Chaith Balor seal i measc na bpolaiteoirí agus iad ag ceiliúradh thús na laethanta saoire.
“Cén áit a rachaidh muid ar saoire i mbliana chun dath na gréine a fháil ar na colainneacha caomha cruthúla seo?” a d’fhiafraigh Balor an Blaochán den Aire Bia agus Blonaige, Conchúr Kebab.
“Áit ar bith ar chlár an domhain seo seachas an Tuirc,” a d’fhreagair Kebab le gáire mór garbhghlórach.
Bhí sé féin agus Balor ag pulcadh sprúilleach na bó rósta isteach ina gclab ag an am. “Gheall mé do Bhertie go bhfanfainn i bhfad ar shiúl ón áit sin, nó ó thagairt ar bith don áit sin, ar feadh tamaillín ar a laghad, le go dtig leis mé a cheapadh i m’Aire Gnóthaí Eachtracha i gceann cúpla mí. Mhol sé dom mo chloigeann a choinneáil faoin bhriotáis má theastaigh uaim é a choinneáil ar mo chuid guaillí. Hó, bloody, hó!”
“Bhail, a Kebab,” a dúirt Balor, agus é ag caitheamh a shúil nimhe ar a raibh i láthair, “má shíleann tú go bhfuil na *ultra violet rays *contúirteach, gheobhaidh tú amach gan mhoill go bhfuil na GAMA rays níos contúirtí go mór! Hó, bloody, hó!”
Bhí an bheirt bhleaistéirí ag baint sú as *barbecue *samhraidh Bhertie Bhig agus Mháire Mhóir i dTigh Fagan i nDroim Conrach, áit a raibh trí thréad beithíoch ar bior agus trí chéad galún pórtair sa bhairille mar cheiliúradh ar thús tréimhse eile laethanta saoire.
“Céad slán le fadhbanna na tíre go ceann ráithe eile,” a bhí mar mhantra ag lucht Dháil Éireann agus a gcairde thart orthu agus iad ag déanamh socruithe faoina gcuid laethanta saoire. “Ní bheidh duine ar bith agaibh ag dul ar saoire in Dingle i gcás ar bith,” a mhaígh Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, “nó fuair mise réidh leis an áit!
Is iomaí duine sa tír seo a bhunaigh baile úr – Neilstown, Blakestown, Tyrellstown, Quarry... *ooops! *– ach ní minic a bhíonn sé de phribhléid ag duine baile réasúnta mór a ghlanadh den léarscáil, a bhánú ar fad, díothú agus milleadh agus líomhadh a dhéanamh ar na céadta bliain de thraidisiún gallda. Mé féin an t-aon duine riamh sa tír seo a scrios baile agus a bhunaigh baile ag an aon am amháin.
Céad slán le Dingle na nGall. Céad fáilte roimh Dhaingean Uí Chúis. Céad slán leis an Dingle Regatta agus an Dingle Peninsula. Thig leis an Dingle Dolphin é féin a thiontú ina Dheilf an Daingin agus an cúpla focal a fhoghlaim, nó thig leis imeacht amach as Cuan an Daingin ar ais go dtí an áit a dtáinig sé as. Tá rún docht daingean agam an Daingean a bheith ina dhaingean in éadan galldachais agus seoinínteachta agus iarbhreataineachais agus seasfaidh mé go daingean le mo rún docht daingean!”
Thall sa chúinne bhí Tricky Dickie Roche ag maíomh as a phlean eachtrúil don samhradh – *safari *go Teamhair na Rí. D’admhaigh sé go ndeachaigh sé go Contae na Mí ar cuairt uair amháin, lá fearthainne móire, agus cé gur taispeánadh dó an áit a mbíodh Ard-Ríthe na hÉireann ina gcónaí anallód, ní bhfuair sé radharc ceart ar an áit nó bhí an láthair ársa mhaorga clúdaithe le ceo na staire, dar leis. Cé nach raibh sé riamh ar an chnoc, is iomaí scéal scéiniúil a chuala sé ó oifigigh an NRA faoi na beanna contúirteacha, na hainmhithe allta agus an daoscarshlua dúchasach fiáin, fiata, fraochta. Ach dá liacht na scéalta scanrúla ní bheidh eagla ar bith air, agus é féin agus a lucht tacaíochta in arm agus in éide ag trealamh díchoimisiúnaithe a fuair sé ar iasacht. Trí seachtaine go leith atá curtha ar leataobh aige le dul ’fhad leis an bhunchampa i Scrín. Bulaí fir, a Dickie!
