Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
Dúnadh doirse caifí Bewley’s den uair dheireanach ag deireadh na bliana seo caite, in ainneoin feachtas láidir poiblí bheith ann in éadán an dúnta. Rinneadh tréaniarracht na láithreáin chlúiteacha, ar amharcadh go ceanúil orthu le fada mar chomharthaí cultúrtha i gcroílár Bhaile Atha Cliath, a choinneáil oscailte ach i ndeireadh na dála cailleadh an cath.
Spreagadh daoine le seasamh a thógáil ní ar mhaithe leis na *cappuccinos *coipeacha agus na bonnóga mealltacha - cé go raibh siad sin iontach deas - ach mar gur creideadh gurbh fhiú féacháil le hinstitiúid dhúchasach a chaomhnú, ainneoin nach raibh sé ag feidhmiú le héifeacht sa mhargadh níos mó.
Dúirt an Grúpa Campbell-Bewley, úinéirí na gcaifí, nach raibh na suímh stairiúla i dtiúin níos mó le dearcadh an phobail, ainneoin go ndearnadh athchóiriú costasach orthu le blianta beaga anuas, agus go raibh claonadh ag custaiméirí an lae inniu dul chuig caifí atá níos lú agus níos pearsanta.
Ba chomhlacht iomportála caife agus tae Bewley’s nuair a chuaigh sé i mbun gnó ar dtús in 1835. Bhain muintir Bewley le Cumann na gCairde agus bhí clú agus meas orthu mar theaghlach a thug tacaíocht go fial do na bochta. D’fhás an gnó anuas trí na blianta go dtí go raibh dhá chaife dhéag acu in áiteanna éagsúla sa tír.
Dúirt an file Brendan Kennelly gurbh é Bewley’s “teallach agus croí” Bhaile Átha Cliath agus is dá bharr seo, is dócha, a chaith leithéidí James Joyce, Samuel Beckett, Patrick Kavanagh agus go leor eile nach iad den aos ealaíon am san áit. Bhí spéis ag muintir Bewley sna healaíona fosta agus bhíodh na míndána le feiceáil go flúirseach ina gcuid caifí, go háirithe sa cheann ar Shráid Grafton, mar a bhfuil na fuinneoga daite áille a rinne Harry Clarke le feiceáil.
Léiríonn na fuinneoga draíochtacha seo colúin na gceithre ord san ailtireacht: an tOrd Dórach, an tOrd Ianach, an tOrd Corantach agus an tOrd Ilchodach. Tá léiriú Clarke ar éin agus ar bhláthanna ar na colúin seo chomh hoilte agus chomh sonraíoch sin gur cúis mhór iontais agus gliondair iad don té a bhreathnaíonn orthu.
Rinneadh na fuinneoga i 1927, trí bliana sula bhfuair Clarke bás agus gan é ach 41 bliain d’aois, agus cé go raibh a shaol thart roimh a am, b’ealaíontóir bisiúil é a raibh fís aige. Dúirt an file WB Yeats faoi, agus é ag tagairt do na healaíona in Éirinn, go raibh an ghloine dhaite ab fhearr ar domhan déanta ag Harry Clarke (chuir sé in iúl san óráid chéanna gurbh é a athair, dar leis, a rinne an ghloine ba mheasa!)
Bhí tionchar láidir ag an Mhisteachas Ceilteach, an Siombalachas, an Rómánsachas Náisiúnta agus an *Art Noveau *ar shaothar Clarke. Mar a dúirt criticeoir amháin:
His art displayed a religious mysticism reminiscent of medieval intensity. This ranged from the sublimely beautiful to the grotesquely macabre, something rarely found in the work of his Celtic peers.
Nuair nach raibh sé ag obair ar ghloine dhaite ba mhaisitheoir den scoth é agus is iad na leabhair *Tales of Mystery and Imagination *le hEdgar Allen Poe agus *Fairy Tales *le Hans Christian Andersen na cinn a bhfuil an chuid is fearr dá léaráidí le feiceáil iontu. Ba radharcanna dorcha agus fantaiseacha ba mhó a thug pléisiúr dó.
Tá saothar Harry Clarke le feiceáil in ionaid éagsúla: Gailearaí Crawford i gCorcaigh, Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín i mBaile Átha Cliath agus Díseart sa Daingean, Contae Chiarraí. Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó ach, ar an drochuair, ní féidir bheith chomh cinnte céanna cad é atá i ndán do na colúin mhaorga ar Shráid Grafton.
Tá na fuinneoga mar ábhar conspóide idir Campbell’s Catering, úinéirí an chaife, agus Treasury Holdings, úinéirí an fhoirgnimh. Dar le Campbell’s go bhfuil ceart de réir dlí acu na fuinneoga a bhaint amach nuair a thréigfidh siad an foirgneamh ós rud é go ndearna siad athchóiriú costasach orthu. Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell’s na fuinneoga amach "over my dead body"!
Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley’s ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b’fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.