Chuala an té a bhí ag éisteacht leis na Meáin Ghaeilge san Fhómhar seo caite gur tháinig borradh mór faoin líon ionad teagaisc de chuid an chomhlachta Gaelchultúr fud fad na hÉireann. Chas BEO lena chéad eagarthóir féin, Éamonn Ó Dónaill, an fear a cheap an cúrsa Turas Teanga, le fáil amach faoi Ghaelchultúr agus faoi chuid de stair na hirise seo féin, BEO, chomh maith le gnéithe de shaol na Gaeilge is na Gaeltachta.
An bhfuil tú sásta leis an fhorbairt a rinne Gaelchultúr i mbailte éagsúla timpeall na tíre, ó thús an Fhómhair seo caite go háirithe?
Tús atá ann. Sílim go nglacfaidh sé cúig bliana leis an fhorbairt a dhéanamh i gceart. Tá ag éirí go hiontach linn in áiteanna áirithe, abair, i gCeatharlach mar shampla, tá an-ráchairt ar na cúrsaí ansin, agus ansin theip go huile is go hiomlán orainn i Muineachán. Tá ag éirí go hiontach linn in áiteanna eile ar fud na tíre chomh maith. Tá sé suimiúil mar sin, léiríodh fíorbheagán suime sa rang i Muineachán, cuir i gcás, ansin i nGaillimh agus i gCluain Meala agus in áiteanna eile mar sin, léirigh daoine an-suim iontu. Sílim i gcás Cheatharlach go bhfuil an-bhéim sa cheantar cheana féin ar an teanga, tá Glór Cheatharlach ansin agus tá Bríde de Róiste ag obair léi ar son na teanga. Tá an dúshraith leagtha mar sin. I gcás áiteanna eile, Muineachán, cuir i gcás, níl sé sin i gceist is glacfaidh sé i bhfad i bhfad níos faide, b’fhéidir, an rud a fhorbairt ansin.
An Iris Idirlín, BEO
Cé chuimhnigh ar BEO.ie a chur ar bun?
Tháinig deireadh leis an iris Cuisle agus bhí comórtas ansin ann le hiris eile a chur ina háit agus chuir Liam (Ó Cuinneagáin) agus duine nó beirt eile isteach idirlíon=online">ar an eagarthóir=editor">="gloss" title="contract">chonradh sin agus níor bhronn Foras na Gaeilge an conradh ar dhream ar bith, ach bhí Liam den tuairim go n-éireodh go maith le hiris idirlín, mar nach mbeadh na costaisí céanna i gceist. Chuir sé moladh faoi bhráid an Fhorais agus glacadh leis. Is cuimhin liom an tionscadal a phlé leis in Doheny and Nesbitts, Lá Fhéile Pádraig 2001, an teach tábhairne mór le rá ar Shráid an Rátha, áit a mbíonn na polaiteoirí is lucht na meán. B’shin Lá Fhéile Pádraig 2001 agus tháinig an chéad eagrán de ar an idirlíon ar an chéad lá de mhí na Bealtaine. Tharla an rud go tapa mar sin, agus tá moladh mór tuillte ag Michal Boleslav Měchura, Seiceach, mar rinne sé sin an obair theicniúil ar fad taobh istigh de thréimhse ghairid, gan chostas ar bith. Níor ghearr sé táille. Bhí mise den tuairim, agus ar ndóigh bhí Liam den tuairim, go n-éireodh go maith lena leithéid. Bhí mise ag obair mar eagarthóir ar Chomhar ar feadh tréimhse agus bhíodh deacrachtaí i gcónaí leis na clódóirí, le dearthóirí agus le dáileadh na hirise chomh maith agus bhí costas mór ag baint le sin. Tá sé i bhfad i bhfad níos saoire agus i bhfad níos éifeachtaí an rud a dhéanamh ar an idirlíon.
Bhí tú ag obair sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Caithfidh sé go raibh sé deacair an obair go léir a chur i gcrích.
Bhí sé deacair i ndáiríre an dá thrá a fhreastal agus bhínn ag obair go minic, thar na blianta, ar BEO i gcónaí san oíche agus ag deireadh na seachtaine agus is cuimhin liom oíche na seanbhliana a chaitheamh os comhair ríomhaire agus os comhair scáileáin agus a bheith ag obair ar eagrán Mhí Eanáir. Rinne mé iarracht, go minic, mo chuid altanna a fháil in am, mar bhíodh sé fíordheacair, iad a fháil, faoin spriocdháta a bhí leagtha síos, ach ag an am chéanna, bhain mé sult i gcónaí as an obair agus shíl mé gur rud iontach fiúntach a bhí in BEO. Bhíodh teachtaireachtaí ag teacht go rialta as gach cearn den domhan agus bhíodh daoine ag moladh na hirise agus spreag sé sin go mór mé, mar thuig mé go raibh lucht léitheoireachta ann. Níor chuir an obair dhian isteach an oiread sin orm.
