AR NA SAOLTA SEO
An Tuíodóir Mná
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhág Margaret Thatcher oidhreacht nach raibh ag dréim leis ina diaidh. bheadh róshásta le cuid den oidreacht sin dar le Robert McMillen. Ó thaobh daoine eile in Éirinn, déarfaí nach róshásta lena hoidhreacht ach an oiread léi atá chuid acu.

Íomhá
an Iarainn, Margaret Thatcher
Íomhá
Ted Heath
Íomhá
Long na hAirgintíne, an Ginearál Belgrano a cuireadh go tóin poill le 323 ar bord

Beidh cuid mhór sna páipéir nuachta an mhí seo imeacht a tharla 30 bliain ó shin an tseachtain seo - teacht i gcumhacht Margaret Thatcher mar Phríomh-Aire na Breataine ar an 4ú Bealtaine 1979.

tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher. ACH. stair na hÉireann lán eachtraí a bhain amach toradh arbh é mhalairt den rud a bhí lucht a ndéanta ag iarraidh agus sin go soiléir i gcás Thatcher. Neartaigh gluaiseacht na poblachta, ba í ba chúis le dul chun cinn Shinn Féin sna toghcháin, ba í an chéad Phríomh-Aire í a thug aghaidh ar Aontachtaithe. Tuaisceart an lae inniu tógtha ag Margaret Thatcher, ach mar ba mhian léi é.

Is beag duine i stair na coimhlinte ó thuaidh a bhfuil a oiread céanna fuatha orthu i measc náisiúnaithe an tuaiscirt atá ariníon an ghrósaera”, Margaret Hilda Thatcher. Sin ráite, ar íorónaí an tsaoil é, creidim féin nach mbeadh an rath atá ar Shinn Féin inniu ann ach go í.

Aontachtach

Aontachtach a bhí riamh i Margaret Thatcher. B’as an mheánaicme measúil coimeádach a chreid go diongbháilte san Impireacht agus in Aontas na Ríochta Aontaithe í. Bhí inti ó thaobh na dtaobhann.

Sa pholaitíocht, bhí an clú uirthi mar bhean dhian - stad mar Aire Oideachais i rialtas Ted Heath de bheith ag soláthar bainne saor in aisce do pháistí scoile os cionn 7 mbliana d’aois, eachtra a thuill an leasainmmilk-snatcherdi.

Tháinig Thatcher mar chomharba ar Ted Heath i 1975 agus nuair a bhain na Tóraithe toghchán 1979, bhí daoine ó dheas sásta deis a thabhairt do Thatcher - bhuail Jack Lynch léi cúpla i ndiaidh di bogadh isteach i Sráid Downing.

Níorbh amhlaidh é do mhuintir na láimhe láidre, áfach. Mharaigh an tINLA a cara, Airey Neave le linn don pháirtí a bheith ag toghchánaíocht, go luath i 1979. An bhliain chéanna, mharaigh an tIRA an Tiarna Mountbatten agus 18 saighdiúir in aon eachtra amháin ag Narrow Water Castle i gContae an Dúin ar an chéanna. Bhí agóid na pluide ag dul ar aghaidh le trí bliana roimhe sin chomh maith. Thug poblachtánaithe dúshlán Thatcher agus ghlac leis go fonnmhar, fíochmhar daingean. Sin an mheancóg ba mho ndearna .

Tosaíodh stailc ocrais i bpríosún na Ceise Fada le stádas polaitiúil a bhaint amach i 1980 agus creideann cimí go réiteofaí an chéad stailc ocrais sin go macánta ach gur bualadh bob orthu agus gur Thatcher a bhí taobh thiar de sin.

Iarmhairt na Bánmhartra

Nuair a tháinig an tsraith de stailceanna ocrais i 1981, raibh ceachtar taobh sásta géilleadh. Troid idir an dubh agus an bán a bhí sa troid, dar léi agus sin an fáth gur sheas an fód. fios cad é a tharlódh dtiocfaí ar réiteach go luath sa scéal, ach de réir mar a fuair an deichniúr príosúnach bás i gcarchair na Ceise Fada, b’amhlaidh ba láidre a d’éirigh Sinn Féin agus mothúcháin gach náisiúntóir sáite i gcoimhlint na carcrach, a mhalairt den rud a bhí Thatcher ag iarraidh a chur i gcrích. Bhain poblachtánaithe tairbhe as an tacaíocht úr, ach ba í diongbháilteacht Margaret Thatcher a d’éascaigh a mbealach isteach sa pholaitíocht. I ndiaidh na stailceanna ocrais i 1982, le gluaiseacht a chur faoin pholaitíocht, mhol Jim Prior, an Rúnaí Stáit Coimeádach an ama, go mbunófaí Tionól Thuaisceart Éireann. Bhí Thatcher in éadan an mholta. Mheas go misneodh na hAlbanaigh agus na Breathnaigh a bheadh ag iarraidh rialtas gcuid féin, ach chreid gur thábhachtaí cúrsaí slándála agus an bua a fháil ar an IRA.

Teip Tionóil

Theip ar an Tionól agus bhfuarthas bua ar an IRA. Sna 1980í luatha, bhí droch-chaidreamh amach is amach idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine i ndiaidh na stailceanna ocrais agus cogadh na Malvinas, ach le theacht Garret Fitzgerald ina chomharba ar Charlie Haughey, tháinig feabhas ar an chaidreamh.

Shínigh Thatcher agus Fitzgerald Comhaontú Angla-Éireannach i 1985 - arís, in ainneoin na mná nach raibh le tiontú. Shíl go gcuirfeadh feabhas ar chúrsaí slándála agus bhí praghas polaitíochta le híoc - rannpháirtíocht rialtas na hÉireann i gcúrsaí Thuaisceart Éireann - gurbh fhiú é ach chuir an Comhaontú alltacht ar aontachtaithe. Nuair a bhí cinneadh glactha ag Thatcher, áfach, chloígh leis agus is dócha nach raibh aon cheannaire Sasanach a dtiocfadh leis lei aghaidh a thabhairt ar aontachtaithe ach í.

Is dócha go mbeadh alltacht ar an Bhantiarna Thatcher as a hoidhreacht ó thuaidh. An mbeadh sos cogaidh ann mbeadh ina Príomh-Aire ag an am? fios, ach ba iad cinní agus pearsantacht Thatcher a d’ullmhaigh an tuaisceart ar an turas a bhain cineál bunscríbe amach le síniú Comhaontú Aoine an Chéasta - hainneoin féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.