AGALLAMH BEO
Isolde Goggin
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá go leor cainte in Éirinn le cúpla bliain anuas ar na táillí arda atá le híoc acu siúd a bhfuil fón póca acu. Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus an earnáil teileachumarsáide sna nuachtáin arís le linn mhí Eanáir nuair a ghlac an Coimisiún Eorpach le réiteach nua an rialtóra Éireannaigh le tuilleadh iomaíochta a spreagadh sa tionscal fóin phóca.

Cuireadh fáilte roimh an socrú seo, a osclóidh an margadh trí iachall a chur ar chomhlachtaí mar 02 agus Vodafone rochtain ar a ngréasáin a thabhairt dá n-iomaitheoirí. Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.

Agus an tionscal fón póca á phlé sna meáin chumarsáide, is minic focail mar “fáisceadh” in úsáid agus claonpháirteachas praghsála á chur i leith na gcomhlachtaí móra.

Ar scála níos leithne, cáintear an earnáil teileachumarsáide i gcoitinne agus bíonn ceisteanna móra á gcur faoin moill atá in Éirinn ar leathnú úsáid an leathanbhanda agus díchuachadh na lúibe logánta. Cuirtear an milleán ar pháirtithe éagsúla: na comhlachtaí is cumhachtaí sna margaí, an tAire Cumarsáide, an t-infrastruchtúr. Ach ní éalaíonn an rialtóir ón gcáineadh ach an oiread. Is amhlaidh go gcuirtear easpa tola agus easpa gnímh ina leith go minic. Dála Fhianna Fáil, is léir go bhfuil neart déanta ag an rialtóir ach níos mó fós le déanamh.

Bhuail mé le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin, ina hoifig i siopalann *Irish Life *i lár chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí. Oifigí nua-aimseartha agus geala gan landairí atá iontu, saothair ealaíne ar na ballaí agus teacht ar an idirlíon acu siúd a bhíonn ag feitheamh ar choinne san fhorsheomra.

Is léir go bhfuil Goggin gnóthach nuair a chasaim léi toisc go meabhraíonn a cúntóir pearsanta dom nach mbeidh ach leathuair an chloig agam léi. Cuirim mo rabhchán ar siúl, ach tá Goggin lánsásta leanúint ar aghaidh ag freagairt mo chuid ceisteanna fiú tar éis don rabhchán bualadh. Cé gur bean í a bhfuil post mór tábhachtach aici, tógann sí an t-am le fáilte chroíúil a chur romham.

Agus tú i mbun cainte le Goggin, is é an chéad tréith a thugann tú faoi deara ná chomh héirimiúil is atá sí. Tá an tréith seo riachtanach sa phost atá aici toisc go bhfuil an obair chomh casta sin. Ní hamháin go bhfuil tuiscint ar chúrsaí teicniúla de dhíth (agus is léir gur bean theicniúil í - b’éigean di cuidiú leis an scríbhneoir seo nuair a bhí deacracht aici le deachtafón nua digiteach!), ach tá saineolas gnó agus dlí riachtanach de bhrí go bhfuil páirc dheacair le treabhadh ag an gcoimisiún ó thaobh dlí de.

“Ná déan dearmad ar an méid atá déanta ó thaobh dírialaithe de, sa tionscal fóin mar shampla,” a deir sí. “Bhí sé fíordheacair an próiseas sin a chur i gcrích le Telecom Éireann, mar a thugtaí orthu. Bhí frithbheart ollmhór ann. Níl an tasc chomh simplí le treoir a thabhairt do chomhlacht a ghréasán a oscailt. Is tasc fíorchasta é toisc gur gá na mionsonraí, téarmaí agus coinníollacha go léir a shocrú. Measaim gur éirigh linn, mar thír, dírialú sa mhargadh a bhaint amach. Gan amhras, tá tuilleadh oibre le déanamh in earnálacha faoi leith, ach táimid ag an staid anois go bhfuil margadh iomaíoch againn in earnálacha eile.”

Cé go n-aithníonn Goggin go bhfuil níos mó le déanamh ar son an ghnáth-thomhaltóra, tá sí an-sásta le cúrsaí cumarsáide san earnáil chorparáideach. Dar léi go bhfuil rátaí iomaíocha á bhfáil ag gnólachtaí móra sa lá atá inniu ann.

