Cé go raibh ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi fhuath na bProtastúnach ó thuaidh do na Caitlicigh amscaí, ní hionann sin is a rá nach raibh fírinne éigin ag baint leis, dar le Robert McMillen.
Bhí mé tuairim is ocht mbliana d’aois ag an am agus bhí m’athair ag iarraidh tuilleadh airgid a shaothrú dá chlann tríd fhrámaí a chur thart ar phictiúir. Sna seascaidí luatha bhí ráchairt mhór ar phictiúir den Phápa Eoin XXIII, JFK agus Miss Wong le Vladimir Tretchikoff.
An lá seo, bhí mé ag dul chuig teach mo mháthar móire agus pictiúr den Mhaighdean Mhuire a raibh fráma úrnua curtha ag m’athair air faoi m’ascaill agam.
Ag siúl síos Sráid Cupar, tháinig leaid óg, 15 bliana d’aois, b’fhéidir, a fhad liom.
“Cé sin?” a d’fhiafraigh sé.
“Muire,” a dúirt mise agus, leis sin, chaith sé sileog ar an phictiúr agus d’imigh leis.
Chuimhnigh mé ar an eachtra seo nuair a chuala mé focail Mháire Mhic Ghiolla Íosa, ag cur an dearcaidh a bhí ag Protastúnaigh i leith na gCaitliceach i gcomparáid le dearcadh na Naitsithe ar na Giúdaigh (agus samplaí eile den chiníochas).
In abairt nach ndéanfar dearmad choíche air, dúirt sí gur thug na Naitsithe dá gcuid páistí “an irrational hatred of Jews in the same way that people in Northern Ireland transmitted to their children an irrational hatred, for example, of Catholics ..."
Cad chuige ar chaith fear óg nár casadh riamh orm sileog ar mo phictiúr den Mhaighdean?
Ní fhoghlaimítear an seicteachas nó an ciníochas sa bhroinn. Tógtar an aicíd seo sa bhaile, sa chomharsanacht, i measc cairde agus tógtar é go hóg, mar atá léirithe ag an iliomad stáidéar. Tá sé fíor fá Chaitlicigh oiread le Protastúnaigh ach ní raibh Caitlicigh riamh san áit a dtiocfadh leo an seicteachas seo a fhí isteach i bpolasaithe rialtais, i gcleachtais fhostaíochta sa chuid is mo, agus i gcúrsaí tithíochta.
B’amaideach an mhaise don Uachtarán an idéolaíocht a bhí compordach le marú sé mhilliún Giúdach agus an frith-Chaitliceachas ó thuaidh a chur i gcomparáid lena chéile, go háirithe ar an lá a rabhthas ag comóradh na sléachtanna a rinneadh in Auschwitz.
Ní nach ionadh, ní róshásta a bhí ionadaithe Protastúnacha agus polaiteoirí aontachtacha.
B’éigean don Uachtarán leithscéal a ghabháil as an dóigh ar chuir sí a smaointe chun tosaigh, agus glacadh go fonnmhar leis an leithscéal.
Bhí ceannasaíocht an Oird Oráistigh ach go háirithe ar buile go sílfeadh an tUachtarán go raibh aon fhrith-Chaitliceachas beo beathach i measc na bhfear buí.
Agus smaoinigh mé arís ar Shráid Cupar. Seo an tsráid ar a siúladh an tOrd Oráisteach am ar bith ba mhian leo agus bhíodh eagla mhór orm agus mé i mo pháiste roimh na claimhte loinnreacha, na miotóga bána, na hataí osréalaíocha agus an fuath a bhíodh i súile na bhfear agus iad ag siúl thart liom.
Is í an fhadhb atá ann ná, mar gheall ar an fhíreántacht fá ráiteas an Uachtaráin, go mbeidh leisce orainn as seo amach labhairt ar an fhrith-Chaitliceachas a bhí mar bhunchloch an stáit ó thuaidh.
Níl a fhios agam an bhfuil an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa ar na daoine sin a d’aontódh leis an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich, nach maireann, a mhaígh gur tháinig 90 faoin chéad den seicteachas ó thuaidh ón phobal aontachtach.
D’fhill mé den tríú huair ar Shráid Cupar m’óige.
Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies. Ba thearc duine as mo cheantar féin, Cluain Ard, a raibh post aige sa mhonarcha taobh linn. Cad chuige sin? Nach raibh na scileanna ag bunadh Chluain Ard nó an raibh siad dofhoghlamtha acu? Nó an “an irrational hatred” a bhí ann nach ligfeadh d’ollfhostóirí mar Mackies gan ach dornán postanna a chur ar fáil do Chaitlicigh?
Fiú má bhí ráiteas an Uachtaráin amscaí, tá súil agam go dtosóidh sé díospóireacht fán seicteachas atá chomh beo bríomhar inniu agus a bhí sé nuair a tháinig gunnadóirí dílseacha trasna Shráid Cupar i 1969 le mo chomharsanaigh a dhó amach as a dtithe i Sráid Bombay agus i mo shráid féin, Kashmir Road.
Caithfidh muid uilig gan bheith róchosantach agus muid ag tabhairt aghaidhe ar fhadhbanna atá i bhfad níos bunúsaí na robáil £26.5 milliún ó bhanc.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*