CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Seoltaí solúbtha
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

slite éagsúla ann chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le fear siúlach a bhaineann úsáid as an ríomhphost go minic, an craoltóir Manchán Magan, faoin gcóras a úsáideann seisean.

Íomhá

Bíonn cuid mhaith cainte ar sheirbhísí ríomhphoist ar nós Hotmail agus ireland.com na laethanta seo - ach cad iad na difríochtaí atá idir na seirbhísí sin agus córais ar nós Microsoft Outlook? Agus cén fáth a roghnófá ceann amháin thar ceann eile?

Baineann Manchán Magan, láithreoir cláracha taistil a bhíonn le feiscint ar TG4, úsáid as seoladh ríomhphoist ag ireland.com - an tseirbhís ar líne atá ag an Irish Times atá anois ag gearradh táille ar a gcuid úsáideoirí. Chuir mé ceist air cad a cheap sé den chinneadh sin.

“Bhí orthu teacht ar fhoinse éigin airgid, de bharr fadhbanna airgeadais an Irish Times. Chuadar sa tseans - ní rabhadar cinnte an íocfadh éinne as rud a bhí saor in aisce roimhe sin. Ach tá an chuma air gur oibrigh a gcleas. Bhí dóthain daoine mar mise toilteanach íoc as an seoladh áirithe sin.”

Ach cén fáth a bhfuil daoine sásta airgead a íoc chun seoladh faoi leith ríomhphoist a bheith acu - go háirithe nuair is féidir seoladh Eircom.net a fháil saor in aisce?

“Taitníonn idirnáisiúntacht an tseolta liom. Agus a shimplíocht freisin. B’fhearr liom mé féin a ionannú le mo thír dhúchais ná le haon chomhlacht mór ar nós Microsoft Hotmail. Bheadh Manchan@Earth.com nó Planet Earth nó The World níos deise fós. An príomh-mhíbhuntáiste ná nach féidir litreacha a sheoladh díreach ó Outlook Express.”

Seirbhísí webmail

Go deimhin, tá difear suntasach idir cláracha ríomhphoist ar nós Microsoft Outlook, agus na seirbhísí webmail atá coitianta anois. Le córas webmail, bíonn na teachtaireachtaí ríomhphoist ar ríomhaire lárnach i gcónaí agus úsáidtear brabhsálaí idirlín chun teacht ar na teachtaireachtaí sin agus chun cinn nua a chumadh. Ach le Microsoft Outlook (nó Eudora, a bhíonn in úsáid ar ríomhairí Macintosh go minic) ní bhíonn na teachtaireachtaí ar an ríomhaire lárnach go dtí go seiceáltar an ríomhphost. Ansin, déanann Outlook (nó a chomhionann) iad a chóipeáil anuas go dtí an ríomhaire a bhfuil Outlook féin air.

An buntáiste is mó atá ag Outlook mar sin ná nach gá a bheith ar líne chun seanteachtaireachtaí ríomhphoist a léamh nó chun ceann nua a chumadh (cé cur gá a bheith ar líne, ar ndóigh, chun é a sheoladh.) Tá sé seo tábhachtach i dtíortha le costais arda idirlín ar nós na hÉireann ach níl sé ina chur isteach mór i Meiriceá, mar shampla. Ach an míbhuntáiste is mó atá ag Microsoft Outlook ná toisc go bhfuil sé in úsáid chomh forleathan sin gur fiú do dhaoine víris a scríobh dó toisc go mbeidh siad cinnte go mbeidh tionchar mór ag na víris sin. Níl an tionchar céanna ag víris ar chórais webmail, agus mar sin is slí sábháilte go leor é chun teachtaireachtaí ríomhphoist a léamh. Ach, ar ndóigh, is gá fós a bheith cinnte nach n-osclaítear aon cheangaltáin atá as an ngnách nó nach raibh tú ag súil leo.

Is buntáiste mór é freisin go gcoimeádann na córais webmail na teachtaireachtaí ar ríomhaire lárnach do dhaoine a bhíonn ag bogadh ó ríomhaire go ríomhaire, i gcomhlacht nó ollscoil mar shampla, nó go fiú ag taisteal go minic mar a bhíonn Manchán. An úsáideann sé an seoladh ireland.com thar lear? Agus an mbeidh sé á úsáid ar a chéad turas eile chun na Síne?

“Úsáidim é, gan mórán stró. N’fheadar conas a bheidh rudaí sa tSín toisc nach dtaitníonn an Irish Times go rómhór le Rialtas na tíre sin. B’fhéidir go mbeidh ireland.com blocáilte acu. Úsáidfidh mé an seoladh Eircom.net atá agam más gá.”

Cé go bhfuil na seoltaí ríomhphoist solúbtha na laethanta seo tá an chuma ar an scéal nach bhfuil na córais pholaitiúla chomh solúbtha céanna.

Is as Baile Átha Cliath é Diarmaid Mac Mathúna. Tá litreoir Gaeilge, “GaelSpell”, a oibríonn le Microsoft Word foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.