AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Farasbarr fíonchaor
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá tionscal an fhíona san Astráil ag treabhadh leis gan staonadh. Onnmhairíodh luach $2.7 billiún (€1.62 billiún) fíona anuraidh agus ceaptar go mbeidh luach $3 bhilliún i gceist i mbliana. Maidir le luach onnmhairithe de, tá fíon anois ar an aonú táirge déag is tábhachtaí ón Astráil. Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin. Tá an Astráil ar an gceathrú tír is mó a onnmhairíonn fíon anois – tá an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn sa gcéad trí áit.

Cheapfá, mar sin, go mbeadh chuile dhuine atá ag plé leis an bhfíon sa tír breá sásta, ach ní mar sin atá. Tá cuid de na saothraithe fíniúna ag clamhsán go bhfuil an tóin tite as an margadh dá gcuid fíonchaor agus nach mbeidh brabach ar bith le déanamh acu i mbliana. D’fhéadfaí a rá gurb é sin an toradh ar chomh maith is atá ag éirí leis an tionscal le tamall beag de bhlianta.

Tá 370,000 acra curtha faoi láthair, a thrí oiread is a bhí deich mbliana ó shin. I gcaitheamh na nóchaidí, bhí luach an táirgthe ag méadú breis is 10% in aghaidh na bliana. Thug an rialtas tacaíocht don tionscal trí bhuntáistí cánach. D’fhág sin na céadta infheisteoir nua sa bhfíonghort. Tá a gcuid fíonchaora siúd anois réidh le baint agus is dá bharr sin atá farasbarr de chaora dearga ann, go háithrid shiraz *agus *cabernet sauvignon.

Tá laghdú 50-60% ar an bpraghas in áiteacha san Astráil le dhá bhliain anuas agus é i bhfad níos measa ná sin anseo is ansiúd. Anuraidh bhí $850 an tona le fáil ar fhíonchaora dearga sa Riverland san Astráil Theas ach níl ach $150 á thairiscint orthu faoi láthair. Measann cuid de na saothraithe go bhfágfar 5% nó níos mó de na caora le lobhadh ar an bhfíniúin i mbliana agus go mbeidh sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh an t-éileamh agus an soláthar i gcóimheá arís.

Ar ndóigh, ní san Astráil amháin atá an deacracht seo, cé gurb í is measa. Tá laghdú ag teacht ar onnmhairithe fíona ón bhFrainc den chéad uair le fada agus tá imní ar na saothraithe ansin. Ceaptar go mbeidh an deacracht chéanna acusan go gairid mura dtagann aon athrú ar an scéal.

Tá níos mó fíona á tháirgeadh anois ná mar tá á ól. In 2004 táirgeadh 2.87 billiún lítear ar fud an domhain ach níor óladh ach 2.3 billiún. Tá cuid againn ar thóir an 570 milliún lítear breise sin agus, chomh luath is a aimseofar iad, cuirfear léitheoirí Beo! ar an eolas láithreach sa gcaoi gur féidir leo an éagothroime sin a cheartú.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.