AR NA SAOLTA SEO
‘Défense de cracher par terre et de parler breton’- Cosc ar Chaitheamh Seilí agus ar Labhairt na Briotáinise
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Bhí Ruth Nic Giolla Iascahta ar shráideanna Kemper na Briotáine mí ó shin nuair a chuaigh muintir na Briotáinise i mbun éileamh a gcearta teangan. Bhí léirsithe dá chineál ar bun ar fud na Fraince chomh maith.

Íomhá
Brat agus comharthaí
(le RNGI)
Íomhá
An dream óg
(le Anne Yven)
Íomhá
Comharthaí aonteangacha caite ag halla na cathrach
(le RNGI)
Íomhá
Óg agus aosta in éindí faoin Gwenn ha Du
(le Anne Yven)
Íomhá
Slua ag cruinniú isteach don cheolchoirm
(le RNGI)

Níl cruthú ann go raibh comhartha mar seo ar bhallaí seomraí ranga na Briotáine fadó, ach maireann an nath go fóill in aigne daoine. Tá fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.

Eagraíodh siúlóidí (31ú Márta) i gKemper (sa Bhriotáin), Ajaccio (sa Chorsaic), Strasbourg (san Alsáis), Toulouse (san Ocsatáin), Perpignan (sa Chatalóin), Bayonne (i dTír na mBascach), gan trácht ar Martinique, Guáin na Fraince agus Réunion. Ag lorg aitheantas oifigiúil agus tuilleadh tacaíochta agus ag éileamh go gcuirfeadh an Fhrainc Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha i bhfeidhm a bhí siad. Chuaigh mé féin go Kemper na Briotáine an tráthnóna grianmhar sin chun an ghníomhaíocht a bhlaiseadh. Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl i rith an deireadh seachtaine.

Thaistil Elisabeth Merceron, Uachtarán Div Yezh Brest (cumann tuismitheoirí na scoileanna dhátheangacha) chuig an agóid lena beirt iníonacha, Bleuenn (7) agus Maï (5). “Tá sé ríthábhachtach éagsúlacht teanga agus cultúir a chothú, mar is é seo a chuireann le saibhreas an tsaoil dhaonna”. Deir sí go bhfuil an-ghá le tuilleadh féidearthachtaí foghlama do dhaoine óga agus fásta, chun go mairfidh an teanga sa saol comhaimseartha. Tá Bleuenn agus Maï ag freastal ar bhunscoil dhátheangach i mBrest ina bhfuil an-bhéim ar an amhránaíocht freisin.

Mian an tSlua

Tá borradh ag teacht faoi scoileanna dátheangacha agus faoi scoileanna lán-Bhriotáinise ó thosaigh an chéad scoil lán-Bhriotáinise ‘Diwan’ (síol) i bPloudalmézeau, sráidbhaile beag cois farraige, i 1977. Dar le Ofis ar Brezhoneg (oifig na Briotáinise), bhí 45,000 cainteoirí ann i 2008, figiúr 10,000 níos ísle ná mar a bhí ann i 1999. Ach le tamall anois, tá fás ag teacht faoi líon na gcainteoirí óga. Tá thart ar 9000 páistí agus níos mó ná 1000 daoine fásta ag foghlaim na teanga anois. Maidir le lucht na ranganna oíche, tá go leor acu a raibh an teanga cloiste acu le linn a n-óige, ach nach bhfuair deis riamh í a labhairt iad féin. Faraor, tá sé fós deacair teacht ar mhúinteoirí líofa chun freastal ar an éileamh seo.

Tá an Bhriotáinis níos feiceálaí in áiteanna poiblí ó na 1990í i leith, agus bíonn comharthaí bóthair dátheangacha á gcur suas ag Comhairle Ginearálta Penn ar Bed (Conseil Général du Finistère). Tá toisc í a bheith chomh uileláithreach=as she gets around, is fairly mobile">="gloss" title="some">roinnt siopaí tar éis an deis a thapú, an t-ollmhargadh Intermarché i bPougerneau, cuirim i gcás, áit a mbíonn custaiméirí agus oibrithe ag comhrá i mBriotáinis.

