid, tá airgead le déanamh as an turscar - tá céatadán áirithe daoine ann a fhreagraíonn na fógraí sin. Is céatadán an-bheag é ach ní thógann sé i bhfad 25,000,000 teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh amach agus, má fhaigheann tú freagra ó scata beag daoine, is fiú é a dhéanamh. Anuas air sin, tá teachtaireachtaí á scaipeadh anois atá ag mealladh custaiméirí na mbanc mór chuig suímh ghréasáin bréige. Ar na suímh sin iarrtar orthu a n-eolas pearsanta, ainm úsáideora agus pasfhocal, mar shampla, a chlóscríobh isteach i bhfoirm - agus ansin goidtear airgead as a gcuntas bainc ar líne.

I measc na seifteanna atá ag na daoine a sheolann turscar tá teachtaireachtaí bána a chuireann dallamullóg ar scagairí, agus an líne ábhair a líonadh le focail atá litrithe go mícheart chun nach n-aithneoidh an scagaire cad atá á fhógairt. Mar shampla, is minic go mbíonn téacs ar nós “V@iagra” nó “Pres*cription Drug/s” sa líne ábhair toisc gur féidir leis an tsúil na focail a thuiscint go héasca ach tá sé i bhfad níos deacra do chlár ríomhaireachta na focail sin a aithint. Cleas eile a bhíonn i gceist ná liosta mór fada d’fhocail ó fhoclóir a chur ag bun na teachtaireachta. Oibríonn an cur chuige seo toisc go ndéanann an scagaire amach go bhfuil i bhfad níos mó “gnáthfhocal” sa teachtaireacht ná focail amhrasacha agus mar sin gur chóir ligean don teachtaireacht dul tríd.

An rud is mó a stop an turscar ar ghutháin shoghluaiste go dtí seo ná an costas a bhain le teachtaireachtaí téacs a sheoladh. Ach tá daoine ag teacht ar shlite chun seo a sheachaint anois agus tá na costais ag titim go leanúnach.

B’fhéidir nach fada uainn an lá go mbeidh muid go léir ag leanúint shampla David Beckham agus ag gearradh siar ar an úsáid a bhaineann muid as teachtaireachtaí téacs.

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí, agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.