AR NA SAOLTA SEO
Is ag Murphy atá an chumhacht maidir le Tuaisceart Éireann
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá cinneadh an-tábhtachtach le déanamh maidir le cé a bheas i gceannas ar chúrsaí slándála i dTuaisceart Éireann sa todhchaí ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, ní hé an Stát-Rúnaí nua a dhéanfaidh an cinneadh sin ach an fear ar tháinig sé i gcomharbacht air.

Íomhá
Stát-Rúnaí nua Thuaisceart Éireann, Peter Hain
Íomhá
Peter Murphy, cathaoirleach nua-cheaptha Choiste Faisnéise agus Slándála na Breataine

Dár ndóigh, níor thug ceachtar acu a leithéid le fios go poiblí, ach mar sin féin caithfidh go raibh Rialtas na hÉireann agus fiú Sinn Féin an-sásta le ceapadh Peter Hain mar Stát-Rúnaí nua Thuaisceart Éireann. Ní raibh riamh Stát-Rúnaí ag Tuaisceart Éireann a bhí bainteach tráth leis an bhfeachtas Troops Out, atá ag tathant le fada an lá ar Rialtas na Breataine an tArm a tharraingt amach as na Sé Chontae.

An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.

Murab ionann agus formhór Stát-Rúnaithe Thuaisceart Éireann, leithéid Mates, Mayhew, agus Mandelson, tá an tUasal Hain tar éis a léiriú go soiléir nach bhfuil aon ghrá aige don seanchóras impiriúil ná d’oidhreacht na himpireachta sa lá inniu.

Is san Afraic Theas a tógadh Peter Gerald Hain. Ní éasca an tógáil a bhí aige, áfach. De bharr gur ghlac a thuistí seasamh láidir i gcoinne na cine-dheighilte, cuireadh iad beirt i bpríosún ar feadh tréimhse agus cuireadh cosc orthu bheith ag obair sa tír. D’éirigh cúrsaí chomh holc sin gur theith an teaghlach ar fad go dtí an Bhreatain i 1966.

Lean Hain óg sampla a thuistí agus bhí baint lárnach aige sna seachtóidí san fheachtas a rinne iarracht stop a chur le foirne cruicéid agus rugbaí imirt in aghaidh fhoirne na hAfraice Theas. Bhí sé freisin i measc grúpa daoine a chabhraigh le Robert Mugabe teacht i gcumhacht sa tSiombáib.

Cé gur leis an bPáirtí Liobrálach a chláraigh sé i dtosach, i 1977 d’aistrigh sé go Páirtí an Lucht Oibre agus ceithre bliana déag ina dhiaidh sin toghadh é ina fheisire parlaiminte. Nuair a tháinig an Lucht Oibre i gcumhacht i 1997 tugadh áit dó sa rialtas. In 2002, chur sé olc ar mhuintir Ghiobráltar nuair a mhol sé go nglacfaidís le stádas comhcheannais idir an Spáinn agus an Bhreatain. Ní hamháin sin ach deir sé go dtí seo gurb é an rud is mó a thugann sásamh dó ná an ról a d’imir sé i mbunú tionól neamhspleách sa Bhreatain Bheag. Faoi láthair tá sé mar Stát-Rúnaí na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann.

Meas ag an ANC air

Chiallaigh an obair a rinne an tUasal Hain ag cur i gcoinne na cine-dheighilte go raibh seasamh láidir aige agus an-mheas air laistigh den ANC. Ní rún ar bith é go raibh gaol láidir i gcónaí idir an ANC agus Sinn Féin le linn na dtrioblóidí. Ní fios an é seo a spreag spéis an Uasail Hain i gcúrsaí na Sé Chontae nó arb é. Ach le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí d’fhreastail an tUasal Hain ar chruinnithe (agus labhair acu uaireanta) a d’eagraigh an eagraíocht Labour Committee on Ireland, eagraíocht radacach laistigh de Pháirtí Lucht Oibre na Breataine a thacaigh leis an bhfeachtas Troops Out.

