Thug Brian Ó Broin a ghean do chathair Nua-Orléans ar na mallaibh. Ceann de na háiteanna is spéisiúla i SAM atá ann dar leis.
Bhí mé i Nua-Orléans, nó san Óirín Úr mura miste leat, ag freastal ar chomhdháil acadúil de chuid an léinn Éireannaigh, a bhí ar siúl deireadh seachtaine na Féile Pádraig. Bhí an chathair ag cur thar maol le turasóirí óga gléasta in éadaí áiféiseacha glasa agus Éireannaigh fuarchúiseacha scolártha a bhí ag iarraidh iad a sheachaint!
Cathair álainn spraoiúil is ea Nua-Orléans, agus chuirfinn í ar bharr mo liosta de na cathracha is suimiúla i Meiriceá. Tá an ceol ann, ar ndóigh, ach tá stair agus cultúr ann freisin, maraon le mothú cathrach nach mbraithfidh tú in aon áit eile.
Faraor, is é an t-ól an tarraingt is mó sa chathair na laethanta seo. Thugas faoi deara go raibh fógraí ar dhá thaobh an bhóthair agus muid ag teacht isteach ón aerfort ag tairiscint deochanna láidre mar an "Hand Grenade" agus an "Jester" ar phingneacha. Ar ndóigh níl sna deochanna seo ach leithscéalta chun turasóirí óga gan chéill a dheighilt lena gcuid airgid, ach más é saol an óil atá uait, ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar Bourbon Street.
Ní hionann Sráid Bourbon agus na pictiúirí a shamhlaíonn tú, ámh. Má théann banna snagcheoil Dixieland an treo sin ariamh, is do na turasóirí amháin a dhéanann siad é. Sráid líonta le bialanna is ea Bourbon Street ar maidin agus um thráthnóna, ach is ar éigean go bhfuil an smailc dheireannach blasta ag custaiméirí na mbialanna nuair a thagann athrú iomlán ar an tsráid - osclaíonn na tábhairní go léir a ndoirse (agus is doirse ollmhóra cuid acu) agus tosaíonn bannaí ceoil ag casadh iontu.
Racairneáin faoi na Crosbhealaí
Rac-cheoil is mó a sheinntear, den sórt a mheallfaidh ógánaigh, agus tagann stocairí amach ar an tsráid ag mealladh na sluaite isteach. Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu. Tá a sáith “clubanna striapachais” ar Bourbon Street freisin, ag freastal ar na hógánaigh ólta sin ó na tábhairní a shíleann go mbeidh an t-ádh leo anocht. Ar ndóigh, ní bheidh, ach ceannóidh siad go leor seaimpéin do chailíní na gclubanna seo faoi dheireadh na hoíche!
Bunaíodh Nua-Orléans mar chathair trádála san 18ú haois. Francaigh a bhunaigh é i 1718 agus a fhios go maith acu go mbeadh smacht acu ar thráchtáil uilig an Mhississippi dá mbeadh béal na habhann ina seilbh acu. Ainmníodh an áit as Chathair Orléans na Fraince, ar ndóigh, ach freisin i ndiaidh Pilib, Diúc Orléans. D’fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1763 nuair a tugadh don Spáinn é faoi Chonradh Pháras. Fuair na Francaigh ar ais í in 1801, ach go sealadach, mar dhíol Napoleon an chathair (agus talamh ollmhór Louisiana go léir) leis na Stáit Aontaithe in 1803. Má shíleann tú go bhfuil cruth Spáinneach ar an Vieux Carré (an tseancheathrú, nó Ceathrú na bhFrancach), mar sin, bheadh an ceart agat. Tar éis roinnt tinte cathrach, b’éigean do na Spáinnigh an chathair go léir (nach mór) a atógáil.
Ceol Shráid na Boirbe
Ar ndóigh, d’fhan rian na Fraince ar an gcathair fiú tar éis Mhargadh Napoléon, ach gan baint polaitiúl a bheith ag an bhFrainc leis an áit, thosaigh saíocht na Fraincise ag dul i laige sa 19ú haois, go háirithe agus inimircigh na hÉireann agus na hIodáile ag plódú isteach. Cé go bhfuil créole na Fraincise fós le cloisteáil faoin tuath sna bayúnna ó thuaidh den chathair, ní labhraítear ach Béarla agus Spáinnis sa chathair anois. Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.
Tá cáil ar Nua-Orléans mar chathair bia freisin. Itear meascán de bhia na Fraince, mar earraí bácúis darb ainm beignets agus bia mara créole mar phiardóg agus ribe roibéis in anlann ("Gumbo") le anlann spíosraithe. D’ith scata againn i mbialann cáiliúil darb ainm an "Court of Two Sisters" oíche amháin, bialann faoi chrainnte i gclós i lár cearnóg seanfhoirgintí. Má bhí an bia costasach, bhí sé níos blasta ná aon rud eile a d’ith mé le fada, agus is mór an moladh é sin ó dhuine gur ríchuma leis bia!
Níl an ceol ar Bourbon Street thar mholadh beirte, agus mholfainn don té fiosrach siúl soir ar Bourbon Street, thar an gceantar aerach (áit a bhfuil radharcanna ríspéisiúla le feiceáil tríd na doirse!) go ceantar Faubourg Marigny, agus go háirithe Frenchmen Street. Ní fheictear meisceoirí óga Bourbon Street sa cheantar seo, agus muna bhfaighfidh tú Hand Grenade, gheobhaidh tú ceol den scoth agus atmasféar iontach i ngach tábhairne ar an tsráid. Bheadh suas le tríocha tábhairne sa cheantar, roinnt acu faoin aer.
Tá scamall amháin ar crochadh os cionn Nua-Orléans go fóill, ámh: Speirling Katrina. Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge, ach bádh na codanna na cathrach. Is léir go fóill an dochar nuair a ghlacfas tú an tram ó thuaidh go himeall na cathrach, ach ná coinníodh an méid sin siar thú ó chuairt a thabhairt ar Nua-Orléans, ceann de na háiteanna is suimiúla i Meiriceá.