AR NA SAOLTA SEO
Foghlaithe Mara na Somáile
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Meas bosca bruscair atá ag roinnt de thíortha na hEorpa agus Mheiriceá ar Chorn na hAfraice a deir Maidhc Ó Cathail. Eascraíonn an easpa measa sin as an easpa rialtais i Mogadisiú. Sin é is máthair leis an ‘bhfoghlú mara’ in Aigéan na hInde deir sé. Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.

Íomhá
Mohammed Siad Barre, i bhfad blianta ó shin
Íomhá
An long Tian Yu gafa
Íomhá
Margadh Bakaara i Mogadishu
Íomhá
Uachtarán na hAetóipe, Meles Zenawi
Íomhá
Grianghraf a tarraingíodh le linn eachtra Black Hawk Down 1993

Foghlaithe Mara na Somáile is ea an bhagairt is déanaí don tsibhialtacht gur mithid don chomhphobal idirnáisiúnta tabhairt faoi, de réir insint na meán mór ar an scéal. Gan amhras, is cúis imní é an líon bád atá á ngabháil ag foghlaithe mara amach ó chósta na Somáile le tamall, mar is ceann de na bealaí farraige is gnóthaí ar domhan é. Ach níl ansin ach leath den scéal náireach seo.

Is fíorannamh go deo a théann na meáin chorporáideacha go croílár an scéil, agus ní haon eisceacht é an scéal seo. Dá rachadh sa chás seo, léireodh sé go soiléir an neamhaird choiriúil atá á tabhairt ag an gcomhphobal idirnáisiúnta ar leas mhuintir na hAfraice, agus go háirithe an dochar atá déanta ag an neamhaird seo ar mhuintir na Somáile cheana féin.

Ag dumpáil ar an tSomáil

Níl aon rialtas láir sa tSomáil ón mbliain 1991 i leith, ó treascraíodh rialtas Mohammed Siad Barre ag an am agus baineadh leas as an easpa rialtais sin le hacmhainní luachmhara mara na Somáile a ghoid. Ceaptar go bhfuil trálaeir iascaireachta ó thíortha ar fud an domhain ag goid os cionn $300 milliún in aghaidh na bliana ó thír atá beo bocht, ina bhfuil go leor den daonra ag brath go mór ar an iascach.

Tá longa eile san am céanna ag cartadh amach dramhaíl nimhiúil in áiteanna eile ar chósta fada na Somáile atá 2,000 míle ar fhad. Is cosúil go dtágann cuid mhaith den dramhaíl - dramhaíl núicleach san áireamh - as ospidéil agus as monarchana na hEorpa. Is amhlaidh gur tugadh an dramhaíl don mafia Iodáileach lena chur de láimh go saor. Agus níl ionad dumpála níos saoire ná an Afraic, go háirithe i dtír nach bhfuil gá le ceadúnas dumpála a íoc.

Cuireann sé i gcuimhne dom an meamram inmheánach a scríobh phríomhchomhairleoir geilleagair do rialtas Obama, Lawrence Summers, i 1991 nuair a bhí sé mar phríomheacnamaí an Bhainc Dhomhanda: “I think the economic logic behind dumping a load of toxic waste in the lowest wage country is impeccable.... I’ve always thought that under-populated countries in Africa are vastly under-polluted...”

Ar chuma ar bith, ní mó ná sásta a bhí muintir na Somáile le loighic mharfach leithéidí Summers. Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghadcáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.

Ag tabhairt Garda Cósta Deonach na Somáile orthu féin, ní mheasann na hiascairí seo gur ‘foghlaithe mara’ atá iontu. Ní minic a chloistear a dtaobhsan den scéal, ach labhair duine de na ceannairí, Sugule Ali, le Johann Hari, iriseoir de chuid Independent Shasana ar na mallaibh: “We don’t consider ourselves sea bandits,” a dúirt sé.* “We consider sea bandits [to be] those who illegally fish and dump in our seas and dump waste in our seas and carry weapons in our seas*.”

Leithscéal an Chogaidh Fhuair

baint mhór ag stair na Somáile leis an bhfoghlaíocht mhara chomh maith, agus bhí ról nach beag ag na Stáit Aontaithe sa stair chorrach sin. Marxach a bhí i Mohamed Siad Barre, deachtóir brúidiúil na tíre ó 1969 go 1991, ach d’éirigh idir é agus an tAontas Sóivéideach nuair a d’ionsaigh sé an Aetóip i 1977. Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana. Ba chuma leo gur chuir na Náisiúin Aontaithe cinedhíothú ina leith. An Cogadh Fuar a bhí ann, tá a fhios agat. Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.

