AR NA SAOLTA SEO
Galar an tSacair
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!

Íomhá
Éamonn de Rís, bunaitheoir na mBráithre Críostaí
Íomhá
Zidane na Caibíle, ó bhunús

Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair. B’ionann a bheith ag buaileadh na liathróide le do chloigeann agus tréas in aghaidh do thír dhúchais. B’shin mar a tógadh mé.

Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda. Is beag a cheap mé an uair sin go mbeinn féin ag plé le foireann sacair a chur le chéile i nGaeltacht Chonamara.

Is ait an tAthair an Saol!

Tá foireann curtha le chéile anseo i gCois Fharraige de bhuachaillí faoi 12 le mise mar bhainisteoir! Sea, táimse im bhainisteoir ar fhoireann sacair sa Ghaeltacht! Tá muid le páirt a thógáil i gcomórtas sacair a bheas ar bun le gairid mar chuid de Chluichí Pobail na Gaillimhe. Má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i nGaillimh, beidh muid ag dul san iomaíocht in aghaidh na mbuaiteoirí, as na contaethe eile i gConnachta, agus má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i gConnachta, beidh muid ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann le buaiteoirí na gcúigí eile.

Is ar mo bheirt ghasúr atá an locht gur tarraingíodh isteach mé i saol an tsacair. Imríonn an bheirt acu sacar le club i nGaillimh, gach maidin Sathairn. Cé gur ceantar láidir peile é Cois Fharraige, ní bhacann ceachtar acu le peil ghaelach a imirt, ach tá siad an-tógtha leis an iománaíocht.

An tImreas in áit na hImeartha

Ní cuis díomá dom nach spéis leo an pheil, ach a mhalairt. Is cluiche barbartha é, im thuairimse, agus is ag dul in olcas atá sé. Le hais na peile, tá éirim agus ealaín ag baint leis an sacar, mar atá leis an iomáint. Déanaim iontas dhó i gcónaí, nuair a bhím ag breathnú ar chluiche sacair ar an teilifís, a sciliúla is atá na himreoirí i bPríomhshraith Shasana: cumasach ag smachtú na liathróide agus an-chruinn sa seachadadh.

eolas fairsing ag na gasúir ar na imreoirí go léir sa Premier League, de bharr na hirisí a cheannaíonn siad. I ngan fhios dom féin, táimse ag sú isteach cuid mhaith den eolas sin chomh maith. Tacaíonn an buachaill leis na Gunnadóirí agus tacaíonn an cailín beag le Learpholl. Bíonn spraoi sa teach againn nuair a bhíonn an dá fhoireann ag imirt in aghaidh a chéile. Tá na geansaithe acu agus is breá leo iad a chaitheamh. Cuid dá bhféiniúlacht is ea an fhoireann ón Premier League lena dtacaíonn siad. Tabharfaidh mé go cluiche iad nuair a bheas siad níos sine, le go mbeidh siad in ann an t-atmasfaer beo ag cluiche den Phríomhshraith a bhlaiseadh agus le go mbeidh siad in ann a chuid laochra a fheiscint ag imirt.

Faoin am seo, is cluiche domhanda é an sacar, á imirt ag mórán chuile thír ach an Vatacáin.

Is cluiche é a fhaigheann greim ar shamhlaíocht na ngasúr ó aois an-óg. Is cluiche é a imrítear ag an gcaighdeán is airde i Sasana. Tá foirne Shasana ar na cinn is fearr ar domhan, mar gheall ar airgead go príomha: tá siad in acmhainn na himreoirí is fearr as tíortha eile a cheannach is a choinneáil. Cuid de fhoirne na Príomhshraithe, is beag Sasanach a bhíonn ag imirt leo, de bharr oiread éirime ón iasacht atá ceannaithe ag na clubanna. Fiú amháin i Sasana, is cluiche domhanda é an sacar. Ní cluiche Sasanach é a thuilleadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.