AR NA SAOLTA SEO
An tOide
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais. Níl an ‘school around the corner’ mar a bhí. Tá an fear bailithe as saol baile agus as saol scoile roinnt mhaith de ghasúirí na hÉireann. Ní fearrde na gasúirí an méid sin dar leis.

Íomhá
Tá Teidí ag tiomáint, níl Daidí ag múineadh
Íomhá
An lá oibre thart
Íomhá
Geata bunscoile, geata nach meallfaidh oide fireann
Íomhá
Mary Hanafin, Aire Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh

Níl aon fhear ag teagasc insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann anois. Sin é an léamh lom gur féidir a bhaint as eolas a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dom ar na mallaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Is fíric é a chuirfidh alltacht ar éinne gur cás leo cúrsaí oideachais in Éirinn. Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú. Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin. Tá 3,332 bunscoil sa Stát agus astu siúd níl aon fhear fostaithe mar mhúinteoir i 1,228 acu. Is ionann sin is a rá nach bhfuil aon fhear ag teagasc i mbreis is 37% de bhunscoileanna an stáit. Nó i bhfocail eile níl aon mhúinteoir fireann ag na leanaí insa tríú cuid de bhunscoileanna na tíre.

ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe. Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach. De réir taighde a rinne an Áisíneacht um Thraenáil agus Forbartha Scoileanna (TDA) sa Bhreatain anuraidh, fritheadh gur rólchuspaí ríthábhachtacha iad múinteoirí fireanna do bhuachaillí agus iad ag éirí aníos. Dúirt breis is leath den 800 fear a ceistíodh sa tsuirbhé gur eisleamáirí tábhachtacha ab ea na múinteoirí fireannacha a bhí acu ar scoil. Lena chois sin, bhraith breis is an tríú cuid acu gur chuir múinteoirí fireanna brú orthu breis oibre a dhéanamh ar a gcuid ceachtanna. Fritheadh fosta gur bhraith gasúirí go raibh sé níos fusa labhairt le fir faoi chúrsaí maistíneachta agus faoi fhadhbanna chaithreachais. Tá a leithéid de thionchar á cheilt anois, áfach, insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann. Lena chois sin, tá traidisiún fadbhunaithe ariamh anall in Éirinn gur fir is mó a bhíonn ag traenáil foirne peile is iomána agus, cé go bhfuil sé in am dul i ngleic le buanchruthú inscne den chineál sin, is mall a mhilleann na muilte in amanna.

Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm. Seo a leanas na figiúirí is tábhachtaí: Tá 31,134 bunmhúinteoir fostaithe sa Stát ach níl ach líon beag fear ina measc - 4,802 san iomlán. Thiocfadh leat a rá mar sin gur fir iad 13% de bhunmhúinteoirí an stáit. I bhfocail eile is mná iad 87% díobh siúd atá ag teagasc ag leibhéal na bunscoile. Ar an taobh eile den scéal, is mó go mór an bhuntáiste atá ag fir ardú céime a bhaint amach. Go deimhin, tá líon na bpríomhoidí fireanna as cuimse ard i bhfianaise a laghad fear atá ag teagasc san earnáil. As an 3,332 príomhoide atá fostaithe is fir iad 1,228 acu. Is ionann sin is a rá gur fir iad 41% de phríomhoidí na tíre. I bhfocail eile tá ceithre huaire níos mó de sheans agat a bheith i do phríomhoide más fear thú siocair go bhfuil a trí oiread fear ina bpríomhoidí ná mná. Cad tuige mar sin nach bhfuil aon suim ag fir tabhairt faoin cheird?

CMÉ, Mary Hanafin agus FG ag déanamh dóigh dá mbarúil?

Deir múinteoirí áirithe go bhfuil siad buartha go gcuirfear ina leith gur péidifiligh iad. Ach mar a tharla i gcás an díospóireacht a bhain lena laghad eachtrannach a bhíodh ina ngardaí, cuireann daoine eile an milleán ar an Ghaeilge. Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil. Ba ar an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais a cuireadh an milleán ar an chlaonadh seo le dornán blianta anuas.

Ní mór do gach aon ábhar múinteora ar a laghad grád a C a bhaint amach i bpáipéar onórach na Gaeilge le háit a fháil sna coláistí seo. Ach ní thugann ach triúr as gach deichniúr scoláire faoin pháipéar onórach agus iarrthóirí fireanna is ea 30% acu sin. D’fhoilsigh Cumann na Múinteoirí (an INTO) an doiciméad Gender Imbalance in Primary Teaching sa bhliain 2004 (féach www.into.ie) inar dúradh go raibh an riachtanas Gaeilge mar dhris chosáin d’earcú bunmhúinteoirí fireanna. Anuas ar sin d’admhaigh an t-iar-Aire Oideachais, Mary Hanafin, go fiú in alt do Loadzajobs.ie go raibh baint ag an riachtanas Gaeilge leis an easpa fear a bhíonn ag teagasc sa bhunscoil. Go deimhin, tá sé molta ag Fine Gael gur cheart deireadh a chur leis an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais.

Léiriú ar aineolas CMÉ, Mary Hanafin agus FG

Ach de réir taighde scolártha a rinne Oilibhéir Ó Braonáin, múinteoir leis an École Européenne i Lucsamburg, anuraidh, nochtaíodh an tuairim nár cheart deireadh a chur leis an riachtanas iontrála Gaeilge mar nach meallfaí tuilleadh fear le dul ag múinteoireachta dá bharr, ach a mhalairt. Bhí a chuid taighde foilsithe in Oideas, iris na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Míléamh ar an eolas staidrimh atá ar fáil is ea an dearcadh seo, de réir an Uas Ó Braonáin. Dúirt sé gur réiteach gearrthréimhseach a bheadh le deireadh a chur leis an riachtanas iontrála agus gur ar aimhleas gairmiúlacht na múinteoirí a bheadh ann. Dúirt sé gur claonadh idirnáisiúnta é seo agus go gcaithfear é a chur i gcomhthéacs a bhfuil ag tarlú in áiteanna eile ar fud na cruinne. Go deimhin, léirigh Ó Braonáin nach bhfuil ráta na mbunmhúinteoirí fireanna anseo ró-éagsúil ó thíortha eile nach bhfuil aon riachtanas iontrála Gaeilge i bhfeidhm i gColáistí oideachais na dtíortha sin. Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.

Is léir gur cheist thar a bheith tábhachtach é seo agus gur ar leas oideachais agus sochaí na tíre é go mbeadh breis fear ag teagasc i mbunscoileanna na hÉireann. Is go tomhaiste a ba cheart tabhairt faoin díospóireacht seo in áit moltaí a chur chun tosaigh nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch. Seans gur cheart clár cuimsitheach ghairmthreorach a bhunú le hiarracht a dhéanamh an bhunmhúinteoireacht a dhéanamh níos tarraingtí do scoláirí dara leibhéil. Ar ndóigh is beag earcú a bheas ag tarlú sna blianta beaga amach romhainn. Seans gur deis mhaith é le tus a chur leis an díospóireacht faoin mhúinteoireacht mar rogha ghairme. Is mithid tabhairt faoi láithreach.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.