AR NA SAOLTA SEO
Mí-iompar Ghardaí Dhún na nGall á nochtadh ag Binse Fiosraithe Morris
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.

*“Donegal – up here it’s different.” *Sin a deirtear san fhógra turasóireachta do Dhún na nGall atá le cluinstin ar na meáin náisiúnta faoi láthair. D’fhóirfeadh sé fosta mar ráiteas misin do Ghardaí an chontae sin, mar is léir ó na tuairiscí atá ag teacht ó Bhinse Fiosraithe Morris faoi láthair. Rinne an Breitheamh Morris géarcháineadh ar iompar na nGardaí ina chéad tuarascáil a foilsíodh anuraidh, ach dá olcas é sin is cinnte go bhféadfadh na héisteachtaí atá ar siúl faoi láthair i bhfad níos mó damáiste a dhéanamh do chlú an fhórsa.

Is é an pictiúr atá againn do ghardaí Dhún na nGall ón chéad mhír de Bhinse Fiosraithe Morris ná go raibh siad á n-iompar féin mar a bheadh buachaillí bó ann, beag beann ar na gnáthchleachtais oibre a mbeifeá ag súil leo ó fhórsa póilíneachta. Thug an tuarascáil le fios go raibh go leor d’oifigigh na nGardaí sa chontae faillíoch ina gcuid dualgas agus go raibh cuid acu neamhinniúil (beirt Ard-Cheannfort ina measc).

Dúradh fosta gur bhréagadóirí agus chaimiléirí ab ea beirt acu - an Bleachtaire Noel McMahon agus an Ceannfort Kevin Lennon. Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994. Ghabh Aire Slándála an Tuaiscirt, John Wheeler, comhghairdeas fiú leis an Aire Dlí is Cirt, Máire Geoghegan-Quinn, as dea-obair na nGardaí. Bhí fadhb amháin ann, áfach – ba iad McMahon agus Lennon féin a d’fhág an t-ábhar pléascach ar an láthair. Ach, mar a deir an fógra, “Up here it’s different.”

Faightear spléachadh eile ar an “chur chuige éagsúil” seo a bhí (nó atá fós) i bhfeidhm san fhórsa i nDún na nGall san fhianaise a thug an leas-Choimisinéir Kevin Carty i dtús na míosa seo caite. Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris. D’inis an tUasal Carty don Bhinse ar an 8 Aibreán go raibh “cultúr taifeadta” i measc na nGardaí sa chontae.

Dúirt sé, mar shampla, go ndearna an Bleachtaire Sáirsint John White téipthaifeadadh den chruinniú a bhí aige leis in óstán i Muineachán i mí Dheireadh Fómhair 1999. Cruinniú cinniúnach a bhí ann mar gur thug White le fios dó go ndeachaigh John O’Dowd, iargharda ó Ráth Bhotha, i dteagmháil leis an lá tar éis bhás Richie Barron. Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am. Dúirt an Coimisinéir Carty go bhfaca sé gaireas taifeadta i bpóca an Bhleachtaire White i rith an chruinnithe. “Ag an am sin, bhí an cuma ar an scéal go raibh cultúr taifeadta i bhfeidhm i nDún na nGall,” a d’inis an tUasal Carty don Bhinse. “Bhí an chosúlacht air gur ghnách le daoine áirithe san eagraíocht bheith ag dul thart agus gairis taifeadta ina bpócaí.”

B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí. Buncheart daonna é nach ndéanfaí duine a thaifeadadh i ngan fhios dó. Ach ní léir gur thug na Gardaí sa taobh sin den chontae mórán airde ar chearta den chineál sin.

Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall. An bhféadfadh sé go raibh sé ag déanamh tagairt chliathánach don chúléisteacht a líomhnaíonn dlíodóirí áirithe a rinneadh orthu nuair a bhí siad ag caint lena gcuid cliant i stáisiún na nGardaí? Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá bhfíorófaí na líomhaintí sin mar, ar ndóigh, Up here it’s different.