Thosaigh ceolchoirm ag 17.00 iarnóin na siúlóide le neart amhránaithe mór le rá (ina measc Nolwenn Korbell, Les Ramoneurs de Menhirs agus Louise Ebrel) a chan saor in aisce chun a ngrá don teanga a léiriú. Mheall an chuid sin den lá neart daoine óga freisin. Labhair mé le beirt atá ag staidéar in Ollscoil Bhrest (UBO), Gurvan Guelennec agus Klervi Ily. “Ar vanifestadeg a oa dreist, ur bern tud ‘oa! Leun a fent ha startijenn!” (Bhí an siúlóid go hiontach, agus bhí go leor daoine ann! Siamsa agus fuinneamh go leor!”

Mic Léinn Diwan

Cé go bhfuil líon na mac léinn sa Roinn Briotáinise íseal go leor, tá neart fuinnimh agus díograis acu. Tá Klervi ag déanamh iarchéim eitneolaíochta anois agus ag iarraidh breathnú ar thurasóireacht sa Bhriotáin. “Tógadh mé le Briotáinis ar scoil agus le Fraincis sa bhaile”, arsa Klervi, “Bunaíodh scoil Diwan i Landerne tar éis gníomhú mo thuismitheoirí, agus d’fhreastail mise agus mo bheirt dheirfiúr ar an scoil sin.” Tá mórtas uirthi a rá le daoine go bhfuil an teanga aici. Is maith le seanmháthair Klervi seanfhocail a mhúineadh di nuair a thugann an bhean óg cuairt uirthi, agus deir Klervi go bhfuil go leor daoine óga tógtha leis an teanga freisin. “An tri c’hard eus va mignoned a zo brezhonegerien ha dedennet gant ar sevenadur” (Is cainteoirí Briotáinise iad trí ceathrú de mo chairde agus tá suim acu i gcúrsaí saíochta). Cloiseann sí an Bhriotáinis chuile lá, cé go mbíonn uirthi dul i muinín na Fraincise, toisc í a bheith chomh uileláithreach.

Téann Gurvan i muinín seanfhocail aitheanta chun tábhacht na Briotáinise a léiriú: “Hep brezhoneg, Breizh ebet” (gan Briotáinis, Briotáin ar bith). Dar leis an mbeirt mhac léinn, tugann an Bhriotáinis léargas ar stair an cheantair. Deir Gurvan, “Ní dóigh liom gur féidir labhairt faoi theangacha mionlaithe. Is scáil ar chultúr faoi leith atá i ngach teanga, agus é sin droim ar ais”.

‘Pep yezh zo un teñsor’ (Is saibhreas é gach teanga).Tá an fear óg an-bhródúil as a bheith in ann an teanga a úsáid ina shaol laethúil. Tar éis dó ranganna bunúsacha a dhéanamh sa mheánscoil, rud a chuir lagmhisneach air toisc an easpa líofachta a fuair sé ann cheal ama, rinne Gurvan cúrsa tumoideachas STUMDI ar feadh sé mhí agus anois tá sé sa dara bhliain in UBO.

An bhagairt is mó don Bhriotáinis, dar leis, ná nach bhfuil a dóthain seachadadh idirghlúine ann, agus i gceann deich nó fiche bliana, ní bheidh cainteoir dúchais ar bith fágtha. Nuair a smaoinítear siar ar an méid dul chun cinn atá déanta ó na 70í i leith ó thaobh athshealbhú na teanga de, is léir go mbeidh sé ríthábhachtach na scoileanna, comharthaí dhátheangacha, mórtas sa chultúr a choinneáil. An chéad chéim eile ba mhaith le Gurvan agus Klervi araon a fheiceáil ná go gcuirfeadh An Fhrainc An Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaithe i bhfeidhm láithreach.

Tá an conradh Eorpach sin sínithe le fada agus curtha i bhfeidhm i gcuid mór tíortha, ach níl sé daingnithe sa Fhrainc go fóill.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.