AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Scéalta barrúla ó shaol an rúnaí
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.

Íomhá
Ag scaipadh an scéala i mBéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Fógraí i dtuaisceart Bhéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Fógraí i lár Bhéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis

Is mór an trua nach úrscéalaí mé. I rith bliana go leith ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste, tá aithne curtha agam ar, nó na scéalta cloiste agam faoi, neart daoine spéisiúla, maith agus olc.

Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.

Fuair mé rud beag eolais faoi nósanna na n-áiteanna ina raibh mé ag obair fosta. Sílim go raibh foireann oibre mheasctha i ngach aon áit ar oibrigh mé. Ciallaíonn “measctha” anseo go raibh Protastúnaigh agus Caitlicigh ann. Cé go bhfuil mé i mBéal Feirste le deich mbliana anois, téann sé dian orm go fóill déanamh amach cé acu grúpa lena mbaineann duine, ach amháin má tá sé an-soiléir, mar shampla más Wesley nó Seamus an t-ainm atá air.

Ach tá an t-eolas seo tábhachtach, mar cuireann sé in iúl duit cad iad na hábhair ar féidir leat labhairt fúthu. In áiteanna oibre ina bhfuil foireann mheasctha, ní labhraíonn daoine faoin pholaitíocht nó reiligiún ar chor ar bith. Sin é an dea-bhéas. Is cuimhin liom eachtra amháin ag am lóin, áfach, nuair a thosaigh Sasanach mná (chan mise!) a chaint faoina dearcadh ar an Mhaighdean Mhuire. Thit gach aon duine ina thost, agus tháinig aiféaltas orthu.

Níl ach scata beag inimirceach i mBéal Feirste, ach tá níos mó ann ná mar a bhí. Tháinig mé ar fhir ghnó as an Téaváin, a bhain leas as deontais ón rialtas le monarchana a bhunú, agus ar fhorbróirí bogearraí as an Ind. Bhuail mé le táthairí as Poblacht na Seice, agus le fear óg as an tSlóvaic a bhí ag obair mar ghlantóir. Dúirt seisean liom gur mhaith leis post in oifig, ach ní raibh go leor Béarla aige. Tagann na daoine sin ar an eitilt dhíreach ó Phrág, agus téann turasóirí ó thuaisceart na hÉireann sa treo eile.

Comhairle

Agus tú ag obair in áiteanna éagsúla, faigheann tú neart píosaí beaga eolais ar ábhair dhifriúla. Mar sin, b’fhéidir gur cheart dom bheith i mo cholúnaí crá croí agus comhairle a chur ar dhaoine.

Mar shampla, má bhíonn tú ag cuardach aturnae, is dócha go bhfuil sé níos sábháilte dul chuig comhlacht ina bhfuil níos mó ná aturnae amháin. Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith!

Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.

Má tá cabhair shíciatrach de dhíth ort, gheobhaidh tú go gasta í má tá síceoisiarracht féinmharaithe i gceist. Ach má tá dúlagarimní ort, d’fhéadfá fanacht roinnt míonna le coinne a fháil le síciatraí, agus roinnt míonna eile le cóireáil a fháil. Bíonn drugaí le fáil ar an phointe, ach go minic bíonn sé deacair éirí astu. Bhuail mé le cúpla rúnaí a bhí ar slabhra ag suaimhneasáin.

Pointe eile faoin tsláinte: Má chaitheann tú, déan iarracht éirí as an nós. Tá rátaí ísle marthanais i gceist i gcás ailse scamhóg i dtuaisceart na hÉireann. De réir suirbhé a rinne an Northern Ireland Cancer Registry, ní bhíonn ach deich faoin chéad beo cúig bliana i ndiaidh fáthmheasa.

Agus seo comhairle d’oibrithe sealadacha: Faigh amach cén fath a bhfuil tú ag teastáil ón chomhlacht nó eagraíocht. Má tá an duine a bhíonn sa phost de ghnáth tinn le strus, bí an-chúramach! I gceann tamaillín, beidh na fadhbanna céanna agatsa! Agus deirim é sin mar gheall ar thaithí dheacair a bhí agam féin le gairid. D’oibrigh mé ar feadh míosa i gclinic do dhaoine a raibh fadhbanna intinne acu, agus ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair. Agus níorbh iad na hothair ba chúis leis an fhadhb.

Ach tarlaíonn neart rudaí greannmhara fosta – b’fhéidir gur cheart dom sobaldrámadráma grinn suímh a scríobh. In oifig amháin ina raibh clos-chlóscríbhneoireacht á déanamh agam, bhí ceannaire agam a d’itheadh agus a bhíodh ag brúchtadh agus í ag deachtú a cuid téipeanna. Soit! Chuir sé sin an clár teilifíse “The Office” i gcuimhne dom!

Nuair a bhí mé ag obair sa chlinic sláinte tháinig teiripeoir isteach lá amháin agus bosca á iompar aici. Bíonn an teiripeoir seo gléasta go maisiúil, mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann.

“Cad é atá agat sa bhosca sin?” a d’fhiafraigh muid di.

Tarbhloscán Afracach,” a d’fhreagair sí. Ansin thaispeáin sí an créatúr glas ramhar dúinn.

“Tá sé ar intinn agam é a phógadh,” a deir sí. “Tá prionsa de dhíth orm.”

Ansin mhínigh sí an fíorscéal dúinn: “Tá othar agam a bhfuil an-eagla uirthi roimh loscainn. Ní rachaidh sí amach sa ghairdín mar gheall ar an imní seo. An rud a tharla ná nuair a bhí sí ina cailín óg chuir páiste eile loscann síos a cúl. An plean atá agam ná í féin agus an loscann seo a chur in aithne dá chéile.”

Tá áthas orm a rá go raibh rath ar an phlean sin, gur tháinig biseach ar an othar i ndiaidh tamaill.

Scéalta suimiúla

D’oibrigh mé ar feadh tamaill do chomhlacht a fhiosraíonn éilimh árachais, agus bhí neart scéalta suimiúla ansin. Déanann roinnt mhaith daoine bochta éilimh bheaga bhréagacha, mar shampla ar dhamáiste sa teach. Íocann an comhlacht árachas i gcás an chéad éileamh, agus b’fhéidir an dara ceann. Ach ansin tosaíonn siad a chur ceisteanna. Abair, mar shampla, go ndeir bean gur goideadh a sábhshlabhra. Ach cá bhfuil an admháil? Má chruthaítear go raibh bréag i gceist, cuirtear ainm an duine i mbunachar sonraí, agus ní bhfaighidh an duine sin árachas ó chomhlacht ar bith as sin amach.

In amanna, insíonn daoine scéalta atá dochreidte ar fad. Mar shampla, téann fear dífhostaithe go dtí na hOileáin Chanáracha ar feadh seachtaine. Nuair a fhilleann sé, deir sé go ndeachaigh sé ansin le dhá mhála taistil, agus ar an bhealach ar ais gur chaill an aerlíne ceann acu. Cad é a bhí istigh ann ach ceamthaifeadán, ceamara, fón siúil, rásúr leictreach, srl. B’fhiú £1,700 (€2,400) na hearraí. Agus níl admháil ar bith aige.

Bhuel, thiocfadh liom neart scéalta eile a insint – ach sílim go gcoinneoidh mé iad go dtí go bhfaighidh mé mo chonradh teilifíse! Idir an dá linn, rachaidh mé ar ais i gceann oibre an tseachtain seo chugainn. Beidh mé ag obair in eagraíocht a bhaineann leis an tionscal tógála. Cad é a gheobhaidh mé amach ansin? Fan go bhfeice muid!

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.