Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #96 · AIBREÁN 2009
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Ina dtoirchim suain a bhíonn an-mhórán daoine ar fud an domhain an chuid is mó den am. Sin í an áit a bhfuil an dochar. Ní thuigtear an leithcheal ar aicmí den phobal le linn ré na síochána sin. Ní thuigtear anchaoi an scéil go dtí go mbrise foighne duine, nó beirt, nó triúr. Is ansin a thosóidh an chorraíl, an cur is cúiteamh, an cruinniú, an chaismirt, an cur i gcoinne agus an choimhlint.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
P.J. Mac Gabhann

Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid. An mbeidh páiste eile ag Carla Bruni nó nach mbeidh? Ba leamh le PJ Mac Gabhann roinnt de scéalta gan téagar na meán thall.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre. Tuigeann Bearnaí Ó Doibhlin an scéal agus soiléiríonn sé san alt seo gnéithe de stair na tíre agus de thionchar na staire ar dhreamanna éagsúla de mhuintir na hAstráile go dtí an lá inniu féin.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil. An bhfuiltear mar a shíltear? An dtuigtear mar a chloistear? An itear mar a suítear? An ndlitear mar a reachtaítear? An mbítear mar a shíltear agus an mbítear mar a síltear?

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta. Caithfear iompar na bpeileadóirí a athrú agus caithfear saol na réiteoireachta a athrú. Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach. Luíonn freagracht an athraithe ar gach éinne i réimsí éagsúla spóirt.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Bhí John Ging ar ais in Éirinn deireadh Mí Márta agus chas Robert McMillen leis. Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am. Bhain agus thug sé cuntas do Robert ar chuid dá shaol oibre ón Liobáin go dtí an Chosaiv, go Ruanda agus go Gaza.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

D’fhéadfadh Aire na Gaeltachta sampla a sheanathar a leanacht nuair a bheas sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh le linn chúlú an gheilleagair, dar le Breandán Delap.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Breandán de Gallaí

Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh. Ríomhann sé san alt seo cuid de sheanchas an óstáin a chuaigh i bhfeidhm go mór air le linn a sheal san fhoirgneamh liostaithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Ag tabhairt cluas le héisteacht dá mothúcháin a bhí Colm Ó Snodaigh agus Dee le linn a bheith ag seinm ceoil. Neamhnítear an chluais, ar bhealach, le linn ceoil, le hais a mothaítear trí na céadfaí eile trí chéile. Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl. Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr. Jekyll fíor seo inár measc?

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail. Jeff Gates, Iarabhcóide do Choiste Airgeadais an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobh. Tugann Maidhc cuntas san alt seo ar chuid dá bhfuil le léamh ann.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Bhéarfaidh Tony Birtill amach ar chonairí an tsléibhe san alt seo thú, go barr binne i gCymru y Ddraig Gôch, in Albain na dTréan agus i Sasain na Sócmhainní. Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Spreag graifítí ar bhalla sa chomharsain aige Robert McMillen i mbun machnaimh, tharla gur ag cur i gcoinne Sinn Féin go láidir a bhí an graifítí sa ‘ceantar is láidre Sinn Féin in Éirinn’. Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pat Butler

Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.