Is léir do mhuintir an taoibh sin domhain amháin a bhfuil de dhifríocht idir an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin faoin am seo saintréithe an dá thír.
Thugtaí na Fritíortha ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an tíreolas agus ar an stair le linn m’óige in Éirinn, cé nach raibh ceachtar acu antapódach go beacht uainn. Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin. Bhí siad araon daite dearg ar an léarscáil, mar a bhíodh na tíortha eile sa Chomhlathas Briotanach ar fud na cruinne, agus ba de shliocht Briotanach iad na coilínigh a chur fúthu iontu.
Nuair a bhunaigh an Bhreatain coilíneach san Astráil sa bhliain 1788 ghlac siad seilbh ar na hoileáin chóngaracha sa Teiscinn Chiúin, an chuid ba mhó den Nua-Shéalainn san áireamh. Rinne na húdaráis abhus neamhaird iomlán den ghabháltas sin go ceann caoga bliain go dtí gur thosaigh coilínigh as an Astráil ag cur fúthu ann. Nascghabhadh an Nua-Shéalainn sa bhliain 1840 mar chuid den Astráil agus bhunaigh coilíneach ar leith ann an bhliain dár gcionn. Bhí rialtas na Nua-Shéalainne lánpháirteach sna cainteanna idir na stáit Astrálacha ní ba dhéanaí sa naoú haois déag le tír chónaidhme neamhspleách a bhunú, ach chinn siad nach mbeidís páirteach ann.
Bíodh is go bhfuil comhchosúlacht láidir idir an dá thír, tá éagsúlachtaí tábhachtaí ann freisin - cé nach mbíonn cuid nach beag acu le sonrú go soiléir ach amháin do mhuintir an dá thír iad féin.
‘Tá Cime Romham, Tá Cime i mo Dhiaidh...’
Níl na tíortha gar dá chéile mar go bhfuil tuairim is 1400 ciliméadar trasna Mhuir na Tasmáine eatarthu. Tugtar ‘an díog’ ar an achar seo agus tugtar ‘an caidreamh tras-Tasmáine’ ar ghnóthaíocht idir an dá thír. Tá an Astráil fiche oiread níos mó ná an Nua-Shéalainn, atá ó dheas ón Astráil agus aeráid níos fuaire aici dá bhíthin sin.
Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis agus bhí tionchar bunúsach ag na daoránaigh ar shaíocht na tíre. Tá muintir na Nua-Shéalainne an-bhródúil de bharr nár cuireadh daoránaigh ina measc riamh, agus meastar ann go bhfuil na hAstrálaigh amhlánta agus brománta mar gheall ar thionchar na gcimí. Measann na hAstrálaigh go bhfuil a gcomharsana tras-Tasmáine in airdeoga agus leithleach, an-chosúil le muintir Shasana, agus tugann siad ‘South Sea Poms’ orthu.
Bíonn na Nua-Shéalannaigh ina n-ula mhagaidh go rialta ag scéalta grinn san Astráil, agus is é an scéal céanna droim ar ais. Tá sa bhreis ar 40 milliún caora sa Nua-Shéalainn, agus, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó acu san Astráil, bíonn an greann gáirsiúil is coitianta abhus bunaithe ar an gcaidreamh collaí a mhaítear a bhíonn ag fir na Nua-Shéalainne lena gcaoirigh. Is breá le fuirseoirí na Nua-Shéalainne a bheith ag déanamh greanntaíochta ina léirítear an tAstrálach ina ghamal a dhéanann staicín áiféise de féin ag an deireadh.
Tá corradh is leathmhilliún duine de bhunadh Nua-Shéalannach ina gcónaí san Astráil agus tagann na mílte eile le cur fúthu abhus gach bliain. Fiafraíodh d’iar-Phríomh-Aire na tíre, Robert Muldoon, an raibh cur amú éirime i gceist leis an athrú seo. D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr!
Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna
Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana. Bhain sí scairteadh gáire as an gcuideachta nuair a mhaígh sí: murach na Gaeil, bheadh an Astráil go díreach mar an gcéanna leis an Nua-Shéalainn! Moladh do na Gaeil cinnte, ach masla dár gcomharsana tras-Tasmáine.
Tá tuineacha cainte an-éagsúla sa dá thír agus iad ina n-ábhair grinn freisin. D’fhoilsigh an drámadóir Astrálach, Alex Buzo, leabhar ar thuin chainte na Nua-Shéalainne, ‘Kiwese: a guide, a ductionary and a shearing on unsights’. Léiríonn an mílitriú sa teideal an dóigh a mbíonn daoine abhus ag spochadh as a gcanúint.
Is ar na páirceanna imeartha a bhíonn an choimhlint is géire idir an dá thír le feiceáil, cluichí rugbaí idir na fir agus cluichí cispheile idir na mná ach go háirithe. Tá muintir na hAstráile an-bhródúil as an rath a bhíonn ag a lucht spóirt ach is annamh a bhíonn bua ag a bhfoireann rugbaí in éadan fhoireann na Nua-Shéalainne, na All Blacks.
In ainneoin na hiompairce thuasluaite, is dlúthchairde iad an dá thír nuair a thagann an crú ar an tairne. Throid saighdiúirí na dtíortha gualainn ar ghualainn sna cogaí domhanda agus i gcogaí eile sa chéad seo caite. Tá siad ag obair as lámh a chéile faoi láthair i dTíomór Thoir agus in Oileáin Sholomón mar choimeádaithe síochána. Mar a dúirt Gillard ina haitheasc i dTeach na Parlaiminte sa Nua-Shéalainn anuraidh, “Australia has many alliances and friendships around the world…but New Zealand alone is family”.
Is tír álainn í an Nua-Shéalainn agus is breá linn laethanta saoire a chaitheamh ann. Cuireann muintir na tíre fáilte Uí Cheallaigh romhainn i gcónaí, go háirithe mar go bhfreagraímid ‘Éire’ nuair a fhiafraítear dínn cad as dúinn!