Ó bunaíodh Wikipedia, an chiclipéid ar líne, sa bhliain 2000, tá na mílte duine ar fud an domhain tar éis ábhar a chur ar fáil dó. Le tamall anuas, áfach, tá saineolaithe áirithe tar éis an suíomh a cháineadh, ag rá nach féidir bheith cinnte go bhfuil an t-eolas atá air cruinn. Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC. Ní bheadh sé fíor a mhaíomh gur íocadh go fial mé as bheith díomhaíon 95% den am, mar níor íocadh, ach ar a laghad d’fhoghlaim mé an t-uafás faoi bheith ag scimeáil ar an idirlíon.
Ach ní raibh sé chomh furasta is a shílfeá. Nuair a smaoiním ar na huaireanta fada a chaith mé ag lorg fíricí a bhí riachtanach chun mo phost a dhéanamh i gceart - An bhfuil coilíneacht lobhar taobh amuigh de New Orleans, i ndáiríre? Cén stát sna Stáit Aontaithe a bhfuil an ráta is airde póstaí idir col ceathracha ann? Cén difear atá idir Giúdaigh *Hasidic *agus cineálacha eile Giúdach? - deirim liom féin gur mór an trua nach raibh Wikipedia (www.wikipedia.org) agam ag an am sin.
Bunaíodh Wikipedia - a dtagann a ainm ón fhocal Haváíoch “wikiwiki”, a chiallaíonn “gasta” - sa bhliain 2000, agus is ciclipéid saor in aisce í a dhéanann lucht a úsáidte, nó na “Wikipedians”, a scríobh, a chur in eagar, agus a chothabháil. Is liosta le háireamh an réimse toipicí atá i gceist. Tá alt ann, fiú, ar chaithir, in ainm Dé, a bhfuil tábla mar chuid de a thugann eolas faoi na nósanna atá ag daoine maidir le ciaradh agus bearradh i dtíortha éagsúla.
Chuirfeadh Wikipedia i gcuimhne duit nach raibh an t-idirlíon á reáchtáil ar bhonn tráchtála sna blianta tosaigh, agus go raibh tús áite ag leas an phobail seachas ag gnólachtaí móra agus airgead ponc com, agus is faoiseamh mór é ón fhógraíocht ar fad a mbíonn suímh eile breac leo. Is suíomh neamhbhrabúsach é a bhfuil stádas ponc org aige (tá sé ag brath go hiomlán ar shíntiúis phríobháideacha agus ar an Wikipedia Foundation), agus tá moladh ard faighte aige mar shampla den eolas daonlathaithe agus de bhrí nach bhfuil sé lán fógraí a léimeann aníos agus go bhfuil saoirse iomlán ann ó thaobh eolas a thabhairt agus a fháil.
Wikipedia as Gaeilge
Tá an suíomh tar éis forbairt go mór ó bhunaigh Jimmy Wales agus Larry Sanger (nach bhfuil ceangailte leis an tionscadal níos mó) mar shuíomh i mBéarla amháin é agus anois tá altanna ann i 160 teanga, an Ghaeilge ina measc. I láthair na huaire, tá 479 alt sa leagan Gaeilge, Vicipéid (http://ga.wikipedia.org/wiki/Gaeilge), agus réimse leathan toipicí ó dhamhsa go cúrsaí reatha i gceist. Tá 942 alt i nGàidhlig na hAlban chomh maith.
Cé go bhfuil formhór na n-altanna i mBéarla (461,000), tá líon mór iontrálacha le fáil i nGearmáinis (193,000), Fraincis (77,000), Polainnis (53,000), Sualainnis (59,000), agus Ollainnis (50,000). Lena chois sin, tá altanna scríofa i réimse an-leathan teangacha, ina measc, an Ghiúdais, Éisbéiceastáinis, Breatnais, Cherokee, Háitis, Afracánais, Sicilis, Briotáinis, Téalainnis, agus fiú Klingon, gan ach dornán a lua.
Cé nach bhfuil ann ach líon teoranta daoine (ar a dtugtar “riarthóirí") a bhfuil cead acu ábhar a scrios ón suíomh, tá cead ag léitheoir ar bith ábhar a athrú nó cur leis. Maítear ar an suíomh go “scriostar seafóid agus creachadóireacht go tapa”, agus iarrtar orthu siúd ar mian leo bheith ina n-eagarthóirí bheith “misniúil” agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar altanna. Tá rang teagaisc cuimsitheach curtha ar fáil a mhíníonn an próiseas eagarthóireachta agus tá sé mar aidhm ag Wikipedia spás a chruthú do dhaoine a mheasann go bhfuil fiúntas ag baint leis an ábhar a chuireann siad ar fáil.
Cé go ndeir uachtarán reatha Wikipedia, Jimmy Wales, nach mbeidh an suíomh ach chomh maith leis na scríbhneoirí agus leis na heagarthóirí a bheidh ag obair air, deir lucht a cháinte nach bhfuil sé seo maith go leor. An mhí seo caite, rinne duine de na comhbhunaitheoirí, Larry Sanger, nach bhfuil bainteach leis an suíomh a thuilleadh, gearán agus labhair faoi “iontaofacht éagothrom”. De bhrí nach bhfuil próiseas foirmeálta léirmheasa acadúil i gceist, a dúirt sé, tá éiginnteacht ann faoi bhfuil i ndán do Wikipedia. An mhí roimhe sin, cháin iar-eagarthóir de chuid *Encyclopaedia Britannica *an suíomh agus dúirt nach raibh sé a dhath níos iontaofa ná “leithreas poiblí”.
Ní ghlacann na Wikipedians *leis an cháineadh seo agus deir go mbeidh saineolaí nó díograiseoir furasta a aimsiú i gcás gach ábhair de bhrí go bhfuil an oiread sin daoine ag úsáid na háise. Mura n-aontaíonn léitheoirí le rud éigin atá scríofa, níl le déanamh acu ach an cnaipe “edit*” a bhrú agus é a leasú. Nuair atá deis ag aon duine is mian leis bheith ag úthairt leis an ábhar mar seo, is cinnte go bhfuil cúis amhrais ann, ach deir lucht tacaíochta Wikipedia go bhforbróidh gach iontráil le himeacht ama go dtí go mbeidh siad cruinn agus cuimsitheach.
An deacracht atá ann, is dócha, ná gur féidir le “saineolaí” cur le halt nó é a cheartú, ach gur féidir le léitheoir eile ansin, gan na cáilíochtaí cuí, easaontú leis an duine sin agus an t-eolas a athrú arís. Deir Sanger, ar ollamh le fealsúnacht é in Ollscoil Stáit Ohio, go gcaithfidh an suíomh bheith sásta béim a chur ar ionchur ó lucht léinn. Ach easaontaíonn Wales, atá i gceannas ar an fhondúireacht atá ag reáchtáil an tsuímh chomh maith, le tuairimí Sanger. “Tacaíonn muid go láidir le rialú cáilíochta,” a deir sé. “Ach má thaispeánann duine éigin a dhochtúireacht agus go gcaithfidh na daoine eile ar fad éirí as eagar a chur ar altanna, ní sin meas ar shaineolas, sin meas ar cháilíochtaí.” In ainneoin na conspóide ar fad faoi Wikipedia, tá sé deacair an dearcadh dearfach atá i gceist i leith na rannpháirtithe a lochtú, gan trácht ar an leagan amach inrochtana, an ghné ilteangach, agus an bhéim ar an daonlathas. Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.