CÚINNE NA nEALAÍON
An 51ú Biennale ar tí tosú sa Veinéis
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh grúpa ealaíontóirí, seachas duine nó beirt mar a bhíodh cheana, mar ionadaithe na hÉireann ag Biennale na Veinéise i mbliana, a thosóidh ar an 12 Meitheamh. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Strangely Hollow le hIsabel Nolan (2004)
Íomhá
Dresden le Stephen Brandes (2004)
Íomhá
Everything le Ronan McCrea, 1998-2001
Íomhá
Instituto di Santa Maria della Pietà, an Véinéis

Is ócáid shuntasach é Biennale *na Veinéise (nó *La Biennale) d’ealaíontóirí an domhain bliain ar bith, ach tá suntas ar leith ag baint le *Biennale *na bliana seo d’ealaíontóirí na hÉireann, agus thuaisceart na hÉireann go háirithe, mar is é seo an chéad uair riamh a bheidh grúpa ag freastal ar an fhéile thar ceann na hÉireann, thuaidh agus theas. I measc na n-ealaíontóirí sin tá Stephen Brandes, Mark Garry, Ronan McCrea, Isabel Nolan, Sarah Pierce agus Walker and Walker.

Tugann an Biennale, a thosaigh breis is céad bliain ó shin agus a bhíonn ar siúl gach dara bliain, deiseanna, nach bhfuil a sárú le fáil in aon fhéile eile, d’ealaíontóirí a saothar a chur i láthair phobal ealaíne an domhain. I rith na féile seo beidh criticeoirí, stiúrthóirí agus díoltóirí ealaíne, agus an gnáthphobal ina mílte, ó gach cearn den domhan ann le freastal ar na himeachtaí éagsúla agus le breathnú ar shaothar scothealaíontóirí an domhain. Is rud mór i saol ealaíontóra ar bith cuireadh a fháil le páirt a ghlacadh sa Biennale. Is gradam pearsanta é agus cúis ónóra a bheith páirteach ann thar ceann do mhuintire féin. Is geall le cluichí Oilimpeacha shaol na healaíne é *Biennale *na Veinéise.

Déanfaidh *Biennale *na bliana seo scrúdú ar stádas na nua-ealaíne ó dhá pheirspictíocht. Sa chéad sraith, amharcfar ar an cheangal idir ealaín an lae inniu agus ealaín na tréimhse atá díreach thart agus, sa dara sraith, déanfar scrúdú ar na gnéithe is nuálaí den ealaín chomhaimseartha le tuairim a fháil faoi na treonna a bhfuil an ealaín sin ag dul. Beidh saothar ceithre ealaíontóir déag as an tuaisceart agus seachtar as an deisceart ar taispeáint sa dá shraith seo.

Briseadh suntasach nóis é grúpa chomh mór seo a bheith ag glacadh páirte sa *Biennale *thar ceann na tíre seo; go dtí seo is duine aonair nó beirt de ghnáth a théadh ann. Is léiriú an t-athrú nóis seo, b’fhéidir, ar an fhéinmhuinín agus ar an ardmheanma atá le brath i measc aos ealaíne na hÉireann faoi láthair.

Sa chéad sraith, beidh taispeántas saothair úir dá gcuid le feiceáil i ndánlanna iontacha an Instituto di Santa Maria della Pietà, láthair stairiúil nach bhfuil rófhada ó Chearnóg Naomh Marcas sa Veinéis. Sa dara sraith, a bheidh le feiceáil san fhómhar mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta, beidh taispeántais a thógfar go speisialta i suímh ar leith, beoláithriú agus taispeántais teilgthe ann.

Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.

Ba iad na healaíontóirí Norah McGuinness, Nano Reid agus Louis le Brocquy a bhí mar ionadaithe na hÉireann sa *Biennale *sna caogaidí, agus ansin Patrick Scott sna seascaidí. Ba thréimhse sheasc i dtaca le rannpháirtíocht na hÉireann san fhéile na seachtóidí agus na hochtóidí agus ansin rinne Willy Doherty agus Dorothy Cross athcheangal léi i 1993 agus is léir go bhfuil an ceangal sin ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Tar éis an Biennale, i mí Feabhra, beidh saothar an deiscirt le feicéail i dtaispeántas i nDánlann Louis Glucksman i gCorcaigh. Is imeacht é seo nár tharla a leithéid riamh roimhe seo agus, gan amhras, cuirfear mórán spéise ann.

Beidh an Biennale ag tosú ar an 12 Meitheamh agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an 6 Samhain. Tuilleadh eolais: www.labiennale.org/en.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.