CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Táirgí de chuid Microsoft ar fáil go luath i nGaeilge
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá go leor comhlachtaí ríomhaireachta ag cur táirgí ar fáil i nGaeilge anois, Microsoft san áireamh, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá

D’fhógair Microsoft le déanaí go bhfuil siad chun leagan Gaeilge de Windows agus Office a chur ar fáil laistigh de bhliain, rud a chuirfidh go mór leis na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil do phobal na Gaeilge.

Is i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Ollscoil Uladh, Ollscoil Mhaigh Nuad agus Ollscoil Luimnigh atá Microsoft ag obair ar an leagan Gaeilge de Windows XP agus Office 2003 a tháirgeadh. Beidh úsáideoirí na bpacáistí sin in ann an Paca Comhéadain Teanga speisialta a íoslódáil ón idirlíon agus a chur ag obair gan aon chostas breise.

Tá thart ar 600,000 focal le haistriú mar chuid den tionscadal seo agus déanfar an obair sin sna Ranna Gaeilge in Ollscoil Chúil Raithin agus Ollscoil Mhaigh Nuad. Déanfar na táirgí féin a thástáil in Ollscoil Luimnigh, agus is é Foras na Gaeilge a dhéanfaidh maoirseacht ar chaighdeán an aistriúcháin.

“Is é Microsoft atá ag maoiniú an tionscadail seo, ach tá muid buíoch as an tacaíocht agus comhairle atá faighte againn ó na comhpháirtithe, mar go gcinnteoidh sé seo go mbeidh na haistriúcháin cruinn agus reatha,” a mhínigh urlabhraí de chuid Microsoft do Beo!. “Tá leaganacha dár n-earraí i 29 dteanga áitiúil á soláthar againn le tamall anuas agus, mar a bheifeá ag súil, teangacha móra idirnáisiúnta ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus Seapáinise a bhí i gceist.

“Agus é sin ráite, toisc gurb é ár n-aidhm go mbeadh ár dtáirgí inrochtanach agus inúsáidte ag gach aon duine, d’aithin muid go mbeadh orainn ár dtáirgí a logánú in i bhfad níos mó teangacha ná mar a bhí déanta againn roimhe seo. De bharr uirlisí logánaithe nua a bheith tagtha chun cinn, is féidir linn leaganacha dár dtáirgí a sholáthar ar bhonn eacnamaíoch i dteangacha áitiúla breise, mar shampla an Íoslainnis, Maori, an Bhreatnais agus an Chatalóinis.”

Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm. Cheana féin, tá comhéadan Gaeilge mar rogha ar ríomhairí Apple Mac OS X (http://www.apple.com/macosx/) agus tá dul chun cinn mór déanta ar an gcóras oibriúcháin Linux a aistriú freisin (http://borel.slu.edu/gnu/index.html).

Cur chuige comhoibríoch

an cur chuige comhoibríoch atá ag an gcomhluadar foinse oscailte tar éis cur go mór leis an líon feidhmchlár ríomhaireachta atá in ann déileáil leis an nGaeilge - mar shampla, tá forbairt déanta ar litreoir Gaeilge don chóras saor in aisce OpenOffice.org (www.openoffice.org). Tá comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.google.ie/ga).

Tá an chuma air go n-aontaíonn Microsoft leis an gcur chuige comhoibríoch seo agus is gné lárnach den chlár bunú Suíomh Gréasáin Gluaise Pobail don Ghaeilge ag http://members.microsoft.com/wincg/. Rinne Foras na Gaeilge an ghluais seo de théarmaí teicniúla a aistriú roimh ré, bunaithe ar a bhfoclóir nua Foclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise. Faoi láthair, is gá clárú le Microsoft chun teacht ar an nGluais.

Dúirt urlabhraí Microsoft go bhfeidhmíonn an tionscadal Gluaise Pobail mar mheán d’aistriúchán comhluadair ar théarmaíocht theicniúil do theangacha áitiúla éagsúla. “I gcás na Gaeilge, áfach, bhí téarmaí Gaeilge don téarmaíocht theicniúil sa ghluais seo curtha ar fáil cheana féin ag Foras na Gaeilge agus a gcomhpháirtithe in eagraíochtaí éagsúla Gaeilge. I gcás na Gaeilge, mar sin, is é aidhm thionscadal na Gluaise Pobail ná an téarmaíocht seo a roinnt le pobal na Gaeilge agus meán a sholáthar chun gur féidir leis an gcomhluadar sin tuairimí a nochtadh ar an téarmaíocht agus ar a húsáid. Beidh an ghluais theicniúil Ghaeilge seo ar fáil mar áis thagartha don chomhluadar amach anseo freisin.”

Earraí Gaeilge

taithí ag Microsoft ar earraí a chur ar fáil trí Ghaeilge le cúpla bliain anuas ó d’fhoilsigh siad litreoir mar chuid lárnach den phacáiste Microsoft Irish Proofing Tools (http://office.microsoft.com/downloads/2002/ptk.aspx). Is i bpáirt le Coláiste na Tríonóide, Institiúid Teangeolaíochta Éireann agus Carlow Answers Ltd a forbraíodh an litreoir áirithe sin.

“Tá os cionn 120,000 duine tar éis an pacáiste a íoslódáil ó 2002 i leith,” a dúirt urlabhraí Microsoft le *Beo!. *"Fuair Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a lán aiseolais dhearfaigh ó mhic léinn, go háirithe mic léinn a raibh disléicse orthu a bhí in ann a gcuid oibre (aistí a scríobh, mar shampla) a dhéanamh níos éasca. Fuair roinnt mac léinn cead an litreoir a úsáid i scrúduithe na hArdteiste freisin.”

Ag labhairt dó agus é ag seoladh an tionscadail nua seo, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD: “Rinne muid gealltanas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 go mbeadh níos mó seirbhísí poiblí ar fáil agus ar chaighdeán níos airde. Cuideoidh an tionscnamh seo go mór leis an ngealltanas sin a thabhairt i gcrích agus déanfaidh sé an obair níos éasca do na seirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge.”

Agus í ag tagairt don tionscadal seo, dúirt Fidelma Ní Ghallchobhair ó Fhoras na Gaeilge: “Cuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge agus le meon dearfach i leith na Gaeilge ár dteanga a bheith le feiceáil i gcomhthéacs praiticiúil laethúil mar seo. Táimid ag súil le hionchur a fháil ón bpobal ar Shuíomh Gréasáin na Gluaise Pobail.”

Ach cad a cheapann Microsoft den aiseolas ó phobal na Gaeilge? “Tá freagairt iontach faighte againn go dtí seo. Fuair muid os cionn 150 nóta tráchta agus moladh ar an suíomh sa chéad seachtain a bhí sé curtha i bhfeidhm.”

Ní fada uainn anois go mbeidh fuinneoga breátha Gaelacha le feiceáil ar ríomhairí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Is é Diarmaid Mac Mathúna a fhoilsíonn an leagan Windows de GaelSpell, an chéad litreoir Gaeilge do Microsoft Word a bhí ar fáil go forleathan (eolas breise ag www.cruinneog.com). Tá an seiceálaí litrithe seo anois ar fáil ar CD (cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí ar nós Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm), chomh maith le Litriocht.com (www.litriocht.com).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.