AGALLAMH BEO
Donncha Ó hÉallaithe
Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire

Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.

Íomhá
Le caoinchead Mike Shaughnessy (www.mikeshaughnessy.com)
Íomhá
Le caoinchead Mike Shaughnessy (www.mikeshaughnessy.com)

Nuair a chloiseann tú an t-ainm Donncha Ó hÉallaithe smaoiníonn tú ar an nGaeilge. Teorainneacha na Gaeltachta. An tAcht Teanga. Struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta ...

Agus anois, tá cloch eile ar a phaidrín. Cloisfidh tú Donncha ar Raidió na Gaeltachta, ar “Nuacht TG4”, ar an “Pat Kenny Show”, ag caint faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht. Lucht forbartha ag caitheamh spallaí leis, lucht Galltachta ag úsáid an fhocail facism. Ní bhíonn aon fhadhb ag Donncha dá chosaint féin, áfach. Tá an cheist fíorshimplí go deo, dar leis.

Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé. “Gan pleanáil ceangailte le teanga, is gearr go mbeidh an Spidéal mar a chéile le háiteanna ar nós Bhaile Chláir na Gaillimhe agus Mhaigh Cuilinn, sa nGaeltacht go hoifigiúil, ach gan aon Ghaeilge dá húsáid ann go laethúil.”

Tá sé tógtha le cúrsaí pleanála faoi láthair, ach beidh ceist éigin eile ann amach seo, nuair a bheidh an cath seo troidte aige. Fear fuinniúil é a reáchtálann formhór a chuid feachtas as féin - ní maith leis adhastar na n-eagraíochtaí náisiúnta. Duine de na daoine is gníomhaí é sa nGaeltacht, ó thaobh na Gaeilge de, le scór bliain anuas.

“Féachann go leor i gConamara orm mar dhuine atá gafa le Gaeilge, nach bhfuil spéis aige in aon rud eile. Níl sé sin fíor.”

Níl, go deimhin. Tá spéis mhór aige i gcúrsaí iomána (“an t-aon spórt a thuigim agus an t-aon spórt a leanaim!”), mar a bheifeá ag súil i gcás duine as Tiobraid Árann. Is breá leis a bheith i mbun damhsa, agus tá an-spéis aige sa gceol. Tá sé soiléir, áfach, gurb í an fharraige is mó a mhúsclaíonn a chuid suime, go bhfuil croí an fhir lártíre tógtha ag an Aigéan corraitheach Atlantach.

“Is breá liom a bheith ag iascaireacht, ag siúl cois cladaigh, ag seoltóireacht,” a deir sé, agus tá pictiúir de húicéirí gleoite na Gaillimhe ag maisiú bhallaí a thí. Tá gleoiteog aige féin agus ag Ruairí Ó Tuairisg in éindí, í déanta suas as an nua don séasúr seo atá amach romhainn.

“Tá súil i mbliana agam go mbeidh muid ag déanamh turas farraige ó Chonamara go Baile Átha Cliath,” a deir sé.

Tá go leor seoltóireachta déanta freisin aige le Paddy Barry, duine de na máirnéalaigh is mó cáil sa tír seo. Ó thuaidh chun na hEastóine, na Sualainne, na Danmhairge, ó dheas chun na Briotáine agus soir ar an Meán-Mhuir. Ach is cuma cén caitheamh aimsire atá aige, ní féidir duine a scaradh i gcónaí óna ghairm. Go deimhin, cé a cheapfadh go mb’fhéidir gurb í an tseoltóireacht chéanna a d’fhág go bhfuil TG4 linn inniu?

“Chuaigh mé ar thuras báid seoil le Paddy Barry go hOileáin Fharó i 1987, agus bhí beirt eile as Conamara ar an mbád, Pádraig de Bhaldraithe agus Ruairí Ó Tuairisg. Bhí an-spéis ag an triúr againn sna hOileáin Fharó mar go raibh teanga dá gcuid féin acu nach raibh á labhairt in aon áit eile ar domhan, agus bhí sí á labhairt ag chuile aoisghrúpa ar na hoileáin, agus iad muiníneach aisti.

“Bhí sé cloiste againn go raibh stáisiún teilifíse curtha ar bun acu agus bhí spéis againn bualadh leis an dream a bhí ina bhun, rud a rinne muid.”

Déanadh cur síos do na máirnéalaigh Éireannacha ar chúrsaí teilifíse na nOileán Faró, agus seans gur mar sin a d’fhágfaí rudaí murach gur casadh duine éigin orthu nuair a d’fhill siad ar Éirinn.

“An lá a d’fhill muid, bhí an triúr againn ar an traein anuas ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus casadh Bob Quinn orainn. Dúirt muid leis faoin stáisiún teilifíse ar na hOileáin Fharó, agus chuir sé ceist shimplí: ‘An bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh i gConamara?’ Dúirt mise go bhféadfaí.

“‘Ceart go leor, a deir Bob Quinn, déanfaidh muid é.’ Fuair Bob duine teicniúil a dúirt go mbeadh sé in ann tarchuradóir a thógáil ar £4,000.”

Fágadh faoi Dhonncha an £4,000 a bhailiú, ach é a bheith cruinnithe aige taobh istigh de choicís. Bhailigh sé £5,000.

“Chuir duine amháin seic £1,000 chugainn. Bhí go leor daoine eile ag cur seiceanna de £100 chugainn. B’in go leor airgid i 1987.”

Craoladh le linn an Oireachtais

Chuaigh Teilifís na Gaeltachta ar an aer ag Oireachtas na nGael i Ros Muc i 1987. Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.

“An rud ba thábhachtaí faoin gcraoladh sin ná gur athraigh sé an díospóireacht ar fad, mar ní fhéadfaí an argóint a úsáid a thuilleadh nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh mar go raibh sé róchasta, róchostasach.”

D’eascair feachtas láidir as craoladh Ros Muc chun stáisiún teilifíse a chraolfadh as Gaeilge a bhunú. Bunaíodh an grúpa stocaireachta an Feachtas Náisiúnta Teilifíse.

“An bheirt is mó a bhí ag plé liomsa ó thaobh na stocaireachta de ná Ciarán Ó Finneadha agus Liam Ó Cuinneagáin. D’éirigh linn chuile pháirtí polaitíochta sa Dáil a mhealladh sa gcaoi agus go raibh sé mar pholasaí acu go mbunófaí stáisiún teilifíse trí Ghaeilge don tír ar fad ach é a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht.”

Bunaíodh TnaG i 1996. Bhí ráflaí ann gur Teilifís na Gaeilge a thabharfaí ar an stáisiún.

“Ní raibh mé féin sásta le Teilifís na Gaeilge mar ainm ar chor ar bith, mar shíl mé go mba sheafóideach an t-ainm a bhí ann. Shíl mé go bhféadfaí a theacht aníos le rud éigin níb fhearr. Le hiad a stopadh ó bheith ag úsáid Teilifís na Gaeilge, rinne mé an t-ainm sin a chlárú mar ainm trádála. Tá cearta agamsa fós ar an ainm sin!”

Ag breathnú siar anois air, áfach, tá an fear ag a bhfuil an t-ainm “Teilifís na Gaeilge” beagán míshuaimhneach faoin stáisiún a tháinig óna chuid stocaireachta.

“Tá an stáisiún i bhfad níos mó ná an fhís a bhí againn i dtosach, i bhfad níos fearr ar go leor bealaí. Tá éirithe leis lucht féachana mór a mhealladh, agus is éacht é go bhfuil sé inmharthana. Ach chun é sin a dhéanamh, tá go leor *compromises *déanta, rud nach bhfuil mé an-chompordach leis.

“Tá éacht déanta cinnte, ach tá sé in am anois breathnú go fuarchúiseach ar an bhfealsúnacht atá taobh thiar de TG4, i gcomhthéacs an mhéid atá ag tarlú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Mar sin féin, glacann Donncha leis go bhfuil borradh faoi mheáin na Gaeilge nach raibh ann riamh cheana. Deir sé gurb é Raidió na Gaeltachta is tábhachtaí de na meáin, ó thaobh na Gaeltachta de. “Ní fios,” a deir sé, “cén leas atá déanta ag an Raidió ó thaobh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ag caint lena chéile.”

Feiceann sé easnaimh, áfach.

“Is trua nach bhfuil aon pháipéar nuachta Gaeltachta ann atá as Gaeilge. Feictear dom go ndéanfadh a léithéid an-leas.” Ní ghlacann Donncha leis go ndéanann Foinse, ná , freastal ceart ar an nGaeltacht.

“Ní éiríonn le *Foinse *nuacht Gaeltachta a chlúdach go sásúil ar chor ar bith,” a deir sé. “Le go mbeidís in ann é sin a dhéanamh, theastódh níos mó iriseoirí uathu. Ar deireadh thiar thall, is teanga áitiúil í an Ghaeilge sa nGaeltacht. Bheadh an-fhonn ar dhaoine páipéar nuachta, a dhéanfadh clúdach maith ar nuacht áitiúil agus ar spórt áitiúil, a cheannach agus a léamh. Tá a fhios agam go gcosnódh sé airgead, ach b’fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a chur amú ag aistriú cáipéisí nach léifidh duine ar bith, go Gaeilge. Is cinnte go mbeadh luach níos fearr ar an airgead freisin.”

Seafóid iomlán

Luach airgid, cur amú ama agus acmhainní – cloisfidh tú a leithéid seo go minic agus tú ag caint le Donncha Ó hÉallaithe. B’fhéidir gur thug sé “a well-meaning zealot” air féin sa leabhar Why Irish: Language and Identity in Ireland Today *(1989), ach ní minic a shamhlaíonn tú réadúlacht le “well-meaning zealots*”.

“Ní dochar ar bith an Ghaeilge a chur chun cinn,” a deir sé, “ach is seafóid iomlán é bheith ag ceapadh gur féidir athbheochan a dhéanamh uirthi in áiteanna ar nós Bhaile Chláir na Gaillimhe nó Ghleann Cholm Cille.

Braithim go láidir nach fiú a bheith ag cur ama amú ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn in áit a bhfuil sí imithe i léig. Muna mbeadh cónaí orm i gConamara, ní shamhlóinn go mbeadh aon bhaint ar chor ar bith agam le cúrsaí Gaeilge. Cinnte, agus cuireann sé seo as do lucht na Gaeilge, ní dhéarfainn gur trí Ghaeilge a bheinn ag tógáil clainne dá mbeinn thíos i gCluain Mealla, mar bheadh sé mínádúrtha agam clann a thógáil le Gaeilge i mo bhaile dúchais.”

Feiceann sé cur amú ama atá san Acht Teanga freisin, go háirithe an mhír a fhágann go bhfuil ar eagraíochtaí Stáit cáipéisí tábhachtacha a aistriú go Gaeilge.

“Ní hamháin gur cur amú airgid é seo,” a deir Donncha, “ach is cur amú thallann na n-aistritheoirí atá freisin ann. B’fhearr i bhfad go mbeadh na haistritheoirí agus an t-airgead dá n-úsáid chun leabhair tharraingteacha a chur amach a mbeadh fonn ar an dream óg iad a léamh. Féachaim ar mo ghasúr féin, atá tosaithe ag léamh, gur mó i bhfad an fonn atá air leabhar i mBéarla a léamh, cé gurb í an Ghaeilge an teanga atá aige. Sin mar gheall nach bhfuil mórán stuif feiliúnach, tarraingteach ar fáil i nGaeilge dó. Dá mba fhoghlaimeoir Gaeilge é, bheadh ábhar ann dó, ach ní foghlaimeoir é. Tá bearna mhór ansin atá ag déanamh dochar an-mhór ó thaobh nósanna léitheoireachta de.”

Níl aon cheist faoi ach gurb í bunfhealsúnacht Dhonncha Uí Éallaithe ná cur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo pobail. Is cuimhin leis fós an chéad uair gur thuig sé gur teanga pobail a bhí inti, agus ní díreach ábhar i seomra ranga.

“Thug bráthair Críostaí, a mhúscail spéis sa nGaeilge sa rang ar fad, beagnach, ar thuras scoile go Gaeltacht Chorca Dhuibhne muid agus bhí iontas orainn nuair a chonaic muid go raibh Gaeilge dá labhairt ag chuile dhuine ann. Nuair a chonaic mé beirt *lads *óga, an chuma orthu go raibh siad thart ar sé nó seacht mbliana d’aois, agus iad ag gleadhradh ar a chéile trí Ghaeilge, thuig mé den chéad uair riamh gur teanga bheo a bhí inti sa nGaeltacht! Thuig mé freisin go raibh níos mó tábhachta ag baint leis sin ná na hiarrachtaí a bhí ar bun againn i gCluain Mealla an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Céim san innealtóireacht

I 1967, d’fhág Donncha Cluain Mealla agus Tiobraid Árann, agus thug aghaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thug sé faoi chéim innealtóireachta. B’ansin a thosaigh sé ag cur aithne ar dhaoine as Conamara den chéad uair, Seán agus Ruairí Ó Tuairisg, agus Meaití Joe Shéamuis Ó Flatharta.

“Bhraith mé go raibh beocht agus craic agus spraoi ag baint le muintir Chonamara nach mbíonn ag baint le lucht na Gaeilge go hiondúil.”

Ní hí an chraic ach an pholaitíocht, áfach, a tharraing go Conamara an chéad lá riamh é. I 1969, d’fhan sé i dtigh Mheaití Joe Shéamuis chun cúnamh a thabhairt leis an bhfeachtas de chuid Cearta Sibhialta na Gaeltachta Peadar Mac an Iomaire a thoghadh chun na Dála.

“Cuireadh go Carna mé ar mhaidin an toghcháin, áit nach raibh mórán fáilte romham,” a deir sé. “Bhí Johnny Geoghegan [athair Mháire Geoghegan-Quinn] ag seasamh d’Fhianna Fáil ann, agus bhí ráfla scaipthe ag cuid de na feachtasóirí a bhí ag tacú le Peadar go raibh Johnny Geoghagan básaithe an oíche roimh an toghchán, rud nach raibh!

“Mar gheall gur tharla a leithéid de rud cheana i gConamara ag deireadh na gceathrachaidí, chreid go leor an scéal. Bhí ar Johnny Geoghegan é féin

a thaispeáint go forleathan ar fud Chonamara ar mhaidin an toghcháin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an tsúil a chaith Máire Geoghegan orm nuair a chonaic sí mé ag tabhairt amach bileoga do Pheadar Mac an Iomaire taobh amuigh den halla i gCarna.”

Níor éirigh le Mac an Iomaire an suíochán Dála a bhaint amach, agus d’fhill Donncha ar a chuid staidéir in mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé i bhfad sular fhill sé ar Chonamara, áfach.

D’eagraigh sé campa oibre le scór scoláire de chuid na hollscoile a thabhairt siar chun dul ag obair ar scéim uisce Chomharchumann Chois Fharraige. Chinn sé an samhradh sin ar chur faoi i gConamara.

“Fuair mé jab le Gaeltarra Éireann, agus bhain mé an-sásamh go deo as. Bhí mé ceapaithe a bheith mar bhainisteoir faoi oiliúint ann ach obair innealtóireachta ar fad a bhí ar bun agam mar go raibh go leor obair thógála ar siúl ag Gaeltarra ag an am - bhí borradh ceart ag teacht faoi chruthú fostaíochta. Bhí fuinneamh agus cur chuige iontach san eagraíocht faoi Chathal Mac Gabhann; chuir sé iontas orm chomh crua agus a bhí daoine ag obair.”

Níor mhair Ó hÉallaithe i bhfad i nGaeltarra, áfach. Bhí roinnt daoine ann nár thaitin a cheangal le Cearta Sibhialta na Gaeltachta leo, agus nuair a dúradh leis, tar éis sé mhí, go raibh sé le bogadh go Dún na nGall, thosaigh sé ag faire amach do phost nua.

D’fhógair an coláiste teicniúil i nGaillimh, nó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo mar atá anois air, go raibh siad ar thóir léachtóir matamaitice. Fuair Donncha an post agus tá sé ann ó shin.

“Bhí mé ag imeacht ón innealtóireacht ag an am sin, ach ba chuma liom. Bhraith mé riamh, cé go raibh céim innealtóireachta agam, nach raibh an intinn phraicticiúil agam a dhéanfadh innealtóir maith.”

Comhtharlúint

Níorbh é Donncha Ó hÉallaithe an t-aon duine a mealladh aníos as Tiobraid Árann go Conamara. Is aisteach an chomhtharlúint é gur as an gcontae sin triúr de na fir is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nGaillimh ó na seachtóidí ar aghaidh: Pól Ó Foighil a bhásaigh le gairid, Pádraig Ó hAoláin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus Donncha féin.

“Ní hamháin gur ón gcontae céanna dúinn,” a deir sé, “ach bhí ceangal ag an triúr againn leis an bparóiste céanna. Is as Cloch Shiúrdáin do Phádraig Ó hAoláin, ba as Cloch Shiúrdáin do mháthair Phóil Uí Fhoighil, agus ba as Cloch Shiúrdáin do mo sheanmháthair féin.”

Tá cónaí ar Dhonncha sna hAille in Indreabhán. Tá beirt chlainne air féin agus ar a bhean Mary, agus é i gConamara anois le 32 bliain.

“Nuair atá tú i do chónaí go leanúnach in áit, b’fhéidir nach bhfeiceann tú athruithe ag tarlú go soiléir. Ach ceann de na hathruithe chun feabhais atá tarlaithe ar an áit ná go bhfuil i bhfad níos mó féinmhuiníne ag muintir Chonamara. Tá níos mó deiseanna fostaíochta sa gceantar. Tá tithe níos fearr ag daoine, uisce sna tithe, córais taistil acu agus tá fonn ar dhaoine fanacht sa mbaile.

“Ar an taobh eile den scéal, nuair a tháinig mise go Conamara i dtosach, ba Ghaeilge ar fad, beagnach, a bhí dá húsáid ag chuile aoisghrúpa ón Spidéal siar go Carna. Ach le deich mbliana anuas, is dócha go bhfuil creimeadh mór tagtha ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga labhartha. Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.”

Níl éadóchas amach is amach ar fhear Thiobraid Árann, áfach.

“Tá mé dóchasach i gcónaí. Mura mbeadh dóchas de chineál éigin agam, ní fhéadfainn a bheith gníomhach. Tuigim go bhfuil an tuáille caite isteach ag go leor daoine faoin nGaeltacht - is mór an trua sin.

Cur chuige nua a theastaíonn agus feictear dom má dhéanann an tÚdarás [Údaráis na Gaeltacht] iarracht mhacánta agus fhónta an beartas forbartha a fógraíodh le gairid a chur i bhfeidhm, agus tacaíocht a fháil ó na pobail Ghaeltachta, go b’fhéadfaí an creimeadh a stopadh agus cothromaíocht nua teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla a bhaint amach.”

cáineadh go leor déanta ag Donncha Ó hÉallaithe ar Údarás na Gaeltachta trí na mblianta. Feiceann sé go bhféadfadh an beartas forbartha atá fógartha ag an bPríomhfheidhmeannach Pádraig Ó hAoláin difríocht ollmhór a dhéanamh, áfach.

“Dar liomsa, is athrú abhlóideach é. Ach is athrú ar páipéar go dtí seo é. Má chuirtear an beartas i gcrích, cruthúnas a bheas ann go bhfuil athrú intinne tagtha ar Údarás na Gaeltachta ag gach leibhéal den eagraíocht.”

Má tá dea-fhocail aige le rá mar gheall ar ré nua Uí Aoláin, ní hamhlaidh atá maidir le bord tofa an Údaráis.

“Ceapann daoine go bhfuil siad tofa ar chomhairle contae eile. Níl. Tá siad i gceannas ar bhord Stáit, agus is fúthu atá sé polasaí boird Stáit a leagan síos.”

An seasfadh sé féin do thoghcháin an Údaráis?

“Smaoinigh mé ar sheasamh, ach ní polaiteoir mé, agus ní mian liom a bheith i mo pholaiteoir, cé go bhfuil an-spéis agam sa bpolaitíocht. Tá an-mheas agam ar na daoine a bhfuil sé de mhisneach acu seasamh.”

Bhí an pholaitíocht gar do chroí Dhonncha riamh. Tá col seisir leis sa Dáil, Séamus Healy, Teachta Dála neamhspleách i dTiobraid Árann Theas.

Cúlra Fhianna Fáil a bhí sa gclann againne, agus bhíodh mé féin, agus mé ag éirí aníos, ag obair d’Fhianna Fáil sna toghcháin thíos sa mbaile i dTiobraid Árann. An toghchán deireanach ar oibrigh mé d’Fhianna Fáil air ná an toghchán inar toghadh de Valera ina Uachtarán, i 1967, ceapaim.”

Is mór iad na hathruithe atá tagtha ar an tír seo ó bhí de Valera ina Uachtarán, áfach, iad feicthe ag Donncha Ó hÉallaithe sa nGalltacht agus sa nGaeltacht. I measc na n-athruithe atá feicthe le tamall aige, tá an tAcht Teanga, TG4, ceangal idir pleanáil agus Gaeilge, ceapadh Coimisnéara Teanga, agus beartas forbartha an Údaráis.

D’fhéadfadh sé anois go bhfuilimd ar thairseach ré nua ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, agus díograis Dhonncha Uí Éallaithe mar dhlúthchuid den ré sin.

Is iriseoir le Nuacht TG4 é Rónán Mac Con Iomaire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.