AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.

Íomhá
Balor
Íomhá
Brian Bóraimhe a feallmharaíodh ag Cath an tSomme i nGettysburg
Íomhá
Coláiste na bhFantaiseoirí, Gaeilgeoirí Fiáine Chluain Tairbh
Íomhá
Daithí, Naomh
Íomhá
Teach Phríomhfheidhmeannach an BhunDeasBainc, Maigh Eo

(Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag. Níl Beo ar Éigean! freagrach as aon dochar a bhainfidh do léitheoir ar bith sult">de dheasca an ailt seo.)

Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.

Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir. Ní na Lochlannaigh a bheas dár gcur faoi chois an t-am seo, ach lucht an Deutsche Bundesbank agus a gcuid feidhmeannach, a mbeidh an tír ceannaithe acu ar chúpla billiún Euro.

Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar fhís. Baineadh siar as Balor, mar ba léir nuair a tháinig sé chuige féin, nó thosaigh sé ag caint faoi rún Fatima nár scaoileadh fós agus faoin Apacailipsis. Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.

Seo mar a shamhlaíonn muid An tSúil Nimhe in eagrán mhí Lúnasa 2014:

Chósta del Lager Lout

Bhí Balor Bocht ar shiúl ar fud na bhfud an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí dílse; laoch ár linne ag glacadh suaimhnis cibé ar bith áit a raibh sé le fáil agus é ar a chuid alcoholidays. Murab ionann agus tuairisceoirí na nuachtán agus na n-irisí Deutsche a ghlacann a scíste ar an

Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghasanna Arda agus na Seirbhíse Slapaí – ar son na cúise, an dtuigeann sibh? Is breá lenár bpótaire mórbholgach, leathantónach, ollbhéil, leathchaochmhogallach a chuid Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár na cruinne a mbíonn blas chomh deas air, an dtuigeann sibh? Níor éirigh leis fós dul i dtaithí ar an Pilsener nó ar an Dunkel. Cuireann sé iad i gcomparáid le mún asail, cé gur cúis iontais é do go leor daoine go mbeadh fios a bhlasta sin ag Laoch na Litríochta.

I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.

Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann. Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrachchan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).

The Bottom South Bank - An Bun Deas Banc

Seo mar a chuir Balor an Bundallán síos ar an fhéile chlúiteach:

“Arís i mbliana tháinig daoine chun na féile seo ina mílte, iad ag stánadh lena mbéal ar leathadh ar na físeáin den saol mar a bhí in Éirinn roimh theacht an Bundesbank: daoine ag seinm ceoil, ag damhsa agus ag ól. Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíorfhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil ar na saolta seo. Is ansin amháin a bhíonn seans acu an costas a sheasamh ar rud nach dtig leo seinm ina éagmais – an pionta.”

Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh ár laoch ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí shamhradh na hÉireann: ‘Aimsigh an Turasóir Meiriceánach’. Seo mar a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: “Deir mo sheanchara Daithí Atinburó (i nglan-Ghaeilg: Daithí Chathair na hAithne) go bhfuil an Turasórus Meiriceánus anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn, chóir a bheith chomh gann leis an dlíodóir bocht, an múinteoir saibhir agus an ceardchumannaí sásta. Bhí mé cinnte gur éirigh liom turasóir a aimsiú, é ag tuirlingt ó eitleán Nua-Eabhrac i lár na hoíche, é ag dul rite leis siúl faoi ualach na ndollar a bhí sna pócaí aige. Ar an drochuair bhí dul amú orm. Dlíodóir Éireannach a bhí ann ag teacht abhaile óna laethanta saoire sna Stáit Aontaithe, agus ní raibh sna pócaí aige ach an cúpla milliún dollar nach raibh sé ábalta a chaitheamh thall. Fuair mé amach ina dhiaidh sin go raibh sé á dtabhairt abhaile leis chun cúpla baile beag eile a cheannach – cinn nach raibh ceannaithe cheana féin ag na Gearmánaigh i gContae Mhaigh Eo.”

Feoil an Mhadaidh, is Fearr ná Dadaidh! – Focal na Sean.

As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann. Níor fhan sé thar cúpla uair an chloig i nGaillimh nó níl an Ghearmáinis go hiomlán ar a thoil aige – rud atá de dhíth go géar anois sa burgh sin.

Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trítheangacha crochta anois: ‘Keine Dogs, le bhur dtoil! Keine Paddies le bhur dtoil!’ Magadh beag searbh atá ann nó níl Paddy ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d’acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnacht nach bhfuil ite.

Agus cad é faoin Ghaeilge? Caidé faoin chultúr a tháinig slán in ainneoin ionraí agus na Géarleanúna? Cad é faoin dúchas ar thug daoine a n-anam len é a chosaint agus a chaomhnú? Beidh sibh sásta a chloisteáil go bhfuil sé fós slán sna háiteanna nár chuir muintir an Bundesbank spéis ar bith iontu. I mbruachbhailte na gcathracha atá an Ghaeilge á labhairt go bródúil fós, agus muintir na hÉireann ag gearradh táillí arda ar eachtrannaigh chun rúide a thabhairt thart ar Ghaelscoileanna le go bhfaighidh siad blaiseadh beag d’oidhreacht na hÉireann. “Go raibh maith agat” atá mar mhana ag na fíor-Ghaeil agus iad ag bailiú €100 ó gach turasóir ag doirse na scoileanna. Cibé faoi rud ar bith eile, ní baol do shaol na nGael.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.