Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?
»»»Chuala an té a bhí ag éisteacht leis na Meáin Ghaeilge san Fhómhar seo caite gur tháinig borradh mór faoin líon ionad teagaisc de chuid an chomhlachta Gaelchultúr fud fad na hÉireann. Chas BEO lena chéad eagarthóir féin, Éamonn Ó Dónaill, an fear a cheap an cúrsa Turas Teanga, le fáil amach faoi Ghaelchultúr agus faoi chuid de stair na hirise seo féin, BEO, chomh maith le gnéithe de shaol na Gaeilge is na Gaeltachta.
»»»Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais. Níl an ‘school around the corner’ mar a bhí. Tá an fear bailithe as saol baile agus as saol scoile roinnt mhaith de ghasúirí na hÉireann. Ní fearrde na gasúirí an méid sin dar leis.
»»»Molann Katie Nic Aindréis don aos óg a bheith siúlach más mian leo a bheith dea-scéalach. Tá bliain acadúil caite ag Katie i Virginia, an chéad tréimhse dá saol ag obair thar lear, agus an tréimhse is fearr a bhí aici go dtí seo, deir sí.
»»»Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir. Tugann Pat é féin míniú ag tús an ailt ar a mbeidh á chíoradh ann.
»»»Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.
»»»Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
»»»Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain. Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
»»»Is mór an tionchar atá á imirt ag saol na teicneolaíochta ar shaol an cheoil a deir Roseanne Smith. An té atá in ann an t-athrú a bhrath, a thomhas agus athrú go luath dá réir é féin, déanfaidh sé a leas agus ní chuirfidh sé am ná iarracht amú de bheith ag iarraidh snámh in aghaidh sruth na teicneolaíochta.
»»»Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath. Ní fíor dó a deir Colm Mac Séalaigh. Ní ligeann aon fhoireann, Cill Chainnigh san áireamh, a maidí le sruth san am nach mbraitear an dúshlán rompu rómhór.
»»»Is maith a chruthaigh Obama, deir Brian Ó Broin linn. Tá sé ag tabhairt faoi na fadhbanna faoi is thairis ar luas nach raibh súil ag daoine leis in aon chor. ‘Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Meas bosca bruscair atá ag roinnt de thíortha na hEorpa agus Mheiriceá ar Chorn na hAfraice a deir Maidhc Ó Cathail. Eascraíonn an easpa measa sin as an easpa rialtais i Mogadisiú. Sin é is máthair leis an ‘bhfoghlú mara’ in Aigéan na hInde deir sé. Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.
»»»Ar fhoghlaim muid ceacht? An féidir ligeann don mhéid a tharla cheana titim amach arís? Caithfear an córas polaitiúil a chruthaigh na fadhbanna millteanacha dúinn a athrú, a deir Ciarán Mac Aonghusa. Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheá nó thig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.
»»»D’fhág Margaret Thatcher oidhreacht nach raibh sí ag dréim leis ina diaidh. Ní bheadh sí róshásta le cuid den oidreacht sin dar le Robert McMillen. Ó thaobh daoine eile in Éirinn, déarfaí nach róshásta lena hoidhreacht ach an oiread léi atá chuid acu.
»»»Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.