Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.
»»»Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.
»»»Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
»»»Bhí fearg ar Chaitlicigh agus Protastúnaigh de bhunadh Éireannach i Meiriceá le déanaí de bhrí go rabhthas ag spochadh astu i gclár de chuid The Simpsons. Míníonn Tom Deignan cad go díreach a chuir olc orthu.
»»»Beidh grúpa ealaíontóirí, seachas duine nó beirt mar a bhíodh cheana, mar ionadaithe na hÉireann ag Biennale na Veinéise i mbliana, a thosóidh ar an 12 Meitheamh. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Bhí Mairéad Bean Uí Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.
»»»Is í Bernadette Nic Gabhann Rós Fodhla na bliana seo. Fidléir agus damhsóir den scoth í agus bean a bhfuil meas aici ar a cultúr dúchais féin. Ambasadóir álainn ar son na nGael í, dar le hAntaine Ó Faracháin, a chuaigh chun cainte léi le déanaí.
»»»Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Chaith Balor seal i measc na bpolaiteoirí agus iad ag ceiliúradh thús na laethanta saoire.
»»»Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.
»»»Tá go leor conspóide cothaithe in Éirinn agus i dtíortha eile le tamall anuas ag an suíomh gréasáin RateMyTeachers. Féachann Mary Beth Taylor, ar múinteoir í féin atá luaite ar an leagan Éireannach den suíomh, ar na cúiseanna go bhfuil múinteoirí ar deargbhuile mar gheall air.
»»»Tá cinneadh an-tábhtachtach le déanamh maidir le cé a bheas i gceannas ar chúrsaí slándála i dTuaisceart Éireann sa todhchaí ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, ní hé an Stát-Rúnaí nua a dhéanfaidh an cinneadh sin ach an fear ar tháinig sé i gcomharbacht air.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Togra Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo
»»»Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.
»»»Déanfaidh na cóid phoist, a bhfuiltear chun tús a chur leo in Éirinn i gceann cúpla bliain, an-dochar d’ár n-oidhreacht logainmneacha, dar le Padraig Mac Éamoinn, agus tiocfaidh méadú mór ar an dramhphost chomh maith.
»»»Anseo thíos, tá roinnt dánta le Gabriel Rosenstock. Seo an méid atá le rá ag an bhfile féin mar gheall orthu:
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil Éirinn ar fad go mór faoi smacht ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus ag an ollchultúr Angla-Mheiriceánach agus nach n-athróidh sé seo, fiú má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo.
»»»Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: easpa cúraim ar na bóithre
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
»»»Tá an bhéim ar an obair phraiticiúil ar chúrsa nua raidió a thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara le gairid, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, atá ina theagascóir ar an gcúrsa.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.