AR NA SAOLTA SEO
Nithe nár cheart dúinn a ligean i ndearmad
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tharla go leor rudaí éagóracha in Éirinn, thuaidh agus theas, le linn na haoise seo caite nár cheart dúinn, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill , a ligean i ndearmad.

Íomhá
Cuid den dream a bhí i láthair in Auschwitz ar an 27 Eanáir chun saoradh an champa 60 bliain ó shin a chomóradh
Íomhá
Éamon de Valera: dhiúltaigh sé dídean a thabhairt do na Giúdaigh

Is den íoróin é gur i gcomhthéacs an chuimhneacháin ar Auschwitz a tharraing an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa conspóid lena ráiteas faoin seicteachas ó thuaidh. Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d’fhág sé ar anam an chine dhaonna.

Ar ndóigh is cóir an t-uafás sin a choinneáil i gcuimhne i gcónaí, cé gur smál ar an gcuimhne sin an míleas polaitiúil a baineadh as an gcuimhneachán i mbliana, nuair a cuireadh an cogadh in aghaidh na Naitsithe i gcomparáid leis an bhforghabháil impiriúil ar a dtugtar “an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta”.

Ach más cóir uafás na Naitsithe a choinneáil i gcuimhne na ndaoine, is ceart chomh maith fréamhacha na biogóide agus an fhuatha in Éirinn a choinneáil ina gcuimhne. An té a dhéanann dearmad ar a stair, is í an athimirt an cluiche a bheas ar bun aige. In Éirinn na linne seo, áfach, is cosúil gur ceadmhach don Uachtarán an t-uileloscadh a thabhairt i gcuimhne ach nach ceadmhach di an seicteachas ó thuaidh a thabhairt i gcuimhne. Cén fáth?

Chuir torthaí suirbhé sa mBreatain a thug le fios nár chuala leath d’ógánaigh na Breataine faoi uafás Auschwitz alltacht ar thráchtairí áirithe sna meáin. Cuireann sin alltacht orm féin. Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach?

Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe. Seasann uafás an uileloiscthe ar ardán eile, in éindí le huafás Ruanda, cuir i gcás, nó le barbarthacht Stailín, nó le díothú na nAirméanach faoi lámha na dTurcach ag tús na haoise seo caite. Ach má tá béim le cur ar chuimhne ba cheart dúinn ráiteas úd James Craig - “A Protestant parliament for a Protestant people” - a choinneáil i gcuimhne, díreach mar ba cheart dúinn an chaoi ar thit daonra na bProtastúnach ó dheas tar éis bhunú an tSaorstáit a choinneáil i gcuimhne.

Céard a dúirt an tUachtarán?

Agus í ag labhairt i mBéarla ar an gclár Morning Ireland, mheabhraigh an tUachtarán do dhaoine go mbíodh an frithGhiúdachas coitianta san Eoraip ar feadh na gcéadta bliain roimh na Naitsithe. Bhaineadh sé le daoine a bhíodh den tuairim gur Críostaithe maithe a bhíodh iontu féin. “Ach thugadh siad fuath díchéillí ar Ghiúdaigh dá bpáistí ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine i dTuaisceart Éireann fuath díchéillí dá bpáistí, mar shampla, ar Chaitlicigh, ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine fuath náireach agus díchéillí dá bpáistí orthu siúd a raibh dath difriúil orthu agus na rudaí sin ar fad,” a dúirt sí.

Ba cheart dúinn cuimhneamh freisin ar an aitheantas speisialta a tugadh don chreideamh Caitliceach Rómhánach i mbunreacht de Valera. Agus, ós ag caint ar an bhfear fada atáim, níor ceart dúinn dearmad a dhéanamh, ach an oiread, gur dhiúltaigh de Valera dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a dteitheadh ó scrios na Naitsithe, agus gur phlab sé an doras ina n-aghaidh.

Cuimhne

Tá cuimhne bheag agam féin ba mhaith liom a roinnt libh. Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann. Is cuimhneach liom, agus mé i mo dhéagóir óg strampáilte i nDún Laoghaire, m’athair Vincent an scéilín seo leanas a inseacht dom faoi cheann de na postanna beaga a bhí aige féin agus eisean ina dhéagóir sa Tuaisceart sna 1940í.

Duine de bhunadh náisiúnach as Iúr Chinn Trá i gContae an Dúin a bhí ann. Fuair sé post mar ghiolla garáiste, tráth, agus é buíoch go maith d’fhear an gharáiste as é a thabhairt isteach, mar bhí an t-airgead gann sa mbaile agus ní raibh mórán oibre ar fáil ag an am. Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.

Lá amháin, agus fear an gharáiste as láthair ar ghnó éigin, thosaigh sé ag plé leis na huirlisí a bhí fágtha thart timpeall. Mar is dual don duine óg, bhí sé fiosrach, agus cheap sé gur bhreá leis bheith ina mheicneoir lá éigin, dá bhféadfadh sé. Ach ansin tháinig fear an tí ar ais gan choinne, agus nuair a chonaic seisean an rinse i lámha m’athairse tháinig cuthach feirge air.

“Leag uait an rinse sin,” a d’ordaigh mo dhuine. “Níl cead ag do leithéidí bheith ag plé le huirlisí.”

B’ansin a thuig m’athair an áit a bhí ceaptha dó sa tsochaí ó thuaidh. Bhí cead aige bheith ina ghiolla garáiste. Ní raibh cead aige bheith ina mheicneoir.

Is as Baile Átha Cliath d’Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4, agus mar chomhfhreagraí réigiúnach agus eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times.

Nóta ón Eagarthóir: Tá post nua faighte ag Uinsionn le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus, dá bhrí sin, beidh sé ag éirí as colúin a scríobh do *Beo! Guímis gach rath air sa phost nua sin.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.