Tá go leor cainte déanta mar gheall ar thodhchaí Aer Lingus le blianta beaga anuas agus neart tuarasálacha scríofa, agus tá sé thar am ag an rialtas cinneadh a dhéanamh, dar le Breandán Delap.
Léirigh pobal Mhainistir na Corann do theaghlach Robert Holohan an lá a cuireadh é gur comharsanaigh mhaithe iad. Dhruid siopaí an bhaile mar chomhartha ómóis cé gurbh é an lá ba ghnóthaí trádála sa tseachtain. Ach bhí siopa amháin a d’fhan ar oscailt agus atá mar shiombail phaiteanta de luachanna an Tíogair Cheiltigh - Lidl. Tugann gnólachtaí ar nós Lidl luach a gcuid airgid do mhuintir na hÉireann, beag beann ar an mhaoithneachas. Riachtanais chorparáideacha seachas cúram an phobail atá mar an chloch is mó ar a bpaidrín.
Is i gcomhthéacs an chomhraic seo idir corparáideachas agus cúram pobail a chaithfear todhchaí Aer Lingus a mheas. Tar éis an tsaoil, táthar in iomaíocht dhíreach le haerlíne a chuaigh chun na cúirte le hiarracht a dhéanamh éalú óna gcuid freagrachtaí i leith daoine le míchumas. Cé gur léir go bhfuil an pobal fíorshásta leis an phraghas réasúnta a ghearrtar ar a gcuid aerthicéad, chuir cinneadh Aer Lingus gan taisí daonna nó páistí gan tionlacan a iompar déistin ar go leor. Go deimhin, tharraing scéal na gcorpán an oiread sin drochphoiblíochta gurbh éigean d’Aer Lingus a gcinneadh a chur ar ceal. Ba léir sa chás sin go raibh an pobal ag súil le caighdeán níos airde ón aerlíne náisiúnta. Táthar ag iarraidh go mbeadh Aer Lingus ábalta an dá thrá a fhreastal, idir riachtanais chorparáideacha agus chúram pobail. Dúshlán nach beag don Phríomhfheidhmeanach úr, shílfeá.
Cibé duine a cheapfar sa phost dúshlánach sin, ná bíodh sé/sí ag súil le mórán treorach ón Rialtas. Liosta le háireamh na botúin a rinne Martin Cullen agus é ina Aire Comhshaoil - idir vótáil leictreonach agus a chuid polasaithe i leith an chomhshaoil agus tithe aonair, gan trácht ar an scannal faoi bhronnadh chonradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid.
Ach i gcás Aer Lingus, ní thig locht a chur ar aon ní faoi leith a rinne sé; ach a mhalairt. Easpa gnímh is cúis leis an phrácás atá déanta de na ceisteanna cigilteacha uilig faoi thodhchaí na haerlíne.
Soitheach gan stiúir
Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige. Modh oibre uathphíolótach atá aige agus is soitheach gan stiúir í an aerlíne náisiúnta dá bharr. Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d’fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú. Tá sé ag tarlú cheana féin. I mí Eanáir, mar shampla, bhí laghdú 15% ar an líon suíochán a dhíol Aer Lingus i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
Anuas air sin, tá chóir a bheith trí mhí caite ó d’fhógair ardbhainistíocht Aer Lingus - an Príomhfheidhmeannach Willie Walsh, an Príomhoifigeach Airgidis Brian Dunne agus an Príomhoifigeach Oibriúcháin Seamus Kearney - go raibh siad ag éirí as a gcuid cúraimí. Cén fáth, mar sin, nár fógraíodh post an Phríomhfheidhmeannaigh go dtí lár mhí Eanáir tráth ar sceith an *Irish Times *go raibh rún ag an triúr diúlach aerlíne dá gcuid féin a bhunú a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le hAer Lingus? Fiú sa chás sin, ba ar an chúlbhinseoir Jim Glennon, seachas ar an Aire Cullen, a thit sé ceisteanna a ardú faoi choinbhleacht leasa.
Is é an rud a tharlaíonn de ghnáth i mórchomhlacht dá chineál ná a luaithe is a fhógraíonn feidhmeannach go bhfuil sé i gceist aige éirí as a phost, iarrtar air a dheasc a ghlanadh laistigh d’uair an chloig agus greadadh leis amach as an oifig. I Sasana bronntar “saoire ghairdín” ar oibrithe a bhíonn ag imeacht - is é sin íoctar iad as fanacht sa bhaile. Tarlaíonn sé seo ag leibhéal i bhfad níos sóisearaí fiú agus is scannal uafásach é go raibh teacht ag Príomfheidhmeannach comhlachta fho-stáit ar eolas rúnda ar feadh trí mhí a d’fhéadfaí a úsáid chun aimhleas na heagraíochta a dhéanamh. Go deimhin, chaithfí bheith in amhras faoi achan uile chinneadh a rinne lucht bainistíochta Aer Lingus ón uair a d’fhógair Willie Walsh agus a chuid comrádaithe go raibh rún acu ceannach bainistíochta a dhéanamh ar an chomhlacht. An lena leas féin nó le leas an chomhlachta a rinneadh na cinntí sin?