“Tá a lán airgid le déanamh san earnáil sin, is í an earnáil is brabúsaí,” a deir sí. “Táim sásta go bhfuil ár dtasc bainte amach inti agus gur féidir linn seasamh siar, mar rialtóirí, ag an bpointe seo.”

Bruachbhaile

Rugadh Goggin i mBaile Bhailcín, bruachbhaile in iar-dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath nuair nach raibh mórán ann ach “páirceanna agus sméara dubha!” Nuair a bhog a tuismitheoirí go dtí an ceantar sna caogaidí, ceantar tuaithe a bhí ann.

D’fhreastail sí ar an scoil áitiúil, Clochar Loretto ar Bhóthar Chromghlinne, scoil nár thaitin léi toisc go raibh na mná rialta “ródhian”.

Chloígh siad go daingean leis an gcuraclam i gcónaí agus ní raibh mórán ama againn lenár bhforbairt agus ár léitheoireacht phearsanta a dhéanamh,” a deir sí. Cé nár thaitin an mheánscoil léi, ba léir go raibh sí éirimiúil agus tháinig a cumas sna heolaíochtaí (an fhisic go háirithe) agus sa mhatamaitic chun cinn le linn di bheith ann.

“Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí teicniúla,” a deir sí. “Bhínn fiosrach. Deir mo mháthair go gcuirinn ceisteanna teicniúla uirthi de shíor! ‘Cad as a dtagann an solas nuair a bhrúnn tú ar an lasc?’ agus ‘Cén fáth a dtagann an t-uisce amach nuair a chuireann tú an sconna ar siúl?’ Bhíodh sí bréan díom agus de na ceisteanna sin!”

B’innealtóir é a hathair agus, trí chomhtharlúint, bhí sé ag obair san earnáil teileachumarsáide fosta - i mbun cúrsaí traenála in Telecom Éireann. Chinn Isolde ar a choiscéimeanna a leanúint, agus thug sí faoi chéim innealtóireachta a dhéanamh tar éis na scoile. D’fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide agus dhírigh sí ar an innealtóireacht leictreonach le linn na céime sin.

Is léir gur dream éirimiúil iad muintir Goggin. Is léachtóir matamaitice sna Stáit Aontaithe í a deirfiúr, tá a chomhlacht féin ag a deartháir (ag ullmhú pacáistí cianoideachais) agus oibríonn an “leanbh” (atá dhá bhliain is daichead d’aois!) le comhlacht airgeadais i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú ar fáil do chomhlachtaí beaga nuair nach bhfuil suim ag na bainc iontu.

An tionscal teilechumarsáide

Díreach tar éis na hollscoile, fuair Goggin post mar innealtóir leictreonach leis an monaplacht stáit Telecom Éireann. Le linn di bheith ansin, thug sí athrú faoi deara. Rith sé léi go gcuirfí níos mó béime ar chúrsaí tráchtála sa chomhlacht go luath.

“Bhí an dlí ag athrú agus bhí comharthaí ann go dtiocfadh an iomaíocht chun cinn go luath. Comhlacht teicniúil amháin a bhíodh in Telecom Éireann, ach bhí an taobh gnó ag éirí ní ba thábhachtaí. Chomh maith leis sin, bhí athrú ag teacht ar smior an ghnó é féin. Bhí réabhlóid ag tarlú maidir le nuálaíocht agus seirbhísí nua.”

Tháinig Goggin ar an tuiscint ansin go raibh géarghá le saineolas gnó sa tionscal agus thug sí faoi mháistreacht i riarachán gnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

“Titeann sé amach go minic, go háirithe i gcás céime mar chéim innealtóireachta, go mbíonn dearcadh an-chúng ag duine. Ní thuigeann sé rudaí taobh amuigh dá bhosca beag féin. Chonaic mé treocht ag teacht chun cinn agus cúrsaí tráchtála ag éirí ní ba thábhachtaí, agus ghlac mé le post mar bhainisteoir gnó le Telecom Éireann i 1986.”

B’am fíorshuimiúil é san earnáil teileachumarsáide, dar le Goggin, mar gur thuig go leor daoine go mbeadh athruithe ag teacht go luath. Go stairiúil, bhí smacht ar chúrsaí teileachumarsáide i lámha monaplachtaí stáit timpeall na hEorpa. De bharr athruithe sna Stáit Aontaithe i 1986 (nuair a tógadh AT&T os comhair na cúirte toisc go rabhadar ag feidhmiú mar mhonaplacht), tosaíodh ar athruithe a dhéanamh i dtreo dírialaithe timpeall na hEorpa. Scríobh an Coimisiún Eorpach páipéar glas ar an tionscal teileachumarsáide i 1987 inar cuireadh síolta na n-athruithe a tharlódh san earnáil sna blianta ina dhiaidh sin. Tosaíodh próiseasanna a thiocfadh chun buaice le briseadh chumhacht na monaplachtaí stáit, leithéidí British Telecom, Deutsche Telecom, France Telecom agus, dar ndóigh, Telecom Éireann.

