CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Na himpleachtaí a bhaineann le clibeanna ar earraí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

impleachtaí maidir le príobháideacht ag na clibeanna atá comhlachtaí ag brath a chur ar earraí amach anseo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

An raibh tú cráite ag fanacht i scuaine chun íoc as do chuid siopadóireachta le déanaí? Ar éirigh tú crosta leis na daoine malla romhat? Ar thosaigh tú ag comhaireamh na rudaí a bhí sna ciseáin acu ag súil go mbeadh siad in ann íoc astu go tapa? Bhuel, má éiríonn leis na pleananna atá ag siopadóirí chun gléasanna beaga a chur ar gach rud a dhíolann siad ní fada go mbeidh deireadh leis an eispéireas míthaitneamhach sin. Ach an mbeidh muid sásta ligean do chomhlachtaí eolas a bhailiú faoi gach uile rud a cheannaíonn muid - nó an praghas ró-ard é sin le híoc?

Is beag siopa dlúthdhioscaí in Éirinn nach bhfuil gléasanna acu ag an doras chun a chinntiú nach bhfuil rudaí á ngoid uathu. Bíonn clib bheag ar gach earra atá ar díol sna siopaí sin agus déantar an chlib sin a mhúchadh ag an gcuntar tar éis do dhuine an t-earra a cheannach. Mura múchtar é, buailfidh aláram chomh luath is a dhéantar iarracht é a thabhairt amach as an siopa. Tá forbairt á déanamh ar na clibeanna simplí sin anois chun gur féidir leo níos mó eolais a chraoladh faoin earra ar a bhfuil siad - agus taifead a choimeád de gach rud a dhéantar leis tar éis dó an mhonarcha a fhágáil.

Go dtí seo is maighnéid agus comhpháirteanna simplí leictreonacha a bhí in úsáid sna clibeanna frithghadaíochta i siopaí. Ach anois tá teicneolaíocht níos sofaisticiúla in úsáid chun níos mó eolais faoi earraí a stóráil agus a chraoladh. Tugtar clibeanna aitheantais radaimhinicíochta ar na gléasanna nua seo go teicniúil - agus giorraítear é sin go dtí “clibeanna RFID” de ghnáth. Toisc go bhfuil na clibeanna seo ag craoladh ag radaimhinicíocht, is féidir leo eolas a roinnt le trealamh atá á léamh laistigh de chúpla méadar. Níl ag na clibeanna le cadhnraí toisc go bhfaigheann siad a gcuid cumhachta ón gcomhartha raidió a chraolann na léitheoirí atá á gceistiú, rud a thugann buntáiste mór dóibh i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ghutháin shoghluaiste.

Sna córais RFID, bíonn uimhir aitheantais faoi leith ag gach clib, agus tá súil ag go leor siopadóirí go mbeidh siad in ann ceann a chur i ngach earra a dhíolann siad amach anseo. Ansin, nuair a rachaidh daoine go dtí an cuntar chun íoc as gach rud, ní bheidh aon mhoill ann mar go mbeidh léitheoir in ann gach rud sa chiseán a aithint agus an bille a chlóbhualadh go huathoibríoch. Bheadh an córas seo i bhfad níos tapúla ná na barrachóid is gá a scannáil ceann ar cheann faoi láthair.

Is buntáiste mór é do mhiondíoltóirí uimhir thagartha faoi leith a bheith ag gach earra mar is féidir leo é a leanúint tríd an slabhra soláthair ón monarcha go dtí an teach. Is féidir úsáid níos casta a bhaint as an teicneolaíocht seo freisin trí bhraiteoirí éagsúla a cheangal leis na clibeanna. Ansin d’fhéadfaí iad a úsáid, mar shampla, chun eolas faoin timpeallacht a bhailiú agus a stóráil go dtí go lorgaíonn léitheoir é. Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d’fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.

Cistin nua-aimseartha

Le déanaí, léirigh Microsoft cistin nua-aimseartha a léigh na clibeanna ar earraí éagsúla bia agus a thug comhairle do dhaoine ar conas cócaireacht a dhéanamh leo. Mar shampla, nuair a cuireadh plúr agus uisce in aice le chéile ar chuntar na cistine, bhí an léitheoir agus na bogearraí a bhí ceangailte leis in ann a aithint go raibh arán á dhéanamh agus oideas oiriúnach a léamh amach os ard.

Ar ndóigh, cuirfidh an saghas seo “comhairle gan fáilte” an Office Assistant ag Word i gcuimhne do roinnt daoine. Is minic a bhí mé féin cráite ag teachtaireachtaí ón Office Assistant ar nós “tá an chosúlacht air go bhfuil tú ar tí litir a scríobh” agus ní dóigh liom go mbeidh mórán fáilte roimh an gcomhairleoir cistine seo atá beartaithe ag Microsoft. Ach tá taobh dáiríre leis an saghas seo taighde freisin agus ní cóir Microsoft bocht a cháineadh as a gcuid iarrachtaí ar fad. D’fhéadfadh an teicneolaíocht chéanna seo cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu cuimhneamh ar na céimeanna i bpróiseas simplí agus iad a stopadh de bheith ag meascadh piollairí míchearta lena chéile freisin.

Ach tá go leor daoine buartha faoi na himpleachtaí do phríobháideacht atá ag na clibeanna nua seo, ní nach ionadh. Ceapann roinnt daoine nach cóir d’eagraíochtaí ar nós comhlachtaí, nó go fiú an stát, eolas a bhailiú faoi gach rud a cheannaíonn daoine. Ar ndóigh is breá le siopadóirí fios a bheith acu cén saghas duine a cheannaíonn earraí faoi leith - agus is breá le fógróirí a bheith in ann díriú ar dhaoine a bhfuil spéiseanna faoi leith acu freisin. Ach tá ag éirí leis an bhfeachtas i gcoinne na gclibeanna roinnt dul chun cinn a dhéanamh - mar shampla, bhí ar Benetton éirí as na pleananna acu siúd chun a chuid éadaí a scaipeadh agus clibeanna RFID iontu.

Ní gá do dhaoine a bheith faiteach go fóill - tá go leor fadhbanna le sárú ag clibeanna aitheantais sula mbeidh siad i ngach rud timpeall orainn. Mar shampla, tá sé fós ródhaor na clibeanna a dhéanamh agus ní bheidh comhlachtaí sásta iad a úsáid go forleathan go dtí go dtitfidh an praghas. Anuas air sin, tá na comhlachtaí a dhéanann na clibeanna in iomaíocht lena chéile agus úsáideann siad caighdeáin teicniúla éagsúla - rud a fhágann nach féidir le gach léitheoir gach saghas clibe a léamh.

Cé go bhfuil dóchas ag roinnt daoine go mbeidh muid timpeallaithe ag clibeanna go luath, tá an chuma ar an scéal go mbeidh orainn cur suas leis na scuainí in ollmhargaí go ceann cúpla bliain eile. Ach b’fhéidir amach anseo go mbeidh fógróirí in ann úsáid a bhaint as an eolas a bhailítear chun teachtaireachtaí turchair níos spéisiúla a sheoladh chugainn.

Is é Diarmaid Mac Mathúna www.cruinneog.com) foilsitheoir an leagain Windows den litreoir Gaeilge GaelSpell (eolas breise: www.gaelspell.com). Tá an seiceálaí litrithe seo ar fáil anois ar CD (agus cabhair theicniúil san áireamh) ó shiopaí éagsúla, ina measc Cúpla Focal (www.cuplafocal.ie) agus an Siopa Leabhar (www.cnag.ie/bunus/siopa.htm).

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.