CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Soitheach Naofa Gnó an Cheoil
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Is mór an tionchar atá á imirt ag saol na teicneolaíochta ar shaol an cheoil a deir Roseanne Smith. An té atá in ann an t-athrú a bhrath, a thomhas agus athrú go luath dá réir é féin, déanfaidh sé a leas agus ní chuirfidh sé am ná iarracht amú de bheith ag iarraidh snámh in aghaidh sruth na teicneolaíochta.

Íomhá
Guthán póca Apple
Íomhá
Spléachadh ar mhodhnóirí Last.fm
Íomhá
Downloadmusic.ie
Íomhá
Johnny Beirn agus Gareth, Downloadmusic.ie

Tá iPhone faighte agam ón am a foilsíodh m’alt deireanach. duit a bheith buartha: nílim chun alt a scríobh ag gabháil ar aghaidh is ar aghaidh faoi mo bhréagán nua. Ní scríobhfaidh mé oiread is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl. srl. ad infinitum. Seo alt de shaghas éigin eile. Seo alt faoi theicneolaíocht an cheoil agus faoi ghnó an cheoil.

Tá an ceol ar ais i mo shaol. Sin ceann de na hathruithe is mó a tharla ó fuair mé m’iPhone dílis. Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile, d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh. Sin ráite, rinne seisean pointe maith i gcoinne an iPhone: toisc gur fón agus uirlis teagmhála pearsanta atá ann ní féidir leis féin, fágaim, gabháil amach ag siúl leis an iPod ina phóca a thuilleadh. Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo. Is mar sin a chasann rothaí móra an tsaoil!

Maith nó olc, tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an ngné nua seo de mo shaol, tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann an Úill!). Cé go mbainim taitneamh ar leith as na seanfhoinn, bím de shíor ar thóir ceoil úir.

Cuidiú an Idirlín

Is cabhair an-mhór an t-idirlíon agus mé ag tabhairt faoin dtóraíocht seo. Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.

Sin é atá ar siúl ag Last.fm ‘ó deireadh an 20ú aois’, mar a deir siad féin. An rud cliste faoin suíomh seo, gur féidir an ceol atá seinnte agat ar d’iPod (nó má tá an t-ádh leat cosúil liomsa, ar d’iPhone!) a “scrobbláil” chuig an suíomh. Ciallaíonn seo ná trí fheidhmchlár beag ar do ríomhaire féin atá nasctha le iTunes, is féidir eolas faoin gceol atá cloiste agat a chur chuig do phroifíl ar Last.fm. Molann an suíomh ceoil duit, bunaithe ar an gceol atá agat cheana mar sin, agus is féidir sruth de na moltaí seo a sheinnt ar an suíomh, nó ar d’fheidhmchlár féin cosúil le stáisiún raidió gan na fógraí. Chomh maith leis an gceol féin, gheobhaidh tú nasc chuig siopa ar an líon chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó faoin mbanna a fháil. Is é pobal Last.fm féin a scríobhann agus a chuireann leis an eolas seo. Is líonra sóisialta é Last.fm freisin agus is féidir cairde a chothú agus éisteacht lena gceol siúd atá sa chomharsain chéanna cheoil leat féin leis. Tiocfaidh tú ormsa ann leis an leasainm crumlin. Is féidir liom mo rogha féin cheoil a roinnt leo siúd a léann mo bhlag trí ghiuirléid atá leabaithe agam ann.

Deiseanna úire

Oibríonn Last.fm mar tá tuiscint mhaith ag na cruthaitheoirí ar úsáid teicneolaíochta a spriocmhargaidh agus ar spéiseanna a spriocmhargaidh. Dream eile a bhfuil tuiscint an-mhaith acu ar na húsáidí agus ar na spéiseanna seo, ná comhlacht atá lonnaithe i gCo. Liatroma, Downloadmusic.ie. Thuig Johnny Beirne, bunaitheoir an chomhlachta seo, nach mbíonn cártaí creidmheasa ag daoine óga. Thuig sé freisin gurb é an dream céanna seo a cheannaíonn an ceol is nuaí is minicí. Ba ghá bealach éigin a chruthú dóibh mar sin, chun an ceol nua seo a cheannach. Is annamh anois a bhuailtear le duine óg gan fóin póca.

Ligeann Downloadmusic.ie do leannáin an cheoil é a cheannach trí théacs a chosnaíonn 99c. Simplí. Is féidir éisteacht le sruth cheoil ar Downloadmusic.ie freisin a chabhróidh leat do rogha a dhéanamh. Chomh maith leis sin, tá seirbhís chun ticéid cheolchoirme a dhíol. Don chuid is mó, is ceoltóirí neamhspleacha atá le fáil ann agus is cabhair mhór an tseirbhís seo dóibh. Má bhíonn ceolchoirm ar na bacáin acu, is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le hamhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dháileadh ar bhileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus munar leor sin, tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcruthú na gcairteanna ceoil in Éirinn.

Is é gainne ábhair a chuirfeas lena luach

Is é bun agus barr na seirbhísí seo agus ceist shíoraí ghnó an cheoil faoi láthair, ná conas saolré ghnó an cheoil a chothú. Bhí ceol ann i gcónaí agus ag pointe éigin, thosnaigh daoine ag déanamh airgid as agus rinneadh airgead as mar nach raibh sé ar fáil do chách i ngach áit, i gcónaí. Chomh luath is a rinneadh ábhar digiteach den cheol, d’fhéadfaí fíorchóipeanna a dhéanamh as. Tá luach ag baint le haon acmhainn a fhad is gur acmhainn gann atá ann. Chomh luath is gur féidir cóipeanna a dhéanamh den acmhainn go tapaidh agus ar praghas iséal, tá an luach tráchtála bainte de. Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim chun deiridh. Tuigeann leithéidí Last.fm agus Downloadmusic.ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú. Sin an Soitheach Naofa anois: freagra na ceiste ar conas airgead a dhéanamh as acmhainní digiteacha cultúir. Agus chomh maith le sin, is casadh eile é de rothaí móra céanna an tsaoil!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.