Ar chuir sé iontas ort an t-ardchaighdeán a bhí ar na haltanna a tháinig isteach?
Dúradh go mion minic, sna blianta tosaigh sin, nach raibh scríbhneoirí ar fáil agus chuir sé iontas an domhain orm an caighdeán a bhain leis na haltanna, agus daoine thar lear, cuir i gcás, duine mar Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil, fear a d’fhág an tír blianta fada ó shin, fear a bhfuil scoth na Gaeilge aige agus caitheann sé dua leis na haltanna agus tá na scórtha scríbhneoirí i ndiaidh altanna a chur ar fáil don iris. Má thugann tusa spreagadh do dhaoine go minic, is misneach, cuirfidh siad rud fiúntach ar fáil. Tá nós sa Ghaeilg go minic a bheith ag díriú ar na fadhbanna is ar na deacrachtaí atá ann, ach údar misnigh a bhí ann domhsa an méid sin scríbhneoirí maithe a bheith ar fáil
Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Cad é do mheas ar chaighdeán na Gaeilge sna coláistí tríú leibhéal?
Níl a fhios agam, - bhínn de shíor ag gearán faoin easpa córais tríú leibhéal. Bhí mé ag obair sa Choláiste Ollscoile, BÁC. Bhíodh mo chomhghleacaithe de shíor ag gearán faoi chaighdeán na mac léinn agus bhí sé sin amhlaidh sna coláistí eile a raibh mé ag obair iontu, ach sílim go bhfuil rudaí réabhlóideacha ag tarlú anois, sna coláistí tríú leibhéal. Tá moladh mór tuillte ag Máirín Nic Eoin i gColáiste Phádraig, an Ceann Roinne ansin, mar go bhfuil sise i ndiaidh grúpa a thabhairt le chéile ó na príomhcholáistí, ag obair as lámha a chéile. Tá duine den chéad scoth aimsithe acu, Ailín Ní Chonchúir, le hábhar siollabais agus le hábhar a fhorbairt, agus measaimse sna blianta amach romhainn go mbeidh feabhas mór tagtha ar chaighdeán na múinteoireachta agus ar chaighdeán na siollabas is na n-acmhaoinní sna coláistí ar an tríú leibhéal. Bhíodh rudaí go dona ar fad roimhe seo, measaim féin, in go leor de na coláistí. Ní raibh siollabais ar bith i gceist. Fágadh faoi na teagascóirí sóisireacha seo na ranganna a fhorbairt agus ní raibh córas ar bith ar chor ar bith ann agus na mic léinn a bhí thíos leis. An port a bhíodh agamsa i gcónaí sa COBÁC: bímis dian ar na mic léinn nuair a bheas córas ceart leagtha síos, ach go dtí sin, sílim go gcaithfimid a bheith i bhfad i bhfad níos tuisceanaí. Mar a deirim, tá feabhas ag teacht ar chúrsaí. Sílim go mbeidh córas den chéad scoth ann taobh istigh de bhliain nó dhó.
