TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Togra Mhaigh Eo
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin Mairéad Ní Mhaoilchiaráin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Togra Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo

Íomhá
Tá an-éileamh ar ranganna Gaeilge do dhaoine fásta i Maigh Eo

Cá huair a bunaíodh Togra Mhaigh Eo (TME) agus cé a bhunaigh é?

Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002. Ba é bunaidhm an phlean ná tógáil agus forbairt a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar an ghréasán teanga sa chontae. Go luath in 2002 bhunaigh an coiste Togra Mhaigh Eo. Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge chun beirt a fhostú le tabhairt faoin obair seo go lánaimseartha ar feadh trí bliana.

Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé i m’Oifigeach Forbartha le Togra Mhaigh Eo agus tá mé beagnach bliain anseo anois.

Cén fáth ar bunaíodh TME an chéad lá riamh?

Bunaíodh TME leis an Ghaeilge a láidriú sa chontae trí ranganna, campaí agus imeachtaí Gaelacha a eagrú agus le hoifig phoiblí a oscailt sa chontae. Tá an oifig lonnaithe i lár an bhaile i gCaisléan an Bharraigh.

Cé mhéad duine atá fostaithe ag TME anois?

Bhí beirt fostaithe ag TME i dtús ama – Stiúrthóir agus Feidhmeanach – ach ag tús na bliana seo rinne Foras na Gaeilge gearradh siar ar an deontas. Cé go bhfuil an oiread sin oibre cruthaithe ag TME le trí bliana níl ann anois ach post amháin. Is mór an trua é sin mar bhí dul chun cinn mór le feiceáil san obair agus anois caithfear tosú ón tús arís agus roinnt oibre a fhágáil ar leataobh.

Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Cad iad na pleananna gearrthéarmacha atá agaibh?

réimse leathan oibre i gceist. Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta ar fud an chontae (idir bhun-, mheán- agus ardranganna) agus tá cúrsa Dioplóma dhá bhliain sa Ghaeilge ar siúl againn i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil d’oibrithe i gcomhlachtaí poiblí, leithéidí Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá éileamh mór ar na ranganna seo. Bíonn cuid mhór imeachtaí ar siúl againn don aos óg, mar shampla, laethanta drámaíochta, ciorcail chomhrá, comórtais agus campaí samhraidh. Tugann muid tacaíocht do Chumann Lúthchleas Gael Mhaigh Eo chun imeachtaí Gaelacha a eagrú. Bíonn plé seachtainiúl ag TME leis na meáin chumarsáide chun próifíl na Gaeilge a ardú.

Tá sé i gceist againn Féile Scoildrámaíochta Mhaigh Eo a athbhunú le suim na ndaltaí a mhúscailt sa drámaíocht agus tá sé beartaithe againn fosta Oireachtas na Gaeilge a thabhairt go Maigh Eo i gceann cúpla bliain.

Cad iad na foinsí maoinithe atá ag TME? An leor iad?

Is iad Foras na Gaeilge a thugann maoiniú do TME faoi scéim úr trí bliana 2005-2007. An leor é? Bhuel, is mór an trua gur mheas siad an tionscadal faoi scéim úr agus nach faoi scéim leanúnach.

Faigheann muid cuidiú ó Údarás na Gaeltachta má bhíonn imeachtaí á n-eagrú againn a bhfuil baint acu le pobal na Gaeltachta.

An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá na bunspriocanna bainte amach ach caithfear cur leo i gconaí. D’éirigh linn cuidiú le pobal na Gaeilge brú rialta a chur ar an Chomhairle Contae le hOifigeach na Gaeilge a fhostú agus chuir siad tús leis an phost sin cúpla mí ó shin; ar bhonn páirtaimseartha atá an duine fostaithe ach is tús é. Tá oifig phoiblí againn i lár an bhaile agus buaileann cuid mhór daoine isteach ann go rialta. B’fhéidir amach anseo go mbeadh muid in ann suíomh níos fearr a fháil a mbeadh áit do chaife ann.

Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le TME?

An laige is mó na gur gearradh siar an deontas agus nach bhfuil ach duine amháin fostaithe anois. Tá Coiste Dúiche breá díograiseach sa chontae; tá na baill scaipthe ar fud an chontae ach, mar sin féin, tá siad i gcónaí ar fáil le cuidiú a thabhairt. Is contae fairsing é Maigh Eo agus bíonn taisteal fada go leor le déanamh ag daoine go minic le freastal ar imeachtaí agus cúrsaí. Tá an-éileamh ar chúrsaí Gaeilge ar fud an chontae ach níl am go leor sa lá le hiad a reáchtáil.

Tá Raidió na Gaeltachta ina chuidiú mór ag TME. Tá an stáisiún lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh, agus cuidíonn sé go mór linn aird a tharraingt ar an Ghaeilge agus ar na himeachtaí a bhíonn á reáchtáil ag TME.

Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag TME faoi cheann cúig bliana.

Tá súil agam go mbeidh coistí Gaeilge á laidriú ar fud an chontae, agus go mbeidh comhoibriú ar siúl leo chun gur féidir leo imeachtaí a reáchtáil ina gceantar féin. Go mbeidh oifig úr againn agus spás do chaife/siopa sa dóigh is go mbeidh suíomh lárnach ann do phobal na Gaeilge. Go mbeidh ceangal láidir cruthaithe idir pobal Mhaigh Eo agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an Dioplóma ar siúl faoi láthair i Maigh Eo ach tá súil agam go mbeidh níos mó cúrsaí Gaeilge ar ardchaighdeán á gcur ar fáil do phobal Mhaigh Eo ina gcontae féin.

Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge?

Tá an oiread sin ráite faoi mheath na Gaeilge sna Gaeltachtaí ach níl mórán tráchta déanta ar dhul chun cinn na teanga san bailte móra. Tá mé dochásach go mbeidh forbairt mhór le feiceáil ar an Ghaeilge sna bailte, go háirithe anois agus an tAontas Eorpach ag meadú agus ag leathnú. Beidh níos mó daoine ag teacht chun na tíre agus sílim go mbeidh na hÉireannaigh ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chaomhnú le haitheantas a thabhairt dúinn féin mar thír ar leith. Nuair a gheobhaidh muid stádas don teanga san Eoraip, beidh go gach mac máthar ag foghlaim na Gaeilge sa dóigh is gur féidir leo ceann de na postanna breátha a fháil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.