I 1989, d’fhág Goggin a post le Telecom Éireann agus ghlac sí le post mar chomhairleoir don Choimisiún Eorpach. D’oibrigh sí le hArd-Stiúrthóireacht Shochaí an Eolais (DGXIII), an eagraíocht a spreagann taighde sa tionscal teileachumarsáide agus a fhorbraíonn rialacháin fosta. Le linn di bheith ag obair sin, ba é an t-ábhar sainspéise a bhí aici ná forbairt na bpolasaithe a bhaineann le húsáid satailítí. Chaith sí dhá bhliain i mbun na hoibre sin agus ansin d’fhill sí ar Éirinn le seal a chaitheamh ag obair mar bhainisteoir gnó le hEricsson i nDún Laoghaire.

“Ba thaithí thábhachtach dom é sin,” a deir sí, “toisc go raibh stíl bhainistíochta éifeachtach ag an gcomhlacht sin. Bhí Ericsson an-ghar don mhargadh, agus tuiscint íogair acu ar na hathruithe sa mhargadh. Nuair a bhí rudaí go maith, bhíodar siúd go maith. Ach nuair nach raibh cúrsaí go maith, d’fhéadfadh sé bheith fíordheacair. Tuigim anois cé chomh deacair is atá sé, uaireanta, airgead a thuilleamh san earnáil phríobháideach. Ní aithníonn daoine san earnáil phoiblí an rud sin go minic. Measaim gur sheas an taithí sin le hEricsson dom nuair a chuir mé isteach ar an bpost atá agam faoi láthair toisc go raibh an meascán sin de thaithí agam, idir na hearnálacha príobháideacha agus poiblí.”

I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás Iomaíochta. Cinntíonn an t-eagras seo nach bhfuil cleachtais fhríthiomaíocha ar súil in earnálacha éagsúla, mar shampla earnálacha a bhíodh faoi smacht an Stáit mar iomparárachas sláinte. Coinníonn an t-eagras súil ghéar ar ghníomhachtaí gnó fosta le go mbeidh siad in ann stop a chur le, mar shampla, éadálachacumaisc fhrithiomaíocha.

ComReg

D’fhág Goggin an post leis an Údarás Iomaíochta nuair a bunaíodh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) faoi acht Oireachtais in 2002. Rinne an t-acht seo socrú chun comhlacht a bhunú a dhíscaoilfeadh Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide (réamhtheachtaí an rialtóra reatha). Bunaíodh an chéad rialtóir i 1997 ach ní raibh ach duine amháin, Etain Doyle, ina bhun.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Jolie Blons Bounce, úrscéal le James Lee Burke.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

The Arctic Fox, beathaisnéis an Aimiréil Francis Leopold McClintock, fear as Dún Dealgan a bhain amach clú agus cáil mar thaiscéalaí san Artach sa 19ú haois.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol traidisiúnta, *punk rock *agus (le déanaí) ceol clasaiceach.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Diva, scannán Francach (ceoldráma, rómánsaíocht, dúnmharú …)

Cá dtéann tú ar saoire?

An Fhrainc agus, ar ndóigh, Gleann Cholm Cille!

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

B’fhéidir 15 nó 20 uair. Téim go dtí an Bhruiséal go minic.

Cén bhialann is fearr leat?

I mBaile Átha Cliath, is maith liom Havana, cóngarach do Shráid Camden. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is breá liom Ghan House, i gCairlinn, Contae Lú.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo náire, ní féidir liom smaoineamh ar éinne!

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

An aimsir, le déanaí! Is fuath liom na laethanta liatha seo.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

B’fhéidir 60. Caithim a lán ama gach deireach seachtaine ag léamh cáipéisí don tseachtain le teacht.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Easpa ama chun machnamh a dhéanamh roimh chinneadh. Is maith liom bheith cinnte go bhfuil gach gné den scéal curtha san áireamh againn.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an méid atá bainte amach agat?

