Tá go leor conspóide cothaithe in Éirinn agus i dtíortha eile le tamall anuas ag an suíomh gréasáin RateMyTeachers. Féachann Mary Beth Taylor, ar múinteoir í féin atá luaite ar an leagan Éireannach den suíomh, ar na cúiseanna go bhfuil múinteoirí ar deargbhuile mar gheall air.
Cad atá i gceist leis an “dream job”? San eagrán is deireanaí den *Jobs Rated Almanac *(Barricade Books, 2002), díríonn Les Krantz ar an cheist áirithe sin, agus cuireann sé 250 post in ord, ón cheann is fearr go dtí an ceann is measa. Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus. D’úsáid Krantz sonraí ó Bhiúró Staitisticí Saothair agus ó Bhiúró Daonáirimh na Stát Aontaithe ina anailís, mar aon le staidéir a bhí déanta ag cumainn trádála agus ag grúpaí tionscail.
Nuair a bhí iniúchadh déanta ar na sonraí seo ar fad aige, fuair Krantz amach gurbh é post an bhitheolaí an ceann ab fhearr sna Stáit Aontaithe in 2002, mar gheall ar an leibhéal íseal struis, cúiteamh ard, an tsaoirse, agus na folúntais go léir a bhí ann. I measc na bpostanna eile a bhí go hard sa liosta, bhí achtúire, pleanálaí airgeadais, anailísí córas ríomhaireachta, cuntasóir, innealtóir bogearraí, meitéareolaí, staitisteoir, agus réalteolaí.
Bhí na fir leagtha crann, áfach, ag bun an liosta ar fad, mar gheall ar neamhsheasmhacht an phoist, an drochphá, agus an dainséar. Bhí iascairí gairmiúla, buachaillí bó, oibrithe iarainn, agus máirnéalaigh a bhíonn ag obair ar longa tráchtála, go híseal sa liosta fosta.
Tá go leor conclúidí suimiúla le baint as an liosta iomlán de 250 post. Tá post an mhinistir Phrotastúnaigh (#51) i bhfad níos airde ná ceann an tsagairt Chaitlicigh (#102), agus post an raibí Ghiúdaigh (#140). Cé go mb’fhéidir go mbraithfeadh fáilteoir nach bhfuil sí leath chomh tábhachtach le hollamh coláiste nó le húdar, tá na trí phost in aice lena chéile ar an liosta: tá an fáilteoir ag #115, an t-ollamh ag #116, agus an t-údar ag #117. Is díol suntais é go bhfuil go leor postanna a mbreathnaítear orthu mar “na postanna is fearr dá bhfuil ann” íseal go maith sa liosta – imreoir cispheile de chuid an NBA (#205), imreoir peile de chuid an NFL (#211), aisteoir (#218), agus Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (#229).
An phríomhchúis ar thug mé cuairt ar an suíomh, áfach, ná chun feiceáil cén áit a raibh mo phost féin – múinteoir – sa chóras rátála. Cé gur bhain post an phríomhoide scoile áit amach sa chuid uachtarach den liosta, ag #84, bhí post an mhúinteora i bhfad níos ísle ná sin, ag #164, áit amháin, díreach, faoin oibreoir oibreacha múnlaigh.
Cén fáth a raibh post an mhúinteora chomh híseal sin? Cibé cén chúis atá leis an mharc íseal, is léir go bhfuil dlúthcheangal na laethanta seo idir an mhúinteoireacht agus an rátáil, go háirithe ó tháinig www.RateMyTeachers.com chun cinn. Is suíomh gréasáin é seo ar ar féidir le scoláirí nithe a rá (gan a n-ainm a lua) faoina múinteoirí. Ba Mheiriceánach a bhí go maith i mbun ríomhairí, Michael Hussey, a chruthaigh an suíomh in 2001, agus anois tá scoileanna i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe, agus in Éirinn, chomh maith leis na Stáit Aontaithe, luaite air.