Chuir George H.W. Bush fórsaí SAM go dtí an tSomáil i 1992 mar chuid de mhisean ‘Operation Restore Hope’ na Náisiún Aontaithe, ach thóg Bill Clinton amach arís iad i ndiaidh gur maraíodh ochtar saighdiúir déag i gCath Mhogaidisiú i 1993. D’fhoilsigh tionscal scannáin Hollywood a leagan siadsan den slad faoin teideal ‘Black Hawk Down’. Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamhbia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.

D’fhulaing muintir na Somáile go mór faoi riail na dtiarnaí cogaidh go dtí 2006, nuair a d’éirigh le grúpaí Iosalamacha an ruaig a chur orthu. Ansin cuireadh rialtas faoin teideal Aontas na gCúirteanna Iosalamacha ar bun i ndeisceart na tíre. Bhí meas an phobail orthu mar chuir siad deireadh le caimiléireacht na dtiarnaí cogaidh, agus is cosúil go raibh ‘saol normálta’ de shaghas éigin ag muintir na Somáile arís tar éis cúig bhliain déag den ainriail.

Cogadh na Sceimhlitheoireachta

Níor thaitin sin le Washington, áfach. Mar chuid den ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ d’earcaigh an CIA tiarnaí cogaidh - cuid acu, fiú amháin, a raibh baint acu le marú na Meiriceánach i 1993 - le dul sa tóir ar Mhoslamaigh ar cuireadh ina leith go raibh baint acu le Al-Qaeda. Gabhadh agus tugadh ar láimh don CIA go leor daoine neamhurchóideacha agus cuireadh ar longa SAM amach ó chósta na Somáile iad le haghaidh ‘ceistiúcháin.’ Chuir tacaíocht SAM do na tiarnaí cogaidh fearg ar an bpobal agus méadaíodh an meas a bhí ar na Cúirteanna Iosalamacha dá bharr.

Nuair ba léir do rialtas George W. Bush go raibh an rás rite ag na tiarnaí cogaidh, ghríosaigh siad Meles Zenawi, deachtóir na hAetóipe nach bhfuil thar mholadh beirte ó thaobh cearta daonna de (ach ós rud é go dtéann sé i bpáirt leis an Iarthar, déanann na meáin neamhaird ar a chuid coireanna), dul isteach sa tSomáil, rud a rinne ar an 24 Nollaig, 2006. Ag moladh an rúin sna Náisiúin Aontaithe a cheadaigh an t-ionsaí, mhaígh SAM gur bhagairt don tsíocháin agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta a bhí i staid pholaitiúil na Somáile.

Má bhí arm na hAetóipe ag iarraidh síocháin a thabhairt do mhuintir na Somáile, ní mar sin a dhealraigh sé. Thuairiscigh Amnesty go raibh fórsaí na hAetóipe ag marú daoine amhail is nach raibh iontu ach tréad gabhar. Bhí longa cogaidh SAM amach ón gcósta ag scaoileadh diúracán ar shráidbhailte ag an am céanna, a mhaíomh gur mhílistigh Ioslamacha a bhí iontu. Ba aoirí gabhair agus a gclann a bhí dá marú acu go minic. Caithfear a bheith ag súil le ‘damáiste comhthaobhach’ sa ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ is dócha. Tuilleadh ‘damáiste comhthaobhach’ is ea na mílte teifeach a theith ó thancanna déanta i Meiriceá (seachas an tionscal míleata, níl mórán eile á tháirgeadh ann le blianta) á dtiomáint ag saighdiúirí na hAetóipe. Tá an tír scriosta tar éis fhorghabháil bhrúidiúil a mhair dhá bhliain. D’uireasa slí bheatha de chineál ar bith, níorbh ionadh go ndeachaigh go leor d’fhir na Somáile amach ar na farraigí ag gabháil bád.

An dream céanna ar theastaigh uathu na hionsaithe ar an Afganastáin agus an Iaráic a dhéanamh cheana, tá siad ag iarraidh an tSomáil a ionsaí anois. Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol, ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha. Agus teastaíonn ó John Bolton, iar-Ambasadóir chuig na Náisiúin Aontaithe i rialtas Bush, go rachadh ‘comhghuaillíocht toilteanais’ isteach ar tír mór le bunáiteanna na bhfoghlaithe a scriosadh.

Cheapfá go raibh a ndóthain dochair déanta acu sa Mheánoirthear, gan trácht ar an dochar atá déanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta do mhuintir na Somáile cheana. Ní shásófar na nuachoimeádaigh go dtí go mbeidh an domhan ar barr ithreach le cogadh dearg idir Iarthar Domhain agus Ioslam, agus mura ndúise muintir Mheiriceá gan mhoill, beidh a leithéid ar bonn, faraor.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.