CÚINNE NA nEALAÍON
Daoine a amharcfaidh orthu féin ag amharc orthu féin
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.

Íomhá
Aingeal an Tuaiscirt, Anthony Gormley a dhear

Tá clú ar an dealbhóir Anthony Gormley as saothair phoiblí a bhaineann leis an chorp a sholáthar – a cholainn féin go háirithe. Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby. Tá sé ag brath ar dhaoine an t-am seo leis an tionscadal is déanaí atá ar siúl aige ina mbeidh 2,400 duine den ghnáthphobal rannpháirteach in ealaín suiteála beo.

Beidh an saothar beo seo, ar a nglaoitear One & Other, le feiceáil ar an cheathrú ceap colúin ar Chearnóg Trafalagar i Londain ón Iúil seo chugainn agus tá i gceist aige go mbeidh duine difriúil ar an cheap fholamh gach uile uair sa lá ar feadh céad lá san iomlán.

Tugadh cuireadh do dhaoine, ar mhian leo páirt a ghlacadh sa togra seo iarratas a chur isteach ar www.oneandother.co.uk agus gi go bhfuil mí le dul sula dtaga an sprioc dáta aníos, tá breis is 10,000 duine i ndiaidh spéis a léiriú ann.

Tá sé oscailte do dhuine ar bith atá ina chónaí sa Bhreatain agus ba mhaith leis an ealaíontóir go mbeadh meascán daoine le feiceáil iontu siúd a roghnófar, a bhéarfaidh léargas cothrom ar réigiúin éagsúla na Breataine agus a mbeidh cothroime ann ó thaobh mionlaigh chine agus inscne.

In Iomaíocht

B’éigean do Gormley dul i ngleic le healaíontóirí mór le rá eile ar nós Anish Kapoor agus Tracey Emin leis an choimisiún seo a bhaint agus deir sé go mbeidh an saothar seo ina phortráid ar Bhreatain na linne seo.

It’s the making of a piece of sculpture in time. It’s asking fairly fundamental questions about who can make and how it can be made, who can participate in it, and important questions about representation. What I am hoping is that this will tell us something we don’t already know about what people think and feel about being alive now’.

Tá Mark Ashworth, ó Colchester, Essex mar dhuine de na hiarrthóirí atá ag pleanáil cheana féin cad é a dhéanfaidh sé má éiríonn leis áit a bhaint amach sa togra.

‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad. Cuirfidh mé cruth orm féin ar nós ‘An Smaointeoir’ (le Auguste Rodin) agus ainneoin nach bhfuil mo chorp mar a bheadh lúthchleasaí Gréagach ann, is féidir liom a bheidh gléasta cosúil lena leithéid!’

Féachaint na Feachtasaíochta

Chomh maith leis na daoine atá ag lorg clú sna meáin dóibh féin, tá iarrataisí ann fosta ó lucht agóidí frithchogaidh, daoine i mbun feachtaisí athraithe aeráide agus foréigean teaghlaigh.

Gheobhaidh gach ‘buaiteoir’ uair a chloig ar an cheap cholúin le cibé rud is mian leis / léi a dhéanamh – fad is go bhfuil sé dleathach. Glacfar le daoine i gcathaoir rotha chomh maith agus is féidir rudai a thabhairt leat - ach tá cosc ar pheataí.

Tá an ceap ocht méadar ar airde agus beidh líon slándála thíos faoi ar mhaithe le sábhailteacht a chinntiú agus a dhéanann ráiteas, de réir Gormley ar leochaileacht an duine agus iad leo féin, nochtaithe ar bharr an chip.

Tá daoine ann áfach nach bhfuil chomh cinnte gur togra fiúntach ealaíne atá i gceist sa saothar seo agus cháin Michael Daley, stiúrthóir an ghrúpa feachtasaíochta, ArtWatch UK, é mar obair a bhí ‘dotty’ agus ‘intellectually bankrupt’.

Tá Gormley ag súil go dtabharfaidh One & Other léargas ar Bhreatain na linne seo agus tá sé cinnte go dtarlóidh sé sin, ach níl aon chinnteacht ann nach céad lá de ‘wannabes’ a bheas ann – daoine a amharcfaidh orthu féin ag amharc orthu féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.