AR NA SAOLTA SEO
Rian na Coise agus Lorg na Láimhe in Aghaidh a Chéile
Aoife-Marie Ní Bhuachalla Aoife-Marie Ní Bhuachalla

Spreag tuairimí as Scoil Sláinte Poiblí Harvard agus suíomh idirlín, handprinter.org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.

Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn. Ní bhíonn ach “go dona” diúltach, sceirdiúil, neamhinspioráideach mar mharc ar ár gcuid iarrachtaí.

Níl rian coise carbóin an duine aon dath níos dearfaí, áfach. Is tomhas í rian coise den mhéad CO2 (déocsaíd carbóin) a dhéanann tú a aschur. Ach i ndáiríre, tá sí beagnach dosheachanta. De réir staidéir a rinne ‘Carbon Footprints of Nations’ i 2008, táirgíonn muintir na hÉireann, 16.2 tonna de CO2 an duine gach bliain. Cinnte is méid tubaisteach, náireach é seo. Roinnt tionchair atá ar do rian coise ná aibhléis in úsáid sa teach, ag tiomáint gach áit, ag taisteal ar eitleáin agus fiú an cinéal bia a itheann tú. Mar shampla, aschuirtear timpeall 75g le gach mála brioscán a tháirgeadh, ón talamh go seilf an tsiopa. Smaoinigh ar sin agus tú ag mungláil do lóin.

Is féidir ‘Áireamhán Rian Coise Carbóin’ a fháil ar an idirlíon a ríomhann cén cineál uafáis atá á chruthú agat. Is rud an-diúltach é seo, ag tomhas méid an dochair a dhéanann tú agus ag cur as do d’fhéinmhuinín, tar éis duit an-iarracht a chur isteach i scarúint do bhruscair nó taisteal ar an gcóras taistil poiblí. Níl muid inár ndaoine urchóideacha, a shatlaíonn ar fud an domhain, ag fágáil rian an uafáis gach áit. Cén fáth nach féidir leis an áireamhán an mhaitheas atá á déanamh againn a dhéalú ón dochar?

Lorg na Láimhe

Is as an gcinéal smaoinimh seo a d’fhorbair an lámhlorg, nó lorg na láimhe, nó an lámhrian, nó an rian láimhe más fearr leat. Ba é léachtóir i scoil Sláinte Poiblí Harvard, Gregory Norris, a smaoinigh ar an lámhlorg. Is cineál frithghnímh é an lámhlorg a chuireann bacainn, nó cúngú, ar do rian coise. Is í seo nua-smaoineamh na bliana agus tá suíomh idirlín ina thaobh á chur ar fáil faoi láthair. Tá ‘handprinter.org’ ann chun eolas a scaipeadh ar an maitheas a dhéanann gach bolgáin CFL in úsáid agat, gach mála plaisteach a dhéanann tú a athúsáid agus gach ní eile a dhéanann tú ar son na timpeallachta.

an-chuid eolais breise, suimiúil ar fáil ann freisin. Is féidir, cuirim i gcás, ‘taobhrianadh carbóin’ a íoc agus tú ag ceannach ticéid eitleáin le han-chuid comhlachtaí móra, a chuireann méid áirithe crann ag fás duit i gceantair éagsúla ar fud an domhain. Cuireann gach gníomh maith le do lámhlorg. Tá sé chomh simplí le sin. Tá moltaí agus slite diúideacha éasca agus feidhmiúla ann chun do rian coise a laghdú agus do lámhlorg a mhéadú. Impíonn an suíomh idirlín ar dhaoine a lámh a shíneadh amach agus an dearcadh a scaipeadh.

Beidh áis ag teacht amach go luath ina mbeidh tú in ann smaoineamh a roinnt faoi shlite chun do lámhlorg a mhéadú trí facebook, twitter nó trí aon chineál gréasáin sóisialta eile ina bhfuil tú mar bhall de. Gach uair a gheallann duine do smaoineamh a leanúint, cuireann sé le do lámhlorg.

Tuigeann an suíomh seo go bhfuil sé níos deise obair ar son sprioc dhearfach dhéanasach in ionad a bheith in ísle brí faoi mhéad do rian coise a chaithfidh tú a laghdú. Bain triail as tú féin agus méadaigh do lámhlorg. Mar a deir an Béarla, is ‘inár lámha féin atá sé’!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá Aoife-Marie Ní Bhuachalla ag freastal ar Choláiste Íosagáin, An Charraig Dhubh. BÁC.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.