Imeacht as an ‘Ghort Álainn’
Tharraing Éamonn siar chuig an gColáiste Ollscoile, BÁC mé le labhairt faoi na blianta a chaith sé i mbun ranganna agus scrúduithe ansin. Mhol sé caighdeán ard líofachta sciar mór d’iardhaltaí na Gaelscolaíochta, cuid den dream a gcaitear an ‘ghaelscoilis’ ina n-éadan. Tá cuid acu nach féidir a shárú a fháil ó thaobh cruinnis ná ó thaobh líofachta, a dúirt sé. Ba léir ar an mhéid a d’inis sé dom a dhonacht a bhraith sé a bheith ag obair in áit nach raibh caidreamh thar moladh beirte ag an am. Eachtraí a thit amach na blianta ó shin agus na luaidreáin fúthu nár thuigeas riamh, daoine deasa gnaoiúla a gortaíodh agus nár thuigeas cén fáth, bhí sé in ann a ríomh dom. Fágadh i mbun machnaimh mé ar an bhealach ar ais chuig an charr, ar eachtraí eile agus ar áiteanna eile nuair a rinneadh leithcheal ar dhaoine groíúla ar m’aithne. Is cuimhin liom an stainc a bhrath mé i nduine ar ar thit ‘crann an éigin’ nuair luaigh mé ainm duine eile, ach níor thuigeas dubh na dath cén taobh den scoilt nár míníodh dom a raibh aon duine acu thar a chéile. Thit rud éigin aistíleach amach ann, ach níor thuig sinne ar an taobh amuigh a leath. Is é an trua go dtarlaionn an ghoimh san ionad oibre ó am go chéile agus is mór an trua go leanfar de ar feadh na mblianta, ag cothu easláinte anama agus ag sú brí as daoine fiúntacha eile faoi is thairis. Socraítear easaontas ar bhád iascaigh in achar cúpla lá le buille de dhorn nó le bagairt scine, ach lucht oifige faoin bhóna is carbhat, caithfidh siad na blianta fada ag déanamh angaidh chun a chéile gan teacht ar shocrú nó ar athchaidreamh. Níor bheag a d’inis Éamonn dom faoi, ach dem’ ainneoin, cailleadh rian a sé ar an acra Olympus dar thaifead mé dá chuid cainte. Is leor a rá gur iomaí J Cadhanúil a beochiapadh in imeacht na mblianta, sáinnithe go dúnárasach in oifig i ranna acadúla ar fud na tíre, de cheal eochair na comhurraime agus an chaidrimh dá réir. Roinn Fraincise agus Roinn Iodáilise a bhí ag roinnt árais i bhforas gan bhaisteadh, féadaim a rá, nár labhair siad lena chéile ar feadh blianta fada. D’fhág Éamonn a shlán is a bheannacht ag an saol sin agus thug a aghaidh ar ‘ghort álainn’ eile.
Gaelchultúr
Ar thosaigh tú Gaelchultúr thoir i Sráid an Phiarsaigh, cén bhliain ar thosaigh sibh agus cén fáth?
Níor thosaigh Gaelchultúr i Sráid an Phiarsaigh ach bhí mé féin agus Ailín Ní Chonchúir i mbun CLUBSULT agus bhí sise ag obair sa Choláiste Ollscoile, BÁC. Ba ise an chéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha san ollscoil agus bhí muid beirt ag eagrú ranganna sa choláiste. Bhí na ranganna go maith, ach ní raibh mórán deiseanna do na foghlaimeoirí, taobh amuigh den rang leis an teanga a chleacthadh. Chuir mé tús le ranganna SULT sa teach i Sráid an Phiarsaigh, 2001, measaim. Bhí na ranganna ansin ar feadh cúpla bliain. Bhí deacrachtaí ag baint leis an ionad féin. Gan mhoill ina dhiaidh sin, 2004, bunaíodh Gaelchultúr agus bhog muid isteach i bhfoirgneamh Filmbase Mí Feabhra 2005. Tá na ranganna á reachtáil anseo againn ó shin, ach tá deacrachtaí againn sa mhéid is go bhfuil an-ráchairt ar na ranganna agus níl spás go leor againn. Bímid de shíor ag fáil seomraí ar cíos insa cheantar, rud atá an-chostasach. Tá seans go mbeidh spás breise againn gan mhoill sa cheantar seo. Táimid ag caint le Taisce Chultúrtha Bharr a’ Temple, mar a thugann siad orthu féin, agus táimid dóchasach go mbeidh spás breise againn gan mhoill.
Cad é an dóigh ar thuig tú go mbeadh éileamh ar chúrsaí Gaeilge sa phríomhchathair?
Thuig mé é sin ó bheith bainteach le tionscadail Ghaeilge thar na blianta. D’éirigh go maith le SULT, d’éirigh go maith le ranganna SULT agus bhí mé i gcónaí den bharúil go mbeadh an-éileamh ar ranganna Gaeilge ar chaighdeán an-ard. Bhí sé mar sprioc againn ón tús i nGaelchultúr, - chuir muid béim an-láidir ar chóras cheart a fhorbairt agus tháinig muid i dtír ar an obair a bhí déanta cheana féin ag Comhairle na hEorpa.
Tá siollabais éagsúla forbartha acu, tá an fráma taca ansin do na teangacha, agus bhí muid ag iarraidh ón tús teacht i dtír ar an obair sin. Siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta ar ardchaighdeán a fhorbairt agus táimid i ndiaidh dua an-an-mhór a chaiteamh le sin. Sílim gur muid an chéad dream Gaeilge ariamh, b’fhéidir, a rinne a leithéid a fhorbairt agus tá ábhar againn anois ag ocht leibhéal. Bíonn cúrsa A, B, C, againn gach bliain agus tá ábhar – ní théann múinteoir ar bith isteach i rang gan ceacht ceart aige agus acmhainní ar ardchaighdeán. Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích againn go luath, tá sé i gceist againn díriú ar an idirlíon agus an t-ábhar sin a chur ar líne.
Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007
An bhfuil aon tuairim le nochtú agat ar an tuairisc a d’fhoilsigh Conchúr Ó Giollagáin, Seosamh Mac Donncha agus a bhfoireann thiar in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh sa bhliain 2007?
Maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ....m, bhuel, tá cuimhne agam ag an am an tuarascáil sin a léamh agus mheas mé i gcás na ndaoine óga go raibh na figiúirí cineál ard. Mheas mé féin go bhfuil an duine óg sa Ghaeltacht ag baint níos d’úsáid na teanga, abair i gclós na scoile, ná mar a luadh insa tuarascáil sin. Sílim gur chuir siad ceist ar na príomhoidí agus b’fhéidir go raibh áibhéil áirithe i gceist le húsáid na teanga. Déarfainnse 5% nó níos lú d’aos óg na Gaeltachta, b’fhéidir, atá ag úsáid na teanga eatarthu féin ar bhonn laethúil. Beidh an cath caillte insa Ghaeltacht gan mhoill, mura bhfuil sé caillte cheana féin. Anois tá claonadh ag an dream óg go minic, éirigh as labhairt na teanga sna déaga agus ansin, nuair a phósann siad, tosóidh siad ag labhairt na teanga arís. Tá sé sin feicthe agam féin i gcás gaolta de mo chuid féin i nGaoth Dobhair atá ag labhairt na Gaeilge anois, sna fichidí is sna tríochaidí, ach tá droch-chuma ar an scéal. Níl pleanáil cheart teanga ar siúl agus níl a fhios agam, níl fiú na scileanna, b’fhéidir taobh amuigh de na coláistí tríú leibhéal. Tá dornán beag daoine a bhfuil saineolas acu sa réimse sin, ach b’fhéidir gur údar dóchais go bhfuil daoine cumasacha i mbun an MA sin i nGaillimh, insa phleanáil teanga, daoine an-an-chumasach go deo. Dá mb’fhéidir na daoine sin a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta le bheith ag obair sa ghort, b’fhéidir go mbeadh toradh le feiceáil, ach faoi láthair an deacracht atá ann, gur beag, – Tá brain drain i gceist i gcás na Gaeltachta! Tá daoine cumasacha i gceist. Leithéidí Liam Uí Chuinneagáin, mar shampla, atá ag obair ins an Ghaeltacht, ach níl mórán acu ann. Tá i bhfad níos mó daoine ag teastáil. Tá pleanáil ag teastáil ach caithfear tionscadail a thosú, insa Ghaeltacht féin.
Gairm Bheatha Úr: An Dlítheangeolaí
An bhfuil aon ní eile ar na bacáin ag Gaelchultúr?
Tá, tá baint ag Gaelchultúr le cúrsa do dhlítheangeolaithe atá á reachtáil in Óstaí an Rí le tamall anuas. Cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2007. Bhí an dara cúrsa ar siúl ansin anuraidh. Cúrsa trí mhí go leith atá ann agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Beidh cúrsa eile ar siúl an samhradh seo.
Tá deiseanna iontacha ar fáil san Eoraip agus beidh sna blianta amach romhainn do dhlítheangeolaithe agus do aistritheoirí mar beidh na céadta post ar fáil agus is fiú do dhaoine, b’fhéidir, smaoineamh ar ghairm bheatha sa réimse áirithe sin. Cuireann daoine an cheist ormsa go minic, an fiú a bheith ag plé le stadas na Gaeilge insan Eoraip – nárbh fhearr a bheith ag feidhmiú sa Ghaeltacht? An rud a deirimse i gcónaí, go bhfuil sé tábhachtach, b’fhéidir, rudaí a chur i gcrích ar bhonn áitiúil insa Ghaeltacht, ach go bhfuil sé an-an-tábhachtach go mbeadh stadas ard ag an teanga sa tír agus taobh amuigh den tír, mar go spreagfaidh sin meas ar an Ghaeilg agus beidh dearcadh i bhfad i bhfad níos dearfaí ina leith, mar bhíodh ceangal i gcónaí idir an Ghaeilg agus an bochtanas. Mheas daoine i gcónaí nárbh fhiú í a fhoghlaim – nach raibh mórán deiseanna don té a raibh Gaeilg aige. Sin an fáth go bhfuil stadas na Gaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla an-an-tábhachtach ar fad.