I 1987, i bhfad sula raibh Rialtas na hÉireann sásta casadh le Gerry Adams, thoiligh Hain casadh leis i Londain. Deirtear freisin gurbh é Hain a mhol i 1998 go labharfadh Leas-Rúnaí Ginearálta an ANC, Thenjiwe Mtintso, ag Ardfheis Shinn Féin le tathant ar bhaill an pháirtí sin glacadh lena raibh á thairscint i gComhaontú Aoine an Chéasta. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, ag Ardfheis speisialta, d’fhógair Sinn Féin go mbeidís ag tacú leis an Chomhaontú.

Tá an Taoiseach faoi láthair ag tapú gach deise a fhaigheann sé lena rá go gcreideann sé go bhfuil fíordhíospóireacht ar siúl laistigh den IRA, díospóireacht a bhfuil sé féin dóchasach a mbeidh scor an IRA mar thoradh uirthi. Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair. Ag na cainteanna anuraidh, is cosúil gur aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaidís a ndícheall reachtaíocht a chur faoi bhráid Westminster, reachtaíocht a dhéanfadh an córas dlí agus cirt agus an córas póilínteachta ó thuaidh freagrach do Rialtas Stormont. Ach tuigtear do Beo! nach raibh leithéidí an MI5 agus an MI6 le teacht faoin reachtaíocht seo.

Ní rún é go bhfuil daoine i seirbhísí rúnda na Breataine nach mian leo an chumhacht a thabhairt uathu a chuir ar a gcumas tabhairt faoin drochobair a nocht fiosrúchán Stevens.

Níl mórán grá ag an Uasal Hain do sheirbhísí rúnda de shaghas ar bith. Tuigeann sé go maith an saghas drochoibre ar féidir leo a bheith freagrach as. I 1976 cúisíodh an tUasal Hain as bheith páirteach i robáil bainc dhá bhliain roimhe. Ní hamháin nach bhfuarthas ciontach é, ach tá sé tagtha chun solais ó shin gur seirbhísí rúnda na hAfraice Theas a bhí taobh thiar den scéal uilig agus é mar aidhm acu é chur ina thost. Níos luaithe i mbliana freisin dúirt an tUasal Hain go mbeadh sé ag iarraidh ar MI5 a bhfuil sna comhaid acu faoi a thaispeáint dó.

Is é an drochscéala, áfach, ná nach faoi Hain a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé a bheidh i bhfeighil cúrsaí slándála ó thuaidh amach anseo, ach faoin té ar tháinig sé i gcomharbacht air. Dá bhrí sin, ní haon bhuntáiste do mhuintir na hÉireann a cheapachán.

Is beag aird a tugadh ar cheapadh an Uasail Murphy mar Chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine. Ach is é an Coiste seo a bheartaíonn cé mar a chaitheann na seirbhísí rúnda, leithéidí MI5, MI6 agus an t-ionad éisteachta GCHQ, a gcuid airgid, conas mar a ritear na heagraíochtaí seo agus cad iad na polasaithe a chleachtann siad. Dá réir sin, is é an coiste seo a bheartóidh cé acu an bhfágfar cúrsaí slándála Thuaisceart Éireann ar fad faoi mhuintir na Sé Chontae amháin nó an leanfaidh MI5 ag imirt róil i bpolaitíocht an oileáin seo.

Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ach toisc go mbíonn ar na feisirí parlaiminte go léir a shuíonn ar choiste an Uasail Murphy móid a ghlacadh nach labharfaidh siad choíche faoi ghnóthaí an choiste lasmuigh de, ní bheidh a fhios againn go deo cé acu ar ghéill nó nár ghéill an Coiste dóibh siúd nach raibh sásta nach mbeadh aon ról níos mó ag na seirbhísí rúnda i bpolaitíocht na hÉireann.

ábhar dóchais é, áfach, gur fhógair Paul Murphy i mí Feabhra i mbliana agus é mar Stát-Rúnaí ar Thuaisceart Éireann gur mhian leis gur ag MI5 seachas MI6 a bheadh an smacht iomlán ar chúrsaí slándála na Sé Chontae faoin mbliain 2007.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.