Cáineadh dearfach
Cé go ndeir Hussey gur chruthaigh sé an suíomh an chéad lá riamh le deis a thabhairt dó féin na múinteoirí is mó a thaitin leis a mholadh (agus theastaigh uaidh é seo a dhéanamh gan a ainm a lua mar gur mheas sé go bhféachfaí air mar “suck-up” mura ndéanfadh sé amhlaidh), bhí sé ag iarraidh chomh maith an deis a chur ar fáil do scoláirí “múinteoirí a cháineadh go dearfach gan baol a bheith ann go mbainfí díoltas amach orthu agus grádanna á mbronnadh”.
Tá sé go breá. Cé go ndeirtear ar an suíomh go bhfuil *“moderator” *ann a dhéanann gach postáil a scrúdú le déanamh cinnte go bhfuil sé “cruinn agus cuí” sula gcuirtear ar líne í, agus gur féidir gach postáil atá gráisciúil nó mí-oiriúnach ar shlite eile a bhaint go furasta, tá an suíomh ag cothú go leor rírá i measc múinteoirí mar gheall ar na nithe gríosaitheacha atá ráite air. I measc na samplaí is measa, tá an méid seo, a scríobh scoláire faoina m(h)úinteoir dubh in Ardscoil Oak Mountain in Columbiana, Alabama: “Go back to your ’hood of ignorance and stay there and stop preventing the white girls/boys from learning.”
De bhrí go raibh an postáil seo chomh chomh mailíseach sin, bhain Bord Oideachais Shelby County úsáid as bac bogearraí chun a chinntiú nach bhféadfaí teacht ar RateMyTeachers.com ar ríomhairí na scoile. In ainneoin na gcúiseanna a bhí ag an Bhord chun seo a dhéanamh, deir Hussey nach bhfuil sé ceart cosc a chur ar scoláirí féachaint ar ábhar ar ríomhairí a ceannaíodh le hairgead cáiníocóirí, díreach mar gheall ar dhrochléirmheasanna.
“Trí insint dá scoláirí nach bhfuil cead acu aon rud a rá go poiblí faoi chaighdeán oibre a gcuid múinteoirí, tá oifigigh Ardscoil Oak Mountain ag dul an-ghar don chinsireacht, áit nach bhfuil úinéireacht ar bith acu nó an ceart srian a chur ar shaoirse cainte,” a dúirt Hussey.
In ainneoin chasaoid Hussey, tá roinnt scoileanna ar an taobh seo den Aigéan Atlantach tar éis an rud céanna a dhéanamh, go háirithe i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil cosc curtha ag oifigigh ar RateMyTeachers.co.uk ar gach ríomhaire scoile. Tá roinnt scoileanna sa Phoblacht tar éis déanamh amhlaidh – ar leathanach baile RateMyTeachers.ie, tá nasc chuig an *“Wall of Shame” *le fáil agus liosta de scoileanna Éireannacha nach bhfuil fáil ar an suíomh ar a ríomhairí.
Cé go bhfuil roinnt múinteoirí tar éis labhairt amach i bhfábhar an tsuímh, is féidir liom a rá ó mo thaithí féin mar mhúinteoir i meánscoil go bhfuil a bhformhór go láidir ina choinne. Is cinnte go bhfuil rudaí scríofa ar an suíomh a ghoilleann go mór ar mhúinteoirí ach is é an rud is mó atá ag cur as do roinnt mhaith acu ná an chaoi ar féidir le scoláirí nithe a chur ar an suíomh gan a n-ainm a lua agus ansin gur féidir le haon duine – comharsana, baill den teaghlach, cairde – féachaint ar na ráitis sin.
Ar ndóigh, níor fhéach mé fós ar na nithe atá scríofa fúm féin ar www.RateMyTeachers.ie. Lá éigin níos faide anonn, má bhím i gceann de na postanna sin nach mbaineann mórán struis leis, abair post an bhitheolaí nó an innealtóra bogearraí, agus má theastaíonn rud éigin uaim chun mo lá a dhéanamh níos suimiúla, b’fhéidir ansin go bhféachainn ar an mhéid atá ráite fúm féin.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus iarchéim sa Bhéarla ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.