CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An sean agus an nua - an teicneolaíocht ag cabhrú leis na seandálaithe
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Stonehenge i Sasana
Íomhá
Achaidh Chéide i gContae Mhaigh Eo

Tháinig seandálaithe ar íomhánna nua a bhí greanta i gclocha Stonehenge i Sasana le déanaí trí úsáid a bhaint as léasair - ach tá an teicneolaíocht nua-aimseartha á húsáid chun rúin seandálaíochta a thabhairt chun solais le fada an lá.

Bhí a fhios ag seandálaithe le roinnt blianta anuas go raibh na híomhánna ar chlocha Stonehenge, ach mar gheall ar an gcreimeadh a tháinig ar na clocha ó na 1950í i leith ní raibh siad le feiceáil go soiléir. Trí úsáid a bhaint as léasair le cumhacht íseal, bhí na seandálaithe in ann íomhá 3D de dhromchla na gcloch a chruthú gan damáiste a dhéanamh dóibh (tá cur síos ar an taighde seo ar shuíomh gréasáin an BBC ag http://news.bbc.co.uk. Is leagan nua-aimseartha é seo d’úsáid cailce agus páipéir chun an scríbhneoireacht atá greanta i gclocha (i reilig, mar shampla) a dhéanamh níos soiléire. Leis an modh léasair nua-aimseartha seo, bhí na seandálaithe in ann teacht ar dhá íomhá de chinn tua nach bhféadfaí a fheiceáil leis na súile amháin.

Tá teicneolaíocht suas chun dáta á húsáid ag seandálaithe ina gcuid oibre le fada. Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear. Anuas air sin is féidir láthair nua seandálaíochta a aimsiú trí ghrianghraif a thógáil ón aer agus féachaint go mion ar an tírdhreach. Bhíodh éifeacht na ngrianghraf sin ag brath ar chaighdeán an tsolais ar an lá a thógtaí iad, ach anois is féidir úsáid a bhaint as bogearraí cumhachtacha chun na híomhánna a fheabhsú. Mar shampla, i ríomhchláir ar nós Adobe Photoshop (www.adobe.com/) agus The Gimp (www.gimp.org/) is féidir na socruithe codarsnachta sna pictiúir a athrú agus píosaí de na pictiúir a mhéadú chun gné faoi leith a dhéanamh níos soiléire.

Fisiceoirí

Tá seantaithí ag eolaithe ar úsáid a bhaint as bogearraí chun an t-eolas in íomhánna a dhéanamh níos soiléire agus patrúin a thabhairt chun solais. Mar shampla, baineann fisiceoirí a bhíonn ag déanamh taighde i réimse na nana-theicneolaíochta úsáid as ríomhchláir chun anailís a dhéanamh ar na patrúin ar dhromchlaí criostail. Tá ríomhchlár ar a dtugtar WsxM curtha ar fáil saor in aisce ag an gcomhlacht Nanotec www.nanotec.es sa Spáinn a chuireann dathanna bréige isteach in íomhánna agus a chruthaíonn macasamhail 3D d’íomhánna ó mhicreascóip.

Is féidir na teicnící céanna seo a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ghrianghraif atá glactha cheana féin, nó go fiú chun téacs doiléir i lámhscríbhinní a thabhairt chun solais. Mar shampla, tá a lán leathanach ó lámhscríbhinní curtha isteach ar ríomhairí le scanóirí mar chuid den tionscadal Meamram Páipéar Ríomhaire ISOS - www.isos.dcu.ie. Is féidir teacht ar na híomhánna sin ar an idirlíon agus d’fhéadfaí iad a phróiseáil chun an scríbhneoireacht iontu a dhéanamh níos soiléire.

Roinnt blianta ó shin, chuaigh Seamus Caulfield timpeall phortaigh Mhaigh Eo ag brú polladh iarainn isteach sa talamh chun teacht ar chlocha faoin talamh. De réir a chéile, rinne sé léarscáil de láthair na gcloch agus is mar sin a tháinig sé ar an gcóras goirt is sine ar domhan - Achaidh Chéide. Na laethanta seo tá raon leathan de theicnící geoifisice in armlón na seandálaithe, agus cabhraíonn siad leo tuiscint níos iomláine a fháil ar shuíomh faoi leith. Tá na príomhtheicnící sin feicthe go minic ag aon duine a bhíonn ag leanúint na sraithe “Time Team” ar Channel 4 www.channel4.com/history/timeteam. Le trealamh a bhaineann úsáid as radair, maighnéid agus friotachas chun clocha agus píosaí iarainn a aimsiú faoin talamh, tá siad tar éis teacht ar gach cineál ruda, ó fhoirgnimh Rómhánacha go heitleáin ón Dara Cogadh Domhanda.

Brú ama

Bíonn ar na seandálaithe obair a dhéanamh go minic na laethanta seo faoi bhrú mór ama toisc go mbíonn conraitheoirí tógála ag fanacht ar a gcuid torthaí sula dtéann siad féin i mbun oibre. Tá go leor conspóide ag baint leis na bóithre nua ar fad atá á dtógáil in Éirinn, toisc go ndeir roinnt caomhnóirí go bhfuil damáiste á dhéanamh ag na bóithre seo d’oidhreacht seandálaíochta na tíre. Chun teacht timpeall ar an gcoimhlint idir forbairt ar bhóithre nua agus caomhnú na hoidhreachta, fostaíonn eagraíochtaí stáit seandálaithe chun taighde a dhéanamh ar na láithreacha trína mbeidh na bóithre á dtógáil. Is cabhair mhór iad na teicnící geoifisice chun an próiseas seandálaíochta a thapú agus na láithreacha tábhachtacha a aithint.

Go deimhin, tá seandálaithe ar fud na hÉireann an-tógtha leis an raon modhanna teicneolaíochta atá ar fáil dóibh. Bíonn irisí ar nós Archaeology Ireland www.wordwellbooks.com/publisher.php?Publishers=Archaeology+Ireland breac le híomhánna snasta ó ríomhairí, mar aon le fógraí ó chomhairleoirí seandálaíochta a bhfuil saineolas acu ar an trealamh nua-aimseartha ar fad. Is féidir blas beag d’úsáid na teicneolaíochta sa tseandálaíocht a fháil gach samhradh ag an Achill Archaeological Field School (breis eolais ag www.achill-fieldschool.com/, áit a mbíonn gléasanna leictreonacha á n-úsáid chun an fad idir rudaí a thomhas. Is mar chuid den chóras “Total Station” a úsáidtear an trealamh sin, agus tá cur síos simplí ar an gcóras ag www.indiana.edu/~swasey/matrix/afm/afm_station.htm

Is léir go bhfuil cuid mhaith athruithe tagtha i bhfeidhm ó thosaigh daoine ag dul timpeall na bportach le maidí iarainn - anois tá an teicneolaíocht is nua ag cabhrú linn tuiscint úr a fháil ar na rudaí is sine atá timpeall orainn.

Is é Diarmaid Mac Mathúna (www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise: www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.