Molann Katie Nic Aindréis don aos óg a bheith siúlach más mian leo a bheith dea-scéalach. Tá bliain acadúil caite ag Katie i Virginia, an chéad tréimhse dá saol ag obair thar lear, agus an tréimhse is fearr a bhí aici go dtí seo, deir sí.
Níl in aon ní ach seal a deir siad agus tá mo sheal sna Stáit Aontaithe chóir a bheith thart. Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘and of opportunity">dtír na deise’ a mheas. Mar a dúirt mé sa chéad alt a scríobh mé do BhEO, is maith an múinteoir é an taisteal. Is fíor an méid sin dar liom. Tá níos mó ceachtanna saoil foghlamtha agam le mo linn anseo ná mar a d’fhoghlaim mé i mo shaol ar fad roimhe, b’fhéidir. Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
Ní hí an tréimhse a bhfuilimid anois ann faoi láthair an t-am ba deise riamh, ar ndóigh, ar a lán údar. Tá an-chuid daoine thíos go dona leis an chúlú mhór mhillteanach seo, agus tá daoine óga ina measc siúd. Tá daoine ag cailleadh a bpostanna agus tá easpa postanna á gcruthú do chéimithe nua. Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
Más olc é an scéal i leith céimithe nua i mbliana, is measa fós a bheidh sé an bhliain seo chugainn nó i gceann cúpla bliain, fiú amháin. Chomh maith leis sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí níos measa fós ag na mic léinn in Éirinn le foilsiú na Cáinaisnéise an mhí seo caite. Cé nach bhfuil táilllí tionchoisc le tabhairt isteach láithreach bonn, beidh siad á gcur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.
Tá sé ráite ag an CAI gurb é seo an meathlú geilleagair is measa a tharla ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i leith. D’ainneoin é seo, áfach, maireann mothú an tsoirbhíochais i measc na Meiriceánach. Tá an dóchas agus an t-ionchas ann go mbeidh toradh agus réiteach dearfach na bhfadhbanna ann sa deireadh thiar thall. Baineann sé seo le gach gné den saol Mheiriceánach, ach tá sé níos feiceálaí ná riamh anois agus sinn ar maos san oiread sin fadhbanna, ceann ar dhroim a chéile.
Dearcadh an duine
Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é. Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair. Sílim go raibh an ceart go huile is go hiomlán aige. Níl aon amhras ach go bhfuil rudaí go holc, ach más é an t-aon rud a chluinimid achan lá ná a dhonacht is atá gach rud, bí cinnte de go rachaidh rudaí in olcas i bhfad níos gaiste ná mar a rachfaidís dá mbeadh dearcadh níos cothroime againn ar an scéal. Níl mé ag moladh gur cheart an staid reatha a cheilt, ach tá a oiread sin eagla i measc na ndaoine go bhfuil níos mó dóchar ná sochar á dhéanamh againn. Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá. An ghéarchéim ba chúis leis an mholadh sin. Dúradh gur féidir 1,300 euro in aghaidh na bliana a shábhailt ar an dóigh sin. Aontaím go hiomlán nár cheart do dhaoine a bheith caifeach san airgead nach bhfuil acu, ach má stopann achan uile dhuine, fiú iad siúd a bhfuil an t-airgead acu, caillfear níos mó postanna fós. Caithfear a bheith dearfach go dtiocfaimid slán as an phrácás seo, d’ainneoin na ndeachrachtaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire.
Is fearr gníomh ná caint is cár
Rud eile atá foghlamtha agam anseo is ea gur cheart an tsoiniciúlacht a sheachaint ar ais nó ar éigean, go háirithe nuair a bhaineann sé leis an pholaitíocht. Tá an nós go láidir in Éirinn, agus san Eoraip i gcoitinne, dearcadh síoraí sárshoiniciúil a bheith linn i dtólamh. Sílimid i gcónaí go bhfuil ceannfháth eile ag polaiteoir, nó fiú ag an duine aonair, má dhéanann siad rud deas nó dearfach gan údar intuigthe. Déanaimid talamh slán de go mbíonn corbadh agus caimiléireacht ar siúl i réimse na polaitíochta. Agus b’fhéidir go bhfuil breabaireacht agus a léitheid ag dul ar aghaidh i ngach áit, ach déanfaidh an tsoiniciúlacht falsa, leisciúil muid. Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi. Ní fheictear nós na soiniciúlachta chomh forleathan céanna sna Stáit Aontaithe. Má tá fadhb ann, bainfidh daoine leas as an chóras pholaitiúil agus as traidisiún láidir an daonlathais chun feabhas agus leigheas an scéil a chur i bhfeidhm.Tá sé intuigthe anseo gurb í an pholaitíocht an bealach is fearr le dul chun cinn a bhaint amach. Tchítear dom go mbeadh sé go maith againne an aigne chéanna seo a chothú inár measc féin.
Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo. Mholfainn do dhuine óg ar bith seal a chaitheamh thar sáile le cultúr an alltair agus an eachtrainn a bhlaiseadh, le tuairimí difriúla a chloisteáil agus le cuid mhór rudaí nua a fhoghlaim. Fillfidh mé ar an bhaile go luath le heachtraí na bliana seo greanta go soiléir ar mo chuimhne.