Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #98 · MEITHEAMH 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg. Is é an dóigh gur spreag ár gcuid cainte sinne é. An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt. Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Seosamh Mac Muirí

Ba é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin an t-aoichainteoir a d’oscail Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite in Aonach Urmhumhan. Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F. & Kennelly, James J., 2009).

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile. Tugann Breandán Delap a mheas féin ar cad é mar a d’éirigh le baill den Chomhaireacht i gcaitheamh na bliana

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Is iomaí ainmhí a tháinig nó a cuireadh i dtír is a rinne leas. An coinín, an luchóg mhór, an madra, an cat, is féidir le ceann ar bith díobh a bheith ina scrios i dtír chomh mór leis an duine féin. Tá le rá ag Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil lucht eolaíochta buartha faoi lusra Oileáin Mhic Guaire laisteas den Tasmáin.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

seal caite ag Breandán de Gallaí ag freastal ar chomhdháil i dtuaisceart Chríoch Lochlainn mar a gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain ar an aon láthair. I gcathair álainn na dtromán, nó Trondheim, a bhí. Chuaigh an áit agus an dream atá ann i bhfeidhm go mór air.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Ní hé Barack Obama amháin atá ina réadóir thall i Meiriceá. Tá trácht ag Brian Ó Broin ar bhean atá ag déanamh dul chun cinn go seoigh as cúlra nach mbeadh aon duine ag súil léi. Sonia Sotomayor a hainm agus tá sí ag fíorú na haislinge Meiriceánaí.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Bíodh meas againn ar an ‘minic a thig’ a deir Roseanne Smith linn. Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh. Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Ag tabhairt faoi dhá thaobh na Dála atá Balor an t-am seo, an taobh thuas agus an taobh thíos, nó lena rá ar bhealach eile, an Tuí a D’fhill Balbh agus an Tuí a D’fhill Daoi.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Tá Meiriceá i mbaol ó chuid dá chóras féin a deir Maidhc Ó Cathail. Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”. ‘Voy a Explotar’ le Gerardo Neranjo (2008) a bhí ann.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
P.J. Mac Gabhann

Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras. Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise. Daoine eile ag iarraidh éalú ar ais nó ar éigean. An t-am seo bliana 1940 a thosaigh an drochobair.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann. An scéal nár insíodh agus an scéal a séanadh, scéal na Gaeilge i Learpholl.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa. Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe. Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus. Chaithfeadh sé teacht. Níl gnó na fógraíochta ann mar a bhíodh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Tá Alan Desmond le sraith de chuntais ghearra ar mhionlaigh eitneacha éagsúla timpeall an domhain a roinnt linn. Ní dhéantar mórán tráchta sna meáin ar na mionlaigh seo. Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Bíonn cleas le foghlaim i gcónaí. Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonngur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óirgné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.