Thug Amanda Reid aghaidh ar bhainis ina préachán sochraide d’easpa aon bhall éadaigh tirim a bheith aici.
Chaith mé coicís i mbaile feirme darb ainm Dachbar i gceantar Samarkand sa Úisbéicisteáin le linn mo chuid taistil san Áise. Ní airgead a hiarradh orm in éiric an chíosa, ach dhá cheann déag de léinte bána. Is amhlaidh a bhí buíon cheoil ar an mbaile, agus bhí léinte ag teastáil uathu le caitheamh ina gcuid oibre. An choicís sin, tharla bainis san áit a raibh mé. Is iad ceoltóirí Dachnab a bhí le bheith ag seinm i gcomhair na bainise agus tugadh cuireadh dom féin ann. Ghlac mé leis go croíúil. Is iontach an deis a bheadh ann le heolas a chur ar nósanna na háite.
Lá na bainise áfach, d’imigh an bhuíon gan focal a rá liom. Ghlac mé leis go raibh míthuiscint ann, agus shocraigh mé an mhaidin a chaitheamh ag níochán mo chuid éadaigh go díomúch. Ach ní mar a síltear a bítear. Nuair a bhí an t-ualach beagnach crochta agam, d’fhill cuid de na ceoltóirí. Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise. Chaith mé orm an t-aon snáth glan, tirim a bhí agam – t-léine bhán le muinchillí fada, agus sciorta dubh. Rith sé liom go mb’fhéidir go gceapfaidís gur shíl mé gur ar shochraid a bhí mé ag dul. Bhí mé ag súil nach mbeidís pisreogach faoi na dathanna agus go mbeadh cead isteach agam i mo phréachán i measc na bhféileacán.
I Measc na bhFear
Bhí dhá phuball ar ghort na bainise. Bhí puball na bhfear líonta le boird agus le binsí. Bhí cuid acu gléasta ins an chopan, cóta fada déanta as cadás cuilteáilte agus é ceangailte faoin chom le scairf, cuid eile ag caitheamh treabhsar níolóin, léinte lumberman, agus veistíní. Bhí an tubeteika, caipín dubh Muslamach ar éadach paisley, ar a cheann ag chuile dhuine acu.
Shuigh mé in éineacht leis na ceoltóirí fad is a bhí béile á roinnt. Bhí na léinte bána orthu agus iad mórtasach go leor astu. Ach ní raibh fear sa phuball nach raibh a dhá shúil greamaithe ionam. Leath an tost ó bhord go bord ar theacht isteach dhom. D’ith mé mo chuid shashlik agus plov, agus chuir mé cuma an áthais orm féin. Ba leor sin do na fir lena gcuid flaithiúlachta a thaispeáint dom. De réir a chéile tháinig siad anall chugam duine ar dhuine chun plátaí faoi leith a chur os mo chomhair. Uair an chloig den obair sin agus bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh. Bhí na fir i gcomórtas lena chéile ag cur aithne ar an mbean nua seo. Ar deireadh, d’iarr mé cead ar na ceoltóirí suí i measc na mban.
Beannaithe i Measc na mBan
A mhalairt ar fad a bhí sa bpuball a bhí réitithe do na mná. In áit an chiúnais, bhí torann agus rírá ann. Seachas na dathanna dorcha a bhí in ionad na bhfear, bhí spleodar mór agus dathanna geala ann. Bhí urlár an tí clúdaithe le brat geal, agus brait bheaga bhána thall agus abhus leis na soithí a leagan orthu. Bhí builíní móra cruinne lepyoska, áran na háite agus é úrbhácáilte, os comhair an chomhluadair. Mná an bhaile droim le balla, iad ag ithe, ag caint agus ag cantaireacht, idir óg agus aosta. Bhí straois mhór ar an gcuid is mo acu, agus an t-ór le feiceáil ina gcuid fiacla. Bhí fáilte mhór romham anseo. Rud amháin, bhí mé in ann insint dhóibh céard a bhí ar siúl sa phuball eile, agus bia na mban a mholadh thar chuid na bhfear.
Sheas beirt bhan óg ar thairseach an tí agus iad gléasta go maisiúil. Bhí caipíní cearnógacha á gcaitheamh acu a bhí clúdaithe le cnaipí órga. Bhí súile na beirte sáite sa talamh acu. Shíl mé anois nach duine amháin a bhí ag dul ag pósadh ach beirt. Ach ní raibh iontu seo ach cúntóirí, mná óga nach raibh i bhfad pósta iad féin. Bhí an bhrídeog féin i bhfolach i gcúinne an tí, taobh thiar de bhrat mór bándearg. Bhí iachall uirthi fanacht ansin as radharc ar feadh trí lá na bainise. Bhí ballaí an tseomra líonta le bronntanaisí – mataí geala le haghaidh suí agus codladh, miasanna leathana miotail don chistin, pluideanna agus píosaí éadaigh. Bhí gúnaí déanta as níolón cíortha crochta ar thairní ar na ballaí mar a bheadh pictiúir ag taispeántas ealaíne. Thug mé uaim mo chuid féiríní beaga féin, braisléad práise le dearadh Ceilteach, agus roinnt uachtair don éadan, rud a bhailigh mé ón phoitigéir sular fhág mé Éirinn.
Lán go Draid
Shuígh mé taobh le scata de na mná aosta. Thosaigh siad ag sciotaíl nuair a shuigh mé ina measc. Cé go raibh leithead mór iontu, agus airde dá réir, agus an chuma orthu go raibh siad ar a laghad seachtó bliain d’aois, bhí an-aclaíocht iontu, agus ní raibh stró ar bith orthu éirí den urlár ná suí fúthu arís agus arís eile. Tugadh tuilleadh bia a fhad liom. Ní ligfeadh an náire dom iad a dhiúltú. Rinne mé meangadh gáire agus thosaigh mé ag ithe.
Tháinig an bhrídeog amach ón seomra cúil le titim na hoíche. Sé bliana déag d’aois a bhí sí, agus cuma an fhaitís uirthi. Bhí sí ag tarraingt scairf bhán siar agus aniar thar a héadan le taispeáint don chomhluadar gur chailín cúthail, modhúil a bhí inti. Ní raibh cead aici na súile ardú, ach ní raibh amhras orm go raibh sí tar éis radharc maith a fháil ar an gcuairteoir eachtrannach bhí gléasta chun sochraide. Bhí an caipín órga ag glioscarnaigh ar a ceann. Shiúil sí go mall ón seomra, beirt chara i ngreim ascaille uirthi. Leis sin, lig na mná na gártha móra áthais astu. Bhí bodhráin á mbualadh acu ar fad le cur leis an ngleo. Siúd leis an mbrídeog thar an tairsigh amach agus í á seoladh ar deireadh thiar thall chuig leaba a pósta.
I mbaile Dachnab lá tar éis na bainise, bhí dhá cheann déag de léinte bána nua ag triomú ar chlós na feirme.
Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.