Cultúr ólacháin

Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron. Ach tá mé measartha cinnte de má bhí “cultúr taifeadta” go tréan i measc Ghardaí an chontae go raibh “cultúr ólacháin” ann fosta.

cur síos beacht ar an chultúr seo le fáil sa leabhar Charades *a scríobh Karen McGlinchey faoina deirfiúr Adrienne, bean ar cuireadh ina leith go héagórach gur brathadóir de chuid an IRA a bhí inti. Tá cur síos dochreidte sa leabhar ar an chamastaíl a ghabh le hobair na nGardaí i nDún na nGall agus is minic go raibh an bhiotáilte fite fuaite ann. B’iomaí oíche, mar shampla, a chaith Noel McMahon agus Adrienne McGlinchey ag tiomáint thart ar Inis Eoghain ar thóir láithreán arm de chuid an IRA. Níos minicí ná a mhalairt, áfach, ní raibh de thoradh ar a gcuid iarrachtaí ach rabharta mór ólacháin. Bhí McMahon chomh hólta sin i ndiaidh ceann de na seisiúin seo i Málainn gur chuir sé a ghluaisteán i ndíog ar a bhealach abhaile. B’éigean d’fheirmeoir áitiúil cuidiú leo í a tharraingt amach. *“Realising McMahon was too drunk to drive, he told Adrienne to take the car. She drove back to Buncrana while McMahon snored in the back seat. Once again McMahon had to report to his authorities that his search for the terrorist bunkers had yielded nothing of any intelligence value.” (lch 55).

Tá a fhios ag an saol Fódlach go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh. Is cliché é, ach más ea, is cliché é nár thug gardaí áirithe i nDún na nGall aon aird air. Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.

Ach tagann caint bhéalscaoilte le hólachán. Thar aon phost eile, tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh baill den Gharda Síochána guaim orthu féin agus iad i measc an phobail. Tá sé ríthábhachtach fosta nach mbeadh siad ag tarraingt amhrais orthu féin ar bhealach ar bith agus seans gur sin a bhí mar croílár na faidhbe i nDún na nGall. Deir Karen McGlinchey go fiú go raibh braon faoin ghrán ag gardaí áirithe nuair a thug siad a gcuid fianaise don Bhinse Fiosraithe.

Murach go raibh beirt ghardaí ag ól an oíche úd a cailleadh Richie Barron nuair a bhí duine acu in ainm is a bheith ar diúite, níl a fhios agam an mbeadh gá le binse fiosraithe in aon chor. Is dócha go gcaithfí le bás Bharron mar a chaithfí le hachan chás eile de charr nár stop nuair a buaileadh coisí. Chuaigh na Gardaí go dtí an láthair chontráilte an oíche sin agus b’éigean dóibh dul i mbun bréagadóireachta dá bharr le cor a chur ar dhaoine fiosracha. Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.

Éagóir

Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu. Cuir ainmneacha Sheenagh McMahon, muintir Ghallchóir as Baile Suingean agus muintir Dhuibhir as Ard an Rátha leis an liosta sin agus tá patrún soiléir le feiceáil. Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach. Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu. Sin mar a tharla sna cásanna seo uilig.

Níor mhór an cheist a chur cad tuige ar tharla na heachtraí seo i nDún na nGall thar aon chontae eile? Is é an léamh is cineálta ar an scéal ná gur déanadh eisceacht do Dhún na nGall cionn is gur contae cois teorann a bhí ann. Bhí fadhbanna faoi leith le sárú ag Gardaí Thír Chonaill nach raibh ag a gcomhghleacaithe sa chuid eile den tír, a bhuíochas do na trioblóidí ó thuaidh. Dá bharr sin, tugadh *carte blanche *do na Gardaí feidhmiú mar a bheadh poblacht neamhspleách ann laistigh den fhórsa. Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.

Níl ansin ach míniú amháin, áfach. Tá amhras áirithe ar an Bhreitheamh Morris go bhféadfadh go raibh mí-iompar den chineál céanna ar siúl ar fud na tíre. Deirtear ina thuarascáil: *“The tribunal cannot come to the conclusion that the Donegal division is a ‘statistical blip. Whereas Donegal may not have been a representative sample as to serving members of An Garda Síochána of Superintendent rank or above, it is also equally possible that it may have been.” *Dúirt an Breitheamh Morris gur toradh tubaisteach a bheas ar an chreimeadh leanúnach atá ag teacht ar chúrsaí smachta sna Gardaí.

Is mór an náire, sa chomhthéacs sin, nár déanadh aon phlé ceart ar Thuarascáil Morris sa Dáil ón am a foilsíodh é, go fiú agus Bille an Gharda Síochána á dhréachtú faoi láthair. An é nach dtuigeann reachtóirí na tíre chomh tromchúiseach is a bhí an Tuarascáil?

Nuair a bheas an focal deireanach scríofa fá imeachtaí an Bhinse, beidh ar an Aire Dlí is Cirt atheagrú cuimsitheach a dhéanamh ar na Gardaí - ón Choimisinéir anuas agus ón ábhar garda sa Teampall Mór aníos.

Ná bíodh sé le rá feasta “Up here it’s different”.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.