Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
Tá roinnt mhaith den Bhalla fós le feiceáil i mBeirlín, cuid de péinteáilte le *graffiti *ealaíonta, agus cuid de lom, bán. Ní fheadar cé acu atá níos scanrúla.
In aice le Checkpoint Charlie, tá gairdín cuimhneacháin sealadach ina bhfuil na céadta crois ard dorcha. Ar chuile chrois tá scríbhinn agus ainm an mhairbh. Ag breathnú orthu uilig go dorcha tanaí sa chlapsholas, agus an balla bán sin mar theorainn acu, tagann mearbhall ort. Ní bhíonn a fhios agam cén taobh den bhalla a bhfuil siad anois – ach tuigtear duit an bánú daonna a d’fhulaing an chathair seo.
Sneachta scuabtha ó na bóithre agus measctha le clocha dorcha
Áit iontach suimiúil é iarsmalann an bhalla, an Mauermuseum, ag Checkpoint Charlie. B’in an áit ag an teorainn a raibh na gardaí Meiriceánacha lonnaithe. Scoilt na Comhghuaillithe Cathair Bheirlín, mar a scoilteadh an Ghearmáin go léir tar éis an chogaidh. Fuair an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain píosa san iarthar, agus faoi smacht na Rúiseach a bhí an t-oirthear.
Tá Beirlín lonnaithe in oirthear na Gearmáine, agus mar sin, bhí an chuid thiar den chathair mar oileán beag caipitlíoch i bhfarraige mhór an chumannachais. Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre. Tógadh an balla leathbhealach tríd an chathair chun cosc a chur orthu, agus thóg na Rúisigh fál sreinge dealgaí timpeall ar theorainneacha an cheantair thiar chun na saoránaigh a choinneáil sa mbaile.
Agus an balla á thógáil, líonadh fuinneoga na dtithe a bhí ar an teorainn le brící. Léim roinnt mhaith daoine amach a bhfuinneoga roimhe sin chun tuirlingt san iarthar. Múineann gá seift, gan amhras. D’éirigh le daoine an teorainn a thrasnú trí tholláin faoi thalamh, le cordaí agus cathaoireacha, i mbalúin, i bhfolach i mbagáiste (ampanna ceoil, mar shampla, nó idir cláracha toinne) in eitleáin, i gcadhcanna, agus fiú ag rith. Níor éirigh le chuile dhuine éalú, áfach: mharaigh póilíní Dhaonphoblacht na Gearmáine go leor (suas le ceithre scór, deirtear). Mhair Balla Bheirlín ó Lúnasa 1961 go Samhain 1989.
Taobh amuigh den stair, tá cúpla rud faoi leith i mBeirlín nach mór a thriail, an Liquidrom, mar shampla. Tá cuma pubaill sorcais air agus tá sé suite taobh thiar den *Tempodrom *(amharclann mhór do cheolchoirmeacha agus drámaí). Nuair a bhí an Balla fós ann, thóg bean puball i bPotsdamer Platz i 1980, le haghaidh ceolchoirmeacha. Tar éis an athaontaithe, chuir sí struchtúr ní ba bhuaine ar bun – ach dar le roinnt Gearmánach go raibh an seanphuball i bhfad níb fhearr, agus ní ba shaoire leis!
Tú ansin ar snámh sa leathdhorchadas, ag éisteacht le ceol suaimhneach ag teacht ó challairí faoin uisce saillte, agus ag ligean do do shúile na scáilí fada agus frithchaitheamh na soilse ildaite a leanúint. Seo croílár an Liquidrom, agus tá sé ar nós bheith ar ais sa bhroinn. Ar chostas €15, tá cead isteach agat ar feadh dhá uair chuig saunas, seomra galuisce, an linn salainn agus an linn bheag Sheapánach amuigh sa sneachta. Fiú tar éis siúl agus fulaingt san fhuacht ní ba luaithe, tar éis seal sa linn dhorcha, bhí go leor fuinnimh agam le triail a bhaint as an linn Sheapánach. Bhí orm dul cosnochta tríd an sneachta, ach buíochas le Dia bhí an t-uisce sa linn beagnach ar fiochadh. Tá sé suimiúil bheith ag breathnú ar na Gearmánaigh agus iad lomnocht taobh amuigh agus an teocht timpeall –3 Celsius. Ar oícheanta lánghealaí bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa *Liquidrom *chomh maith.
Fuacht agus sneachta
Cathair dhorcha go leor is ea Beirlín, nach bhfuil an oiread sin soilse sráide le fáil inti. Agus ní raibh mórán daoine le feiceáil ag siúl taobh amuigh le crónú na hoíche. Cosúil leis an aimsir i roinnt tíortha Eorpacha i mbliana, bhí sé chomh fuar sin go mbeadh fonn ar éinne fanacht istigh. Sneachta i ngach áit. Ach bhí an pháirc mhór in aice Gorlitzer Bahnhof breac le daoine ag rith, ag sleamhnú síos na cnoic nó ag iarraidh na madraí a thabhairt amach ag siúl. An sneachta chomh bán sin go raibh siad ábalta leanúint ar aghaidh go lár na hoíche, ag frithchaitheamh ghile na soilse sráide.
Chonaic mé rudaí áirithe sa chathair nach bhfaca mé aon áit eile, ar nós gruagaire agus teach tábhairne san áit amháin. Scríofa ar an doras taobh amuigh bhí na focail *“Kein Alkol, Rauchen erlaubt” *(Cosc ar alcól. Tobac ceadaithe). Faraor, bhí scata rómhór daoine istigh ann, ag ól neart sú nó tae agus a gcuid gruaige á gearradh ag na húinéirí.
Fiú má tá dífhostaíocht 20 faoin gcéad sa chathair, tá an cíos an-íseal: thart ar €200 le haghaidh árasán 80 méadar cearnach. Tar éis thitim an Bhalla, bhog go leor daoine siar agus fágadh na mílte árasán folamh ar an taobh thoir. D’fhéadfadh duine ar bith fanacht ansin saor in aisce, rud a rinne neart ealaíontóirí ag an am.
Bhí díomá orm ag teacht isteach chuig an Potsdamer Platz. Ar chúis amháin nó ar chúis eile, bhí mé ag súil le cearnóg ársa, lán tithe tábhairne traidisiúnta, foirgnimh agus droch-chaoi orthu, agus roinnt mac léinn agus stíl ghruaige *mullet *acu ag dul thar bráid. Ochón, ní raibh a dhath mar sin le feiceáil ann! In áit íomhánna na n-ochtóidí, is rud éigin atá go hiomlán as *Star Trek *an Potsdamer Platz nua. Foirgnimh fhíorarda mórthimpeall ar chearnóg atá ar shlios. Thuas, tá cineál síleála, a bhfuil cuma scáth fearthainne uirthi, a athraíonn ó ghorm go dearg go bándearg fad is atá an t-am ag sleamhnú thart. Oifigí eachtrannacha atá anseo.
Is anseo, ar ndóigh, atá croílár na féile scannán idirnáisiúnta, an Berlinale, a bhí ar siúl i mbliana den 55ú huair. Bhí scáileáin mhóra ar an bPlatz, ag taispeáint agallamh le haisteoirí agus lucht déanta scannán. I gcúinne amháin, ceannbhrat deas agus halla fada leis na réaltóga a mhealladh isteach sa choirceog. Éanlaith ag ceol go binn. *Nebelkreuz *(cág mór) ar bharr gach crainn in aice le Potsdamer Platz, leathliath, leathdhubh, ar nós duilleoga rómhóra, ag fanacht ar rud éicínt.
Foirgnimh áille agus cinn aisteacha agus ghránna i mullach a chéile
Sa mhargadh Turcach, bhí brístí ar díol agus abairtí mealltacha scríofa orthu, ar nós “If you wear it, you will be happy.” Mná Turcacha agus an scairf chéanna orthu, an chuma chéanna ar a n-aghaidh, ag siúl duine i ndiaidh duine tríd an mhargadh. Is féidir saoránacht Ghearmánach a fháil ach ocht mbliana a chaitheamh ag obair sa tír. Is gá bheith ag obair go dleathach, áfach, agus bheith i do dhuine fásta. I gcás páistí a shaolaítear sa Ghearmáin a bhfuil tuistí eachtrannacha acu, bíonn saoránacht dhá thír acu go dtí go sroicheann siad a 23ú breithlá, agus caithfidh siad rogha a dhéanamh eatarthu ansin.
Fochupáin shatailíte ar fhoirgnimh bhochta chaite. Dathanna éagsúla … Dul faoi na gréine sa spéir ghorm agus bhándearg, trí fhuinneoga briste
Timpeall ar Podbielskiallee, bhí fear ar rothlóg ait á tharraingt ag cúig huscaí liathbhána. Cuma álainn ar na madraí - déarfá go raibh siad ag gáire.
I lár na habhann tá dealbh mhór alúmanaim, Molecule Man, beirt ag streachailt lena chéile nó ag iarraidh teacht le chéile. Pollta go smior ar mhaithe leis an uisce agus an ghaoth a ligean tríothu. Seo íomhá an Bheirlín nua, cathair atá ag iarraidh teacht le chéile, ag iarraidh fanacht i lár an tsrutha, gan ligean di féin imeacht le sruth. Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog sí go Páras an fómhar seo caite, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tá sí ag múineadh Gaeilge ansin faoi láthair.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.