Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é. Imríonn sé an pheil Ghaelach ann.
Is eol do mhórán daoine iarthuaisceart na Spáinne mar gheall ar Santiago de Compostela na n-oilithreach. Príomhchathair na Gailíse í ceann scríbe na caminos éagsúla, siúd is nach í an chathair is mó sa chúige. Is í an chathair sin A Coruña, ach ní uirthi a bhíonn triail lucht aithrí ná lucht siúlóide. Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag. Go deimhin is é ráite na náisiúnaithe Gailíseacha nach í an Spáinn in aon chor í, ach gur tír inti féin agus náisiún ar leith í an Ghailís, dála na Catalóine agus Thír na mBascach. Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña. Déanann na línéir ollmhóra (leithéidí an Costa Concordia) ar phort na cathrach i rith bhiaiste na bhfámairí mara, agus tá de rogha ag lucht spraoi an bháid cúpla uair an chloig a chaitheamh ar tír mór más áil leo.
Déanta na fírinne, ba shuarach m’aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin. Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc ‘Ceilteach’ uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair. Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004. Agus mé ag maireachtaint i bPrág na Seice bhíodh cara Gailíseach liom ansin ag caint i dtólamh ar theanga na nGailíseach, an Ghailísis, agus ar an tréigean atá ar siúl ag an aos óg maidir lena labhairt is lena cothú. Mar sin féin, aineolach mo dhóthain a bhíos ar an gcathair agus ar an gcúige seo gur ráinigh an lá gur chuireas fúm anseo.
Leis an Atlantach Anoir
Thart ar 2.7 milliún daoine a chónaíonn sa Ghailís. Tá sí lastuaidh den Phortaingéil, teorantach le cúigí logánta na Spáinne, mar atá Asturias, agus Castilla y León, ar an taobh thoir. Aon ríocht amháin thiar san naoú haois ba ea go leor de thalamh na n-áiteanna seo go léir, tuaisceart na Portaingéile ina measc. Is i ngeall air sin a bhraitear roinnt mhaith cosúlachtaí idir cultúr, nósanna agus teangacha mhuintir Asturias, na Gailíse agus na Portaingéile. Leis an Atlantach thiar atá aghaidh na Gailíse, agus is leis, cuid mhór, a bhaineann stair an chúige. Ní taise do leithinis A Coruña é, gona calafort seanbhunaithe iascaireachta agus tráchtála.
An nasc le hÉirinn a luas ó chianaibh baineann leis an Atlantach agus tráchtar air sa Lebor Gabála. Deirtear gur sa chathair seo a shocraigh sliocht Mhíl Espáinne ar theacht chun na hÉireann. I Foras Feasa ar Éirinn luann Céitinn ‘tor Breoghain san gCruinne féin’ mar ar ‘chinneadar ar an gcomhairlese’. Seanathair Mhíl Easpáine ba ea Breoghan, ‘céidrí do ghabh ceannas iomlán na Spáinne’ dar leis an gCéitinneach. Deirtear gur tógadh mórán caisleán agus dúnta, fearacht thúr A Coruña, in ómós dó. Aon duine a chonaic an clár faisnéise iontach le hAlan Titley ‘Scéal na Gaeilge’ le déanaí, tuigfidh sé gur bádh beirt dá raibh ar bord, Erannán agus Ír, mic Míleadh, ar rochtain na hÉireann do chlann Bhreoghain. Mac eile leis a mhair agus ar méadaíodh ar a cháil ina dhiaidh sin, ba ea Aimheirgin Glúngheal, an chéad fhile in Éirinn más fíor.
Is ann do ‘tor Breoghain’ i gcónaí, faoin ainm ‘La Torre de Hércules’ (luaitear an túr le laochra lasmuigh den traidisiún Ceilteach leis!) ach mo léan Breoghan (nó go deimhin Hércules) féin, ní dhéanfadh a shlí isteach ann faoi láthair mura rachfadh sé le hairm is le comhrac. An ghéarchéim gheilleagair ar a dtugtar an crisis abhus faoi deara do dhoras an túir a bheith faoi ghlas go daingean. Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
I mBéal an Phobail Abhus
Caintítear cuid mhaith ar an crisis abhus, ach ní hé an duairceas is bonn leis an allagar céanna de ghnáth, agus ní tréith í a shamhlaím le muintir na Gailíse trí chéile. Daoine gealgháireacha iad, feictear dom. Sa scoil bheag a bhfuilim ag obair inti, bíonn go leor daoine ag freastal ar ranganna Béarla san oíche, le cur leis an gconamar beag a thugadar leo sa mheánscoil. A bhformhór is den tuairim gur cabhair í maidir lena ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú, cé nach léir dóibh i ndáiríre cén mhaith dóibh an Béarla thairis sin. Corrdhuine atá á fhoghlaim is le fonn imeachta é, le súil is go mbeidh sé in ann post a fháil ar an gcoigríoch agus labhairt an Bhéarla aige. Bíodh is go bhfuil traidisiún láidir imirce sa Ghailís le céad éigin bliain, shílfeá gur leasc go mór leis an nglúin atá suas anois imeacht ón tír (agus a gceart sin acu) le hais a sinsear. Tá gean mór acu ar a dtír féin, pé acu an í an Ghailís nó an Spáinn í.
Deir siad gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus anseo in A Coruña tá cumann peile, ar Ghailísigh uilig iad lucht a bhunaithe, ar an bhfód le bliain go leith. Mise an t-aon eachtrannach, ní áirím Éireannach, ar an bhfoireann. Duine amháin den lucht imeartha a chaith seal réasúnta fada in Éirinn lena shaol, mar sin ní haon luí mór leis an oileán iathghlas is bun leis an gcumann. Cé go leagann imreoirí áirithe tábhacht ar chúrsaí féiniúlachta (ábhar den Cheilteachas uileghabhálach úd an athuair!) is í an tsuim sa spórt féin, de bharr chothú leanúnach na ndílseoirí, is mó a chuir an cumann ar a bhonnaibh, agus is í a choimeádann fuinneamh ann freisin. Díol iontais agus údar mórtais do na hÉireannaigh a chastar ar fhoireann seo na nGailíseach ag comórtaisí peile na Spáinne dul chun cinn na foirne dúchais.
Is Éireannach é Ken Ó Donnchú. Tá sé ag obair sa Ghailís faoi láthair.