Tá mé sásta. Tá an t-ádh liom: tá fear céile iontach agam, tá obair shuimiúil agus spreagúil agam, tá mo shláinte agam …

“In 2000, thosaigh an Roinn Fiontar Poiblí ag déanamh iniúchadh ar rialachas agus freagracht san earnáil phoiblí,” a deir Goggin. “Bhreathnaigh siad ar ról rialacháin agus rialtóirí i dtionscail éagsúla agus socraíodh go mbeadh coimisiún, seachas daoine aonair, níos éifeachtaí sa phróiseas cinntí. Mar sin, bunaíodh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide in 2002 agus Etain Doyle mar choimisinéir agus mar chathaoirleach an choimisiúin, agus ceapadh mé féin agus John Doyle mar choimisinéirí eile.

“Tá trí phríomh-chúram ar an eagras,” a deir Goggin. “Sa chéad dul síos, táimid anseo le cosaint a thabhairt don tomhaltóir. Mar shampla, cuirimid iachall ar na comhlachtaí fóin a dtáillí agus coinníollacha a fhoilsiú agus is gá dóibh cloí go daingean leo. Anuraidh, gearradh barraíocht ar chustaiméirí áirithe as táillí fóin agus chinntigh an coimisiún gur aisíocadh an t-airgead sin ar ais leo. Socraímid an teorainn praghais a ghearrann Eircom freisin. Bímid ag déileáil le gearáin an phobail chomh maith agus, de ghnáth, faighimid idir 50 agus 100 gearán in aghaidh na seachtaine.”

Mar a luadh níos luaithe, táthar ag súil go spreagfar tuilleadh iomaíochta sa mhargadh fón póca anois toisc go gcuirfear iachall ar aon chomhlacht a bhfuil a ngréasáin féin acu rochtain ar na gréasáin sin a thabhairt dá n-iomaitheoirí. Díolfaidh siad linte ar aghaidh ar bhonn mórdhíola le comhlachtaí mar Tesco, Virgin agus Carphone Warhouse (atá sa mhargadh fón póca ar an mbonn seo sa Bhreatain cheana féin). Tríd an bpróiseas seo, cruthófar soláthraithe fíorúla seirbhísí fón póca. Beidh níos mó comhlachtaí sa mhargadh, agus go teoiriciúil, gheobhaidh an tomhaltóir luach a chuid airgid.

De réir na hanailíse atá déanta ag an rialtóir, tá fianaise ann de “chlaonpháirteachas neamhinste” idir 02 agus Vodafone faoi láthair (dhá dhream a bhfuil 90% den mhargadh acu).

Lasmuigh den Ísiltír, íocann na hÉireannaigh táillí fóin phóca níos airde ná tomhaltóirí in aon stát Eorpach eile. Nuair a fógraíodh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh le linn mhí Eanáir, mhaígh 02 agus Vodafone go mbeadh drochthionchar ag an moladh ar iomaíocht sa mhargadh toisc go mbeadh orthu gearradh siar ar infheistíocht agus nuálaíocht. Nuair a cuireadh scéim cosúil leis an gceann atá molta anseo i gcrích sa Danmhairg, áfach, chonacthas ísliú de 25% ar tháillí fóin phóca.

Chuir grúpaí tomhaltóra agus an pobal i gcoitinne fáilte roimh an socrú seo. De réir dealraimh, is é an t-aon dream nach bhfuil sásta leis an scéim ná 02, Vodafone, Meteor agus, ach go háirithe Hutchinson, comhlacht Éireannach a bhfuil ceadúnas 3G díreach faighte acu.

An leathanbhanda

Cé go bhfuil neart oibre déanta ag an gcoimisiún maidir le seirbhísí nuálaíocha, go fóill féin tá an leibhéal rochtana ar sheirbhísí mar leathanbhanda ina chnámh spairne faoi leith sa tír seo. Tá sé fíor, mar a deir Goggin, go bhfuil méadú de 400% tagtha ar an ráta rochtana ar an leathanbhanda in Éirinn le bliain anuas. Ach, ní féidir neamhaird a thabhairt ar na fíricí a léiríonn go bhfuil Éire fós ag bun na dtáblaí Eorpacha ó thaobh an leathanbhanda de.

