Bhuail Gráinne Campion le Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís, fear atá sáite i ngnéithe den cheol le blianta, ón chumadóireacht go tráchtaireacht, agus fear a bhfuil a ghnó féin bunaithe le bliain anuas. Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.
»»»B’fhéidir gur i gcúirteanna na tíre seo agus na hEorpa a chríochnós dúnghaois iontrála nua i leith na Gaelscolaíochta, dar le Breandán Delap.
»»»Is eol do Chiarán Mac Aonghusa go mairimid i saol santach agus go maraítear daoine thart orainn le luach táirgí a choinneáil íseal.
»»»Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.
»»»Snámhann bá an duine le teanga trasna teorann de réir mar a shnámhfas a intinn. Bhí Diarmuid Johnson i gcomhluadar a bhí ag bíogadh amach as na teanga mórchúiseacha ar na mallaibh.
»»»An té a leanfas conair Rónán Mhic Aodha Bhuí suas don Spáinn, gheobhaidh sé focal comhairle san alt seo le Tony Birtill, óir tá taithí na mblianta ag an fhear chéanna i sliabhraonta Míleadh.
»»»Le beagán de bhlianta anuas leanann Donncha Ó hÉallaithe an príomhshraith sacair i Sasana. Deir sé go gcabhraíonn sé leis an geimhreadh a chaitheamh agus déanann sé cúpla euro as chomh maith!
»»»Beatha duine a thoil. Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.
»»»Is gaire cabhair Dé ná an doras a deirtí. An t-idirlíon atá níos gaire i dteach Roseanne Smith, mar is iomaí cuairt a thug sí in imeacht na mblianta ar shuímh is ar bhlaganna le hoideas bia a cheapadh.
»»»Údar misnigh ag Lisa Nic an Bhreithimh is ea dearcadh aos óg na Stát Aontaithe ar mhórán gnéithe de shaol ár linne i Meiriceá féin agus thar lear.
»»»Fuair an domhan braonach, gleann na ndeor, an lámh in uachtar ar an scríbhneoir David Foster Wallace le gairid. Bhreac John-Paul Mc Carthy an t-alt seo ina urraim.
»»»Rinne roinnt de lucht na himirce níos fearr ná a chéile. Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag léamh leabhar staire de chuid ár linne féin ar na mallaibh. Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.
»»»Tá Daragh Ó Tuama an-mholtach faoi charr de chuid Škoda nár thug a shúil taitneamh di, go dtí gur shuigh sé isteach inti, an Yeti. D’athraigh a dhearcadh ina leith ó shin.
»»»Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.
»»»Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.
»»»D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis i scéal an ghrá a cuireadh ar fionnraí san Ostáir seachtó bliain ó shin agus a bhláthaigh i ndeireadh báire san Úcráin le deireanas.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.