Tá an Ghaeilge faoi bhrú an-mhór sna Gaeltachtaí go léir ach tá an teanga ag scaipeadh ar fud an domhain ag an am chéanna, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua go háirithe.
»»»Tá go leor cainte in Éirinn le cúpla bliain anuas ar na táillí arda atá le híoc acu siúd a bhfuil fón póca acu. Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.
»»»Maraíodh Eamon McEneaney go tragóideach san ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ach tá a rian fágtha aige ar shaol go leor daoine, mar a mhíníonn Tom Deignan .
»»»Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Measann Carmen Rodríguez gur ag lorg vótaí breise a bhí Príomh-Aire Thír na mBascach nuair a chuir sé moltaí mar gheall ar thodhchaí an réigiúin faoi bhráid na Parlaiminte i mí na Nollag.
»»»Tá Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhair Antaine Ó Farachái n léi le gairid.
»»»Tá go leor daoine ag tréigean iargúil na hAstráile na laethanta seo ach tá Dáithí Ó Colchúin dóchasach mar sin féin go mairfidh na pobail atá lonnaithe inti.
»»»Ba é uncail Bhalor a scríobh an saothar ar a bhfuil The Da Vinci Code le Dan Brown bunaithe.
»»»Tá go leor cainte déanta mar gheall ar thodhchaí Aer Lingus le blianta beaga anuas agus neart tuarasálacha scríofa, agus tá sé thar am ag an rialtas cinneadh a dhéanamh, dar le Breandán Delap.
»»»Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónall Mac Giolla Easpaig, An Brainse Logainmneacha, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain di agus í ar a bealach go Lucca san Iodáil le freastal ar chúrsa teanga.
»»»Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar chuid de na hathruithe atá i ndán don eitlíocht Éireananch sa bhliain atá romhainn.
»»»Cé go raibh ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi fhuath na bProtastúnach ó thuaidh do na Caitlicigh amscaí, ní hionann sin is a rá nach raibh fírinne éigin ag baint leis, dar le Robert McMillen.
»»»Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag glanadh an tí.
»»»Féachann Stiofán Ó Direáin siar ar shaol Sheoirse Uí Bhroin, dlúthchara dá chuid agus duine a rinne a chion féin don Ghaeilge, a cailleadh i Londain ar an chéad lá den bhliain úr.
»»»Nuair a thug Ruth Nic Giolla Iasachta cuairt ar chathair na Ginéive roimh an Nollaig bhlais sí bia blasta agus fuair sí an-léargas ar chultúr na ndaoine.
»»»Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
»»»Tharla go leor rudaí éagóracha in Éirinn, thuaidh agus theas, le linn na haoise seo caite nár cheart dúinn, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill , a ligean i ndearmad.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.