Bhí JP McManus agus John Magnier ina suí go te sa choirnéal, aoibh mhór na sástachta siar go dtí an dá chluais ar an bheirt acu, agus iad ar a sáimhín só ag lasadh agus ag múchadh nótaí céad euro. “Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara, a fheara,” a scairt Máire Mhór orthu. “Ó sin rud nach ndéanann muid riamh,” a d’fhreagair siad d’aonghuth, “agus níl rún againn tosú anois.” Ansin thiontaigh siad a ndroim lena n-óstach agus chrom siad ar chogar:
“Inis dom anois, a JP,” arsa Magnier, “Cén áit a dtig linn dul ar na laethanta saoire nach mbuailfear an cac amach asainn? Smaoineamh ar bith agat?”
“Níl ach an t-aon áit amháin ar chlár na cruinne nach mbuailfidh muid le tacaithe Manchester United – agus sin é an cúrsa Gaeilge in Odious Gael i nGleann Cholm Cille. Ní ligtear isteach ansin ach uachtaráin agus ambasadóirí agus barúin mhóra, leithéidí mise agus tusa nach mbeadh spéis dá laghad acu i sacar. Ó fuair Leamh Ó Cuinneagáin an jab mór in Údarás na Galltachta tá sé millteanach nósúil faoi cé a ligeann sé isteach.”
“Is gearr go mbeidh mise i mo thiarna,” a dúirt an Priompallán Ó Trimbleán a bhí ag cúléisteacht le caint na ngróintíní. “Bhur mbarúil an scaoilfí mise isteach in Odious Gael?”
“Seans ar bith!” a mhaígh Naomh Iosaf Ó hUiginn, a bhí i ndiaidh bogadh píosa maith isteach ón imeall. “Má bhí na Sé Chontae ina theach fuar duitse roimhe seo, bheadh Gleann Cholm Cille ina mhol thuaidh. B’fhearr go mór duit aghaidh a thabhairt ar an Bhrasaíl, áit a bhfuil an teas, agus áit a dtig na nuts as. Bheifeá i measc do chairde ann.”
“Agus, ós ag caint dúinn ar nuts,” a dúirt Willie Beag Breathnach le Wille Beag Ó Daighdeal Dum Dee, agus é ag stánadh go mailíseach mioscaiseach míchéadfach ar Mháirtín Magoo Ó Cuilinn i rith an ama, “An bhfuil fírinne ar bith sna ráflaí seo atá ag dul thart?”
“Ó tá siad fíor, agus níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil teacht aniar millteanach san Eaglais Chaitliceach; go bhfuil na mílte ag liostáil sna sagairt agus sna mná rialta; go bhfuil an t-ainm Benedict ar gach darna gasúr a rugadh sa Rotunda le mí anuas agus JP ar an chuid eile acu; go bhfuil...”
“Ach,” arsa Willie Beag Breathnach, “an bhfuil sé fíor nach mbeidh eitiltí saora ag dul amach as Aerfort Bhaile Átha Cliath feasta ach chun na Róimhe, chuig Lourdes, Fatima, Medjugorje, agus an Tír Naofa?”
“Clúmhilleadh! Bréag! Níl sé fíor!” a scairt Máirtín Magoo Ó Cuilinn. “Níl muid chomh caolaigeanta sin. Beidh eitiltí saora ag dul go Cnoc Mhuire fosta.”
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)