I mí an Mheithimh 2003 d’fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) staitisticí a léirigh nach raibh rochtain ar leathanbhanda ag ach .41% de dhaonra na hÉireann. Fágann seo gurb í Éire an cúigiú tír is measa i measc thíortha an ECFE ó thaobh leathanbhanda de (tá an Tuirc, an Pholainn agus an Ghréig i measc na réigiún is measa.) Tá dul chun cinn éigin déanta ó bhí 2003 ann - léiríonn figiúirí Rialtais go bhfuil 1.5% den daonra ag baint úsáide as an leathanbhanda anois (agus go raibh fás de 30% sa mhargadh in chuile cheathrú anuraidh), ach ní leor iad na figiúirí seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil ag éirí le tromlach na dtíortha ECFE níos mó ná 12% dá ndaonra a mhealladh i dtreo an leathanbhanda.

“Bhí moill in Éirinn ag an tús [le leathanbhanda],” a deir Goggin, “ach tá an scéal sin á réiteach anois. Is tosaíocht í an cheist seo don choimisiún anois.”

Faoi láthair, faigheann tromlach na gcustaiméirí in Éirinn a leathanbhanda ó Eircom. Tá tuairim is 100,000 custaiméir acusan agus is úsáideoirí baile 65,000 den dream sin. Tá sciar substaintiúil den mhargadh ag UTV agus Esat BT freisin. Tá iomaitheoirí eile mar Digiweb, Irish Broadband, Leap agus Ildána Teoranta sa mhargadh chomh maith. Cuireann siadsan roghanna satailíte agus roghanna gan sreang ar fáil do cheantair nach bhfuil fáil ar an leathanbhanda iontu.

Go dtí seo, níor ghlac iomaitheoirí Eircom, ach amháin Smart Telecom agus Esat BT, páirt sa phróiseas ar a dtugtar “díchuachadh na lúibe lóganta”. Is é an lúb logánta ná an tsreang chopair a ritheann ón teach nó oifig, nó cíbe áit ina bhfuil an t-úsáideoir, go dtí an lasc in oifig na gcomhlachtaí teileachumarsáide. Tá an tsreang seo de dhíth le líne fóin a chumasú le haghaidh leathanbhanda. Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta ag Eircom. Níl ach 2,500 den dá mhilliún líne atá ag Eircom díchuachaithe go dtí seo mar go bhfuil costas mór ag baint leis ó thaobh an infrastrúchtúir de.

“B’fhéidir nach dtabharfar faoin bpróiseas díchuachaidh go forleathan toisc go bhfuil costas ollmhór ag baint leis,” a deir Goggin. “É sin ráite, bhí moill ar an bpróiseas seo timpeall na hEorpa ag an tús agus ní fhacthas méadú substaintiúil, i ndáiríre, go dtí an bhliain seo caite. Is é an rud a tharla i dtíortha eile ná gur tháinig comhlachtaí isteach sa mhargadh ag ceannach táirgí mórdhíola ó na comhlachtaí iarstáit ag an tús. Ansin, tar éis dóibh sciar mhaith den mhargadh a fháil, rinneadar an infheistíocht sa phróiseas díchuachaidh. Tá gach seans go leanfar an cineál sin patrúin in Éirinn fosta.”

Níl aon dabht ach gur earnáil chasta í earnáil na teileachumarsáide. Ó thaobh na teicneolaíochta de, tá ráta athraithe agus ráta nuálaíochta an-ard acu. I dtéarmaí dlíthiúla, tá an t-uafás coinníollacha deacra le leanúint. In ainneoin mhéid na hoibre atá á dhéanamh ag an gcoimisiún, b’fhearr le Goggin muna mbeadh cuimhne ag an bpobal uirthi agus ar an gcoimisiún sa todhchaí.

“Is é an moladh is fearr a d’fhéadfaí a thabhairt dúinn ná gan fios bheith ag daoine go bhfuilimid ann. Bheinn sásta dá mbeadh margadh ann ina bhfeidhmeodh na comhlachtaí gan idirghabháil an rialtóra. Bheinn sásta muna mbeadh custaiméirí ag déanamh gearán mar go mbeadh comhlachtaí teileachumarsáide fíormhaithe ann. Léireodh a leithéid go raibh obair mhaith déanta agam féin agus ag an gcoimisiún.

“Dála cluiche peile, más drochchluiche é, is é an chuimhne is mó a bheidh agat ná an réiteoir ag rith thart ag séideadh a fheadóige. Más cluiche maith é, ní bhíonn cuimhne agat ar an réiteoir.”

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.