AR NA SAOLTA SEO
Ní chuirfidh athaontú na tíre deireadh leis an mhórcheannas Angla-Mheiriceánach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go bhfuil Éirinn ar fad go mór faoi smacht ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus ag an ollchultúr Angla-Mheiriceánach agus nach n-athróidh sé seo, fiú má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo.

Íomhá
Jerzy Dudek, cúl báire Learphoill, ag sábháil cic éirice Shevchenko i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa an mhí seo caite
Íomhá
Tá tóir níos mó ar leithéidí Franz Ferdinand i measc an aosa óig ná mar a bheadh ar ghrúpa Éireannach mar Altan

Bhí mé ag tiomáint chuig mo chuid oibre an tseachtain seo caite nuair a chonaic mé bratach ar foluain taobh amuigh de theach ar an chuid náisiúnach de Bhóthar Cluanaí.

Ní bratach an Phápa a bhí ann. Ní bratach Celtic a bhí ann ná trídhathach féin! Bratach Liverpool a bhí ann i ndiaidh a mbua ar AC Milan (a bhunaigh Sasanach, dála an scéil!) i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa.

Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige!

Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.

Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.

Chruthaigh an bhratach sin, agus líon na ngeansaithe de chuid Learphoill a bhí le feiceáil i dtithe tábhairne cheantracha náisiúnacha Bhéal Feirste agus in áiteanna eile ó thuaidh, go bhfuil go leor daoine – go háirithe an grúpa déimeagrafach tábhachtach sin, fir óga – sásta tacaíocht a thabhairt d’fhoireann as iarthuaisceart Shasana, as siocair clú an Éireannachais bheith ar an chathair chéanna nó ar chúiseanna eile.

Má shiúlann tú síos Bóthar na bhFál, chífidh tú geansaithe Liverpool, Manchester United, Arsenal chomh maith le geansaithe Aontroma agus, aisteach go leor, geansaithe Bhaile Átha Cliath (is maith le cailíní óga na dathanna!).

Tá triúr páistí agam féin agus amharcann siad uilig ar “Eastenders” agus “Coronation Street”. Bhí tréimhse ghairid ann nuair a bhreathnaigh siad ar “Emmerdale” fosta. Ní fhaca siad “Ros na Rún” ná “Fair City” riamh. Cén fáth? Ar chruthaigh na sobaldrámaí Sasanacha seo dáimh chomh láidir sin le bunadh Weatherfield agus Albert Square gur fearr linn na sobaldrámaí seo na iad sin atá lán Dubs? An féinfhuath atá ann? (Níl a fhios agam cén lucht féachana atá ag “Fair City” ar an taobh thuaidh den teorainn, ach bheadh sé an-bheag, déarfainn).

Cad é deir sé sin fá fhéiniúlacht náisiúnta?

An gciallaíonn sé seo go bhfuil an chaint uilig fá Éirinn bheith aontaithe gan tábhacht maidir le cultúr na ndaoine nó *popular culture *mar a thugtar air?

An athródh sé pioc dá mbeadh Éire aontaithe ann? Ní athródh. Ní dhéanfaidh daoine óga malartú idir Franz Ferdinand agus Nioclás Tóibín. Ní ghlacfaidh céilithe áit na ndioscónna. Ní bheidh Altan ar bharr an liosta nuair a thiocfas aimsir ShláineOxygen.

Heigeamaine

coincheap tábhachtach a bhaineann le cultúr ar a dtugtar heigeamaine, nó mórcheannas, ina nglacann cine, rialtas nó aicme seilbh ar luachanna sochaí iomláine.

Ní trí fhorneart amháin a chuirtear an mórcheannas i bhfeidhm ach bíonn glacadh ag na daoine leis na luachanna atá á gcraobhscaoileadh acu siúd atá i gcumhacht, bíodh siad ina rialtas, ina gcainéal teilifíse, ina gcomhlacht ola, nó cibé.

De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.

Bíonn stádas “ciall choiteann” ag na luachanna seo, agus bíonn saol cultúrtha i gceist ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht. In Éirinn, tagann an mhór-idé-eolaíocht sin, den mhórchuid, ón chultúr Angla-Mheiriceánach – “Friends”, “Scooby-doo”, Coldplay, McDonald’s, Eminem, BBC, CNN. Cuirtear an tomhaltóireacht gan staonadh chun tosaigh mar chuspóir an uile dhuine.

Imeallaítear gach duine nó gach dream a dhiúltaíonn dul sa treo seo.

Tá suim mhór ag ollsiopaí Sasanacha agus idirnáisiúnta in Éirinn. Cheana féin, tá Béal Feirste cosúil le cathair mhór ar bith i Sasana agus níl mórán difir idir é agus Baile Átha Cliath, lena shiopaí de chuid Boots agus M&S.

An ndéanfaidh Éire aontaithe difear ar bith? An gcuirfear an ruaig ar Marksies agus Burger King? Beag an baol.

Ní dhéanfaidh athaontú na tíre aon difear den chuid is mó do chultúr na hÉireann. Mairfidh an heigeamaine, is cuma cé tá i gcumhacht i dTeach Laighean agus cé acu tá ceannas ag an Dáil ar 26 nó ar 32 chontae.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.