Chreid cara ilteangach liom go bhféadfadh sé maireachtáil in Éirinn na linne seo gan Bhéarla. Níor ghá chuige sin, dar leis, ach an Pholannais agus an Ghaeilg. Bhí mé féin in amhras. Níl an Pholannais ar a thoil ag an fhear seo, faraor, agus níl a fhios againn arbh fhíor a thuairim, faoi mhaireachtáil in Éirinn gan Béarla a labhairt.
Dá shiúlfainn amach an doras seo i nGalltacht na hÉireann anois, tá a fhios agam áiteanna a dtiocfainn ar chainteoirí dúchais Gaeilge, Béarla, Francaise, Gearmánaise, Iodálaise, Laitvise, Liotuánaise, Polannaise, Portaingéilise, Rúisise, Seicise, Tagalagaise (nó faoina hainm polaitiúil, an Fhilipínis), Urdaise, taobh istigh de leath uaire an chloig. Is deis iontach é sin do dhuine. Ní mar sin a bhí an tír fiche bliain ó shin. Ba eisceacht an Gearmánach a bhí pósta isteach sa chomharsain, nó an tIodálach thall is abhus.
Is féidir theacht ar gach ní faoin ghréin i mBéarla. Tá méid áirithe seirbhísí gur féidir a fháil i nGaeilg. Thig le duine teacht ar oiread seirbhísí i bPolannais anois, d’ainneoin an chúlaithe, is go gcuirfeadh sé ionadh ort. In am marbh na hoíche fiú amháin, ag 02.40, 18 Bealtaine, bhí deis agam breosla a cheannach i bPolannais in aice Chill Cheallaigh in oirthear Mhaigh Eo. Sea, ní i lár na cathrach ná le taobh an bhaile mhóir, ach amuigh faoin tír ar an bhealach mhór idir Gaillimh agus Tír Chonaill, bíonn deis ag duine a charr a lochtú le hartola agus labhairt le duine i bPolannais.
Braithim go bhfuil an Pholainnis go háirithe chomh coitianta is go nglacaim anois le tuairim mo charad ilteangaigh thuas a mhaígh go bhféadfadh sé maireachtáil d’uireasa Béarla in Éirinn inniu. Tá an Pholainnis i mórán achan chaife, óstán, siopa ríomhaireachta agus eile dá dtéim. Níl gar ná gaobhar ag an Fhraincis, fágaim, ar an Pholainnis ó thaobh líon cainteoirí cumasacha in Éirinn faoi láthair. Tá cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
Ag Socrú Síos Abhus
Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta. An bhean a thug briseadh mo chuid airgid dom ag scipéad bialainne inné, ba léir dom go bhfuil sí ag iompar, rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte faoi cheann bliana. Polannais a labhróidh sí leis an naíonán sin, mar cheistigh mé í ar an ábhar sin go díreach thart ar sé bliain ó shin agus d’fhreagair sí amhlaidh mé, go diongbháilte.
Ar dhroim sin uile, tá ar a laghad seisear de mhuintir na Gaeilge ar m’aithne a labhraíonn an Pholannais cheana féin. (Níl éinne de bhunadh na hÉireann ar m’aithne atá líofa sa Pholannais gan labhairt na Gaeilge a bheith aige fosta.) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “why don’t you go back to your own country?”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann. Phléasc an bheirt againn amach ag gaire, mé féin á bhfógairt ‘abhaile go Sasain’ i mBéarla. Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
Goncanna a Thabhairt Fúm is Tharam
Is é bun agus barr mo scéil anois, gur bheartaigh mé tabhairt faoin Pholannais. Ní raibh agam ach roinnt abairtí Polannaise sular thosaigh mé. Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht. Tá sí iontach spéisiúil don duine a bhfuil Gaeilg aige. (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó [féach crú 7 cró], młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu [lapa do sneachta] = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.). Faoi cheann bliana, tá súil agam, beidh mé ag tabhairt goncanna go leor do ‘bhuíon bhorb an Bhéarla Shacsanaigh’ amuigh ar shráideanna na hÉireann!