Tá Martin Cullen sa riocht céanna is a bhí Bill Clinton sna míonna deireanacha dá uachtarántacht. Bhí a Monicagate féin ag Cullen agus, dalta Clinton, bhí sé chomh sáite sin ina chuid fadhbanna pearsanta nach raibh a shúil ar an bhunchúram. Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh. Go leor ráite!
Ach ní bheidh rath ar Aer Lingus má leanann an rialtas lena easpa gnímh. Fís fhadtréimhseach a chinnteoidh go mbeidh rath ar an aerlíne sa todhchaí atá de dhíth, seachas sceach i mbéal bearna.
Thuigfeá don Aire Cullen dá mba rud é gur aniar aduaidh a tháinig na ceisteanna seo uilig air. Ach ní mór a mheabhrú go raibh socruithe á ndéanamh ceithre bliana ó shin le comhlacht poiblí a dhéanamh d’Aer Lingus. Bhí bunús na comhaireachta reatha ag plé leis an scéal ag an am agus ba cheart go mbeidís ar an eolas faoi na ceisteanna a ardaíodh an tráth sin, ceannach bainistíochta ina measc. Ach i ndeireadh ama, ba ar éigin a thóg Cullen na cosa leis ó fhiosrúchán Quigley faoi scannal Mhonica Leech agus drochsheans go mbeidh fonn air dul i ngleic le haon phlean conspóideach nach mbeadh glacadh ag na ceardchumainn leis.
Sochmhainní luachmhara
Níl mé a rá gur ceannach bainistíochta an rogha is fearr d’Aer Lingus. Tá siad ann a deir gur cheart don stát a chuid sochmhainní luachmhara a choinneáil. Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada?
Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
Is léir gurb é an chomhairle atá á tabhairt ag eacnamaithe na heite deise ná gur cheart an aerlíne a phríobháidiú. Thuigfeá drogall an Taoisigh faoi seo mar go raibh an cháil i gcónaí ar Aer Lingus gur “gníomhaireacht saothair Chathail Uí Eochaidh i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath” a bhí ann. Fiú má dhéantar cinneadh faoi phríobháidiú na haerlíne, is dócha gur i bprionsabal amháin a ghlacfar leis agus nach leagfar amach aon amchlár cinnte le hé a chur i bhfeidhm. Seans fosta, go mbeidh an rialtas ag iarraidh sciar dá scaireanna sa chomhlacht a choinneáil. Deir Tuarascáil Goldman Sachs, áfach, go mbeidh sé iontach deacair teacht ar infheisteoirí cuí agus níl aon dabht ach go gcuirfí leis an deacracht dá mbeadh an rialtas ag iarraidh lámh a choinneáil san aerlíne.
San idirlinn, tá sé práinneach go ndéanfaí infheistiú sa chomhlacht má táthar le bonn maith, seasmhach a chur faoi. Níl mé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh go fánach leis an chomhlacht, ná fiú gur cheart an €1 billiún a mhaígh Brian Dunne a bheadh de dhíth leis an loingeas a athnuachan a bhronnadh orthu. Ní haon Ghlas Ghaibhleann é an státchiste ar féidir airgead a shíorbhleán uaidh agus a chur isteach i soithigh gan tóin ar nós Aer Lingus.
Glacaim leis fosta gur tugadh slám mór airgid don chomhlacht cheana féin dornán blianta ó shin faoi Phlean Cahill. Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis. Tháinig athrú ó bhonn ar an aerlíne le roinnt blianta anuas agus is dea-shampla os comhair an tsaoil é mar chomhlacht fo-stáit atá ag feidhmiú go héifeachtach.
Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó fágfar in áit na leathphingine é. Tá an scéal amuigh nach dtig leis an rialtas lámh chúnta a thabhairt d’Aer Lingus mar go mbeidís ag sárú rialacháin iomaíochta na hEorpa. Níl fírinne ar bith leis sin. Mar úinéir an chomhlachta, tá láncheart acu a ladar a chur i dtodhchaí na haerlíne a fhad is atá rath air. Ní mór gníomhú go luath.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.