Riail na ‘cearnóige bige’ a tosaíodh breis is daichead bliain ó shin, bhí gá leis nuair a tugadh isteach í. Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.
Chinn Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ceann de rialacha imeartha fadbhunaithe na peile a leasú. Riail í seo atá i bhfeidhm le dhá scór bliain nó mar sin agus is riail í a mbíonn conspóid mhór ag baint léi ó thráth go céile.
Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air. Bíonn sé de nós ag tráchtairí Béarla raidió agus teilifíse a bheith cruinn agus tagairt a dhéanamh don ‘parallelogram’ nó don ‘small rectangle’. Ach is fearr le lucht tráchtaireachta trí Ghaeilge, nó tráchtairí raidió/teilifíse áirithe darb ainm dóibh Mícheál ar chaoi ar bith, ómós a thabhairt don tsimplíocht agus don ghramadach (‘imeall na cearnóige bige’, ‘i dtreo na cearnóige móire’ agus araile) agus cearnóg seachas comhthreomharán nó dronuilleog a deir siad.
Bíodh sin mar atá, táthar tar éis leasú a dhéanamh ar riail na ‘cearnóige’ bige chomh fada is a bhaineann sé leis an bpeil agus cé go dtuigim cén fáth go ndearnadh sin, caithfidh mé a rá go bhfuilim amhrasach faoin ngaois taobh thiar den chinneadh.
Sa chéad áit is cuimhin liom mar a bhí an scéal os cionn dhá scór bliain ó shin. Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean. Bhíodh cead ag imreoirí ar fud na páirce ag an am bac nó laincis a chur le gluaiseacht imreoirí na foirne eile nach raibh i seilbh na liathróide dul i dtreo imreora a bhí i seilbh na liathróide.
An Rúscadh i mBéal an Chúil
Bá é príomhdhualgas na líne lán chúil mar sin an cúl agus an cúl báire a chosaint trí thosaithe na foirne eile a choinneáil uathu trí theacht idir iad agus an cúl, iad a tharraingt anuas go talamh, a bhrú amach agus mar sin de. Dá n-éireodh le tosaí an fál cosanta sin a shárú, is ar fhleasc a dhroma i gcúl na heangaí, nó níos measa ná sin, a bheadh an cúl báire bocht. Agus is mar gheall air sin a tugadh isteach riail na cearnóige bige: chun cosaint a thabhairt don chúl báire agus deireadh a chur ag an am céanna leis an bprácás agus leis an chipeadraíl a bhíodh ag tarlú gar don chúl.
De réir na rialach nua a tugadh isteach an uair úd (thart ar 1970 measaim), agus a leasaíodh i mbliana, ní bheadh cead ag tosaithe a bheith sa ‘chearnóg’ bheag sula dtiocfadh an liathróid cé go bhfeadfaidís í a leanúint isteach. Cuireadh deireadh chomh maith leis an gcead a bhíodh ag imreoirí nach raibh i seilbh na liathróide ionsaí a dhéanamh ar a chéile agus cuireadh deireadh le teagmháil ar bith ag tosaithe leis an gcúl báire taobh istigh den ‘chearnóg’ bheag. Bhain na leasuithe sin leis an bpeil agus leis an iománaíocht araon agus ba leasuithe chun feabhais iad.
In ainneoin sin áfach, d’éirigh deacrachtaí móra ar fáth éigin nach bhfuil an-soiléir, domsa ar aon nós, in a lán cluichí móra i dtaca le cumas réiteoirí, maoir chúil agus maoir líne riail na ‘cearnóige bige’ a chur i bhfeidhm. Tharla le déanaí mar shampla gur ceadaíodh cúl do Chill Chainnigh i gcoinne an Chláir in ainneoin go raibh cosúlacht láidir ar an scéal go raibh an tosaí a scóráil an cúl, Mathew Ruth, istigh sa chearnóg bheag roimh an sliotar.
“More light!” arsa an Chailleach Nuair a Bhí an Teach Trí Thine
É sin ráite, feictear dom (agus tá Jarlath Burns, moltóir an rúin ag an gComhdhail Bhliantúil, ar aon fhocal liom is cosúil) gur sa pheil is mó a bhíonn conspóidí maidir le cinntí réiteoirí agus maor i dtaca le riail na ‘cearnóige’ bige agus gur de thoradh conspóidí a tharla i gcluichí peile le cúpla bliain anuas a leasaíodh an riail.
Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil. Ach ní hamhlaidh a bhíonn is cosúil.
Ar nós go leor rialacha a mbíonn conspóid ag baint leo, ní réiteach ceart i gcónaí é deireadh a chur leo. B’fhéidir gur cur-i-bhfeidhm na rialach is gá a leasú nó soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar an riail féin chun go n-oibreodh sí níos fearr ar son na n-imreoirí. Tá bunphrionsabal na rialach atá faoi chaibidil anseo mar atá sí gan mórán lochtanna agus níl ag teastáil ach athrú beag. Mar shampla, dá mba rud é nach raibh cead ag an tosaí a bheith sa ‘chearnóg’ ar chor ar bith, ach amháin sa chás gurb é féin a d’iompródh an liathróid isteach inti, ní bheadh leath an oiread deacrachtaí ann dar liom.
Tá súil agam nach bhfuil botún déanta ag Comhdháil an Chumann Lúthchleas Gael agus nach bhfeicfimid níos mó seachas a mhalairt de chúil chonspóideacha sa pheil amach anseo. Maidir leis an iomáint, tá súil agam nach smaoineofar ar an leasú céanna a dhéanamh, cé nár mhiste bealach nó bealaí a aimsiú le cabhrú leis na maoir an riail mar atá sí a chur i bhfeidhm go cóir agus go cothrom.