Is maith a chruthaigh Obama, deir Brian Ó Broin linn. Tá sé ag tabhairt faoi na fadhbanna faoi is thairis ar luas nach raibh súil ag daoine leis in aon chor. ‘Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.
Táimid tagtha go deireadh chéad ráithe Uachtaránacht Bharack Obama, agus mar is iondúil d’uachtarán nua, táthar á scrúdú go géar, féachaint ar éirigh go maith leis nó nár éirigh, agus ag lorg tuaranna don chuid eile dá thréimhse oifige.
Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d’éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás go breá scafánta. Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá nuair a d’fhógair an tUachtarán Obama, gan é bheith ach 24 uair a chloig in oifig, go ndúnfadh sé príosún Guantanamó ar oileán Chuba. Céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide. B’shin "ní shárófar an dlí as seo amach ar mhaithe le slándáil." Ba theachtaireacht do lucht cosanta Mheiriceá seo freisin: gur shíl rialtas Obama gur sáraíodh an dlí faoin réimeas deireannach.
Cuireadh iontas ar go leor i lár mí Aibreáin nuair a d’fhoilsigh rialtas Obama litreacha a seoladh idir ceistneoirí na gcimí agus comhairleoirí dlí i rialtas Bush. Má bhí amhras in intinn dream áirithe faoina ndearnadh leis na cimí, ní raibh tar éis na heachtra seo. Ba léir gur céasadh na cimí go dona le caoinchead oifigeach sinsireach Bush. Cuireadh náire ar roinnt mhaith den phobal, cé gur dhearbhaigh Obama nach gcúiseofaí na céasadóirí féin, ach na dlíodóirí sa réimeas a thug cead dóibh é a dhéanamh.
Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010. Bhí solas le feiceáil go tobann ag deireadh an tolláin ó thaobh cosaint agus míleatachais de. Bheadh Meiriceánaigh in ann deireadh an chogaidh fhada seo a shamhlú i ndeireadh báire, agus b’árdú chroí é d’fhormhór an phobail.
Ba é tuairim na saineolaithe le fada, freisin, gurbh obair in aisce é cogadh na hIaráice, agus gur san Afganastáin a bhí an cath le cur dáiríre. Agus fórsaí Mheiriceá ceangailte san Iaráic, bhí Al-Qaeda ag athneartú níos faide soir. D’fhógair Obama go seolfadh sé mórchuid de na saighdiúrí san Iaráic ar aghaidh chun na hAfganastáine chun an tír sin a smachtú, go háirithe agus an Phacastáin béal dorais ag titim as a chéile freisin. Géarchéim an Gheilleagair
Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009. Theip ar Lehman Brothers, an comhlacht mór infheistíochta, agus ar Merrill Lynch agus ar Washington Mutual, dhá bhanc ollmhóra, maille leis na scórtha comhlachtaí airgeadais beaga eile. Cé gur thug rialtas Mheiriceá iasachtaí do na comhlachtaí ba ghaire don teip, ba léir go raibh na cinn mhóra ag guagadh freisin. Faoi dheireadh 2008, níorbh é an Iaráic an chloch ba mhó ar pháidrín na cosmhuintire níos mó, ach a bpócaí. Bhí i bhfad an iomarca Meiriceánach ag maireachtaíl ar chreidmheas, go háirithe an t-airgead a mheas siad a bhí acu ina dtithe. Ba mhór a n-uafás nuair a phléasc bolgán na tithíochta agus nuair a thit luach a dtithe. Bhí na milliúin daoine ‘bun os cionn’ ar a morgáistí in achar gairid. Is é sin, bhí a morgáistí níos mó ná luach a dtithe. Dá bhfanfadh an fhadhb seo taobh le tithe amháin, ámh, níor lá an luain é do ghéilleagar na tíre, ach bhí na bancanna tar éis infheistíocht ollmhór a dhéanamh i dtithíocht. Agus luachanna tithe ag titim, agus na sluaite neamhinniúil a morgáistí a íoc, thit na bancanna as a chéile freisin, ceal íocaíochtaí. Anois, gan na bancanna ábalta iasachtaí a thabhairt amach d’éinne, ní raibh creidmheas ar fáil do ghnónna na tíre, agus thosaigh na gnónna ag dúnadh. B’éigean do na comhlachtaí móra cairr, mar shampla, dul ar a nglúine go Washington mí Feabhra chun iasachtaí a lorg ón rialtas nua, agus fós féin, táthar ag tuar go mbeidh ar an ollchomhlacht General Motors (a dhéanann Opel, Saab, agus Vauxhall, mar shampla, san Eoraip) bancbhristeacht a fhógairt.
Agus na rudaí seo ar siúl, mhol Obama plean spreagtha don tír a chosnódh an rialtas $787 mbilliún dollar. Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh. Dar leis an uachtarán, shábhálfadh an plean seo suas le ceithre mhillúin jabanna. Ar ndóigh, deir na criticí nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas lena leithéid a dhéanamh agus nach dtiocfaidh as seo ach fiacha ollmhóra a mhairfidh ar feadh na scórtha bliain.
An rud ba chonspóidí a rinne an t-Uachtarán Obama go nuige seo, ámh, ná pacáiste sábhála ar luach leaththrilliún dollar a mholadh agus a eagrú do bhancanna agus comhlachtaí cairr Mheiriceá. Fós féin, is mó is cosúil go ndúnfaidh na comhlachtaí Chrysler agus Pontiac (fochomhlacht de chuid General Motors) a ndoirse. Arís, deir na criticí nach bhfuil sa moladh seo ach sóisialachas stáit, agus go mba cheart do dhrochchomhlachtaí titim. Taisteal thar Lear Tá an-drochíomhá ag Meiriceá thar lear go fóill: tír an chéasaithe, tír na maistíneachta, tír an oilc agus an fhuatha. Ar ndóigh, ba é dearcadh an Uachtaráin Bush agus a chomrádaithe a chur bunús leis an íomhá seo, ach anois agus Meiriceá i sáinn geilleagair níos mó ná rud ar bith eile ó 1929 amach, tá cairde de dhíth ar an tír. Le déanaí, tá tíortha mar an tSín ag cur Meiriceá ar an eolas go bhfuil fiacha acu air, agus gur mó is dóichí go mbeidh siad ag lorg na bhfiacha seo ar ais sar i bhfad. Tar éis titim an Aontais Shóivéidigh i 1989, ní raibh ach sárchumhacht amháin ar domhan, ach le roinnt blianta anuas anois, tá tíortha mar an Ind, an tSín, agus (más tír é) an tAontas Eorpach, ag teacht chun cinn mar iomaitheoirí do Mheiriceá. Má bhí an tUachtarán Bush in ann gníomhú beag beann ar thíortha eile, ní féidir leis an Uachtarán Obama an rud céanna a dhéanamh. Ó insealbhaíoidh Obama mar uachtarán, tá sé tar éis cuairteanna oifigiúla a thabhairt ar go leor tíortha timpeall an domhain cheana féin. "Oibrimis le chéile" a theachtaireacht do na ceannairí a mbuaileann sé leo, ach bí cinnte de nach bhfuil an entente seo ag tarlú gan mhargadh a oibríonn don dá thaobh. Chuir comhairleoir Bush, Karl Rove, síos ar na turasanna seo mar chúis náire don tír, é ag seasamh ar an bpointe nach ngabhann Meiriceánaigh leithscéal le héinne agus gur ag lagú Mheiriceá a bhí Obama i súile an domhain.
An dúrud déanta ag an uachtarán cheana féin, mar sin, ach, tá Obama ag obair ar mhórthogra amháin eile - árachas sláinte a chur ar fáil don chuid is mó den phobal. Mar atá cúrsaí, caithfidh an gnáthshaoránach íoc as a chostaisí sláinte féin, agus is minic a dhiúltaíonn na comhlachtaí árachais don iarratasóir mar gheall ar dhrochshláinte a bheith air cheana féin. Má éiríonn le plean an uachtaráin, ní bheidh na comhlachtaí in ann diúltú d’iarratasóir ar bith. Ar ndóigh, tá tionscal sláinte Mheiriceá go mór ina aghaidh seo, agus feicfear chomh fada is a rachfaidh an plean amach anseo. Theip glan ar Bhill Clinton nuair a mhol seisean a leithéid i 1993.
Blianta suimiúla atá amach romhainn, mar sin. Táimid cosúil le lucht féachana ag ollchluiche pócair, ach amháin go bhfuil ár n-imreoir ag imirt lenár gcuid airgid sinne. Tá súil le Dia agam go mbeidh an teach lán le guthú go láidir ar a shon.