Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain. Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
I dtús na míosa seo caite, bhailigh níos mó ná míle duine le chéile ar an bPlás Saint Michel, os comhair Ardeaglais Notre Dame i gcroílár Pháras, ag fógairt ar an rialtas iad a chur i bpríosún. Tháinig na sluaite amach ar shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers). Thug siad aghaidh ina dhiaidh sin ar theach na cúirte áitiúla ag rá: Féach, tá an dlí seo briste againn arís agus arís eile. Táimid ciontach. Caithigí isteach ar leaba chláir na carcrach sinn.
Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír. Dar leis an Secours Catholique (http://www.secours-catholique.asso.fr/actualitefrance_1777.htm), ceann de na heagraíochtaí a bhí taobh thiar den agóid i mí Aibreáin, úsáidtear an dlí seo chun imeaglú a chur ar dhaoine ar mian leo seasamh leis an duine atá thíos, sa chás seo na sans papiers – béilí teo a chur ar fáil, seirbhísí leithris agus folctha a eagrú, teileafóin phóca a athluchtú agus a leithéid.
Níor chuir dúnadh ionad lóistín na ndídeanaithe i Sangatte i mí na Nollag 2002, ionad a bhunaigh Cumann na Croise Deirge, deireadh leis an bplódú daoine isteach i gceantar Calais as an Iaráic, an Chordastáin, an Afganastáin, an tSomáil agus as tíortha eile nach iad. Meastar go bhfuil idir 600 agus 800 duine sans papiers gan dídean i mórcheantar Calais, an calafort is gaire don Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil pobail eile dídeanaithe i mbailte Cherbourg agus Zeebrugge na Beilge chomh maith. Cónaíonn siad pé áit is féidir leo – i mbotháin trá nó i dtithe tréigthe, nó sa ‘dufair’ – an ceantar foraoise timpeall ar bhaile Calais – ar phailléid adhmaid faoi chlúdach plaisteach.
An Rogha Ceann Scríbe
Is é Sasana an rogha ceann scríbe atá acu ar fad in ainneoin drochstaid an gheilleagair ina bhfuil an tír sin faoi láthair. Is ann atá daoine muinteartha leo cheana féin a bheidh in ann cabhrú leo lóistín agus post a fháil; bíonn Béarla éigin ag roinnt mhaith acu; ach, thar aon ní eile, tuigtear dóibh go mbeidh sé níos éasca gan aird na n-údarás a tharraingt orthu féin i dtír nach gá páipéir aitheantais a bheith ag duine. Agus cé gur féidir aillte bána Dobhar a fheiceáil ó thrá Calais, 34 ciliméadar thar an Muir nIocht, ní éiríonn ach le dream beag acu an El Dorado seo a bhaint amach.
Agus is é seo an cúlra atá ag an scannán ‘Welcome’ de Philippe Lioret atá á thaispeáint i bpictiúrlanna na Fraince le sé seachtaine anuas. Tá Bilal, duine de na príomhcharachtair, díreach tar éis Calais a shroicheadh i ndiaidh dó a bhaile sa Chordastáin a fhágáil ina dhiaidh roinnt míonna roimhe. Tá rún aige Londain a bhaint amach, ach ní thuigeann sé gur bóthar caoch é Calais dá leithéid. Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.
Is é an bealach ina dtugann Bilal faoi é féin a ullmhú don turas snámha seo a chuireann go mór le héifeacht an scannáin. Téann sé ag traenáil chuile lá i linn snámha an bhaile, áit a gcuireann sé aithne ar gharda tarrthála, Simon. Ní thógann sé i bhfad ar Simon a thuiscint céard atá ar bun ag an bhfear óg. In ainneoin a chuid iarrachtaí, ní féidir le Simon intinn Bilal a athrú agus tuigeann sé nach bhfuil de rogha aige féin ach cabhrú le Bilal an plean atá aige a chur i gcrích.
Dúirt François Reynaert, scríbhneoir agus iriseoir, agus é ag scríobh faoin scannán ‘Welcome’ sa Nouvel Observateur an tseachtain dar críoch 18 Márta: Tá saothair ficsin ann a bhfuil a oiread sin cumhachta iontu go n-éiríonn leo a bheith céad uair níos éifeachtaí ná na tuairiscí faisnéise is fearr ar domhan. Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu:
Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘Welcome’ agus ‘The Visitor’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas. Ach ní hé an t-inimirceach agus na fáthanna a thóg air a bhaile agus a mhuintir a thréigean is tábhachtaí sna scannáin seo, ach an chaoi ina dtugtar dúshlán don ghnáthdhuine gan neamhaird a dhéanamh de.
Is mise nó tusa an gnáthdhuine sin, an duine dleathach, an duine a bhfuil an cháipéis aige a thugann cearta agus seasamh dó. Fágaimid an obair shalach - an ceart an duine seo a choimeád nó a dhíbirt? - faoin stát, faoi lucht custaim agus faoi na póilíní. Ní féidir, i ndeireadh an tsaoil, an ‘Céad Míle Fáilte’ a chur roimh chuile dhuine a theastaíonn uaidh teacht isteach sa tír. Seans go raibh Natacha Bouchart, méara Calais, ag caint thar cionn go leor daoine nuair a dúirt sí le déanaí: Ní theastaíonn uaim an saol a dhéanamh éasca do na hinimircigh neamhdhleathacha seo nó fáilte róchroíúil a chur rompu. Má dhéantar sin, beidh chuile dhuine beo acu ag triall ar an mbaile!
Dar le Philippe Lioret, is ceart fáil réidh leis an dlí L622-1. Is dlí é a mbaintear drochúsáid as, dlí a chuireann i gcuimhne dó na ruathair a dhéantaí ar an bpobal Giúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda, dlí atá cumtha chun eagla a chur ar an ngnáthdhuine gan aon bhaint a bheith aige le duine sans papiers. Tá sé in am, dar le heagarfhocal an nuachtáin Libération a foilsíodh ar an 14/15 Márta, an dlí seo a chur ar ceal má tá brí ar bith leis an bhfocal ‘solidarité’!