Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #133 · BEALTAINE 2012
Íomhá
AGALLAMH BEO
Catherine Foley

Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Caithfidh na Gardaí dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith na Gaeilge má táthar le bheith ionadaíoch ar phobail uile na tíre dar le Breandán Delap.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Thug Brian Ó Broin a ghean do chathair Nua-Orléans ar na mallaibh. Ceann de na háiteanna is spéisiúla i SAM atá ann dar leis.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Míníonn Roseanne Smith dúinn san alt seo nach gá a thuilleadh, buíochas do Dhia, do chárta creidmheasa a nascadh le Paypallena leithbhreac d’fhonn gnó a chur i gcrích ar an idirlíon.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Diarmuid Johnson

beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Beidh muirear ar gach muirear agus muirear ar dhroim an mhuirir mhullaigh sin dar le Balor agus ní bheidh aon mhuirear gan mhuirear ina bhun agus ina mhullach.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Amanda Reid

Thug Amanda Reid aghaidh ar bhainis ina préachán sochraide d’easpa aon bhall éadaigh tirim a bheith aici.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ruth Nic Giolla Iasachta

Bhí Ruth Nic Giolla Iascahta ar shráideanna Kemper na Briotáine mí ó shin nuair a chuaigh muintir na Briotáinise i mbun éileamh a gcearta teangan. Bhí léirsithe dá chineál ar bun ar fud na Fraince chomh maith.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Is léir do mhuintir an taoibh sin domhain amháin a bhfuil de dhifríocht idir an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin faoin am seo saintréithe an dá thír.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Riail na ‘cearnóige bige’ a tosaíodh breis is daichead bliain ó shin, bhí gá leis nuair a tugadh isteach í. Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Tá Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann sé dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou in ‘La Delicatesse’.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ken Ó Donnchú

Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é. Imríonn sé an pheil Ghaelach ann.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

D’fhreastail Ciara Nic Gabhann ar Fhéile na Meán Ceilteach i nDoire, féile inar tharraing Raidió na Gaeltachta agus Magamedia aird agus an-mholadh as a saothar le tamall anuas.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Aoife-Marie Ní Bhuachalla

Spreag tuairimí as Scoil Sláinte Poiblí Harvard agus suíomh idirlín, handprinter.org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.

»»»
Íomhá
Robert McMillen

Bhí Robert McMillen siúlach chuig cluiche rugbaí in Aviva le hUltaigh ilchineálacha agus ilbhratacha ar na mallaibh, agus tháinig sé abhaile uaidh meabhrach scéalach.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.