Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.
»»»Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
»»»Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans. Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar an saothar deiridh seo.
»»»Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.
»»»Tagann na sluaite chaon bhliain as tíortha thar lear len iad féin a fhéachaint ar aistear fada dúshlánach ar Shléibhte Mhám Toirc. Bhí Breandán Delap leo i mbliana.
»»»Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir. Chonaic Tony Birtill cóisir bheag a d’eagraigh dream daoine ar ghort an bhaile aige féin.
»»»Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.
»»»Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.
»»»Chuaigh léirstean Iain M. Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.
»»»Tá Donncha Ó hÉallaithe lonnaithe i gConamara le 40 bliain. San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.
»»»Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.
»»»Ní fheicfimid Daragh Ó Tuama ag tiomáint an Ford Fiesta thart lá ar bith feasta, ach caithfidh sé é a mholadh ina dhiaidh sin mar níl lá ar bith nach bhfágfaidh an Fiesta pingin sa bhreis i do phóca.
»»»Tharraing dúil mhór an ealaíochtóra, Pieter Bruegel, sna seanfhocail aird Chiara Nic Gabhann. Is cuid dlúth de shaothar Bruegel na seanfhocail.
»»»Aithníonn an dream siúlach a chéile. Chuir Diarmuid Johnson aithne na léitheoireachta ar Pholannach iontach a shiúil ó cheann ceann na hAfraice agus ar ais le cuidiú seanrothair.
»»»Más ag tabhairt faoin Ardteist a bheas tú i mbliana, coimhéad thú féin ar Ghaeilge an ailt seo, óir ní Balor a chum ná a cheap agus má tá an ghramadach ceart thall is abhus ann is sách scáinte é.
»»»Cur síos ar an áis ghutháin ó mhuintir PoetryBeo, ní a chuideos le roinnt daoine sